Media Library

Speeches

Speech at Gaelscoil Mhic Easmainn

Tralee, Co. Kerry, 21st April 2016

A Dhaoine Uaisle,

A Chairde Gael,

Agus a bhuachaillí agus a chailíní ach go háirithe,

 

Ar an gcéad dul síos is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl do phobal Ghaelscoil Mhic Easmainn ar fad as ucht bhur gcuireadh dom féin agus do mo bhean Saidhbhín bheith libh inniu. Tá áthas orm an deis seo a bheith agam, mar Uachtarán na hÉireann, saol Ruairí Mhic Easmainn a chomóradh libh anseo i gCiarraí.

 

Bhí Ruairí Mac Easmainn ina thírghráthóir Éireannach, ach bhí sé ina fhile, ina thaidhdeoir, ina thaistealaí agus ina dhaonnúlach chomh maith. D'oibrigh sé ar son na cúise anseo in Éirinn, ach rinne sé an t-uafás do chosmhuintir an domhain le linn a thréimhse mar Oifigeach do Ghnóthaí Eachtracha na Breataine i gCongó na hAfraice, i Meireacá Theas agus in áiteanna eile nach iad chomh maith.

 

Cé nár throid Mac Easmainn le linn Seachtain na Cásca 1916, bhí ról lárnach aige sa phleanáil a tharla roimh ré. Chreid sé nach n-éireodh leis an Éirí Amach mura mbeadh rialtas na Gearmáine sásta cúnamh míleata a thabhairt do réabhlóidithe na hÉireann, agus chaith sé bliain go leith i bpríomhchathair na Gearmáine ag iarraidh an cúnamh sin a shocrú. Níor éirigh leis morán saighdiúirí a mhealladh chun troid ar son na hÉireann, ach d'éirigh leis cúnamh na Gearmáine a fháil i bhfoirm gunnaí agus armlóin.

 

Go deimhin, is ar an lá seo céad bliain ó shin, an t-aonú lá fichead (21ú) Aibreán, 1916 a rinne Mac Easmainn iarracht bád Gearmáineach a bhí lán le gunnaí, An Aud, a leagadh le balla ar Thrá na Beannaí.    Ní raibh sé ar bord na loinge, mar gur tháinig sé féin agus a chompánaigh i dtír níos luaithe sa ló, tar éis dóibh an turas ón Ghearmáin a dhéanamh ar fomhuireán. Ar an drochuair, níor éirigh leis an phlean a bhí acú, agus gabhadh Mac Easmainn. Tógadh go Londain é chun dul chun trialach de barr tréasa in aghaidh Impireacht na Breataine. Fuarthas ciontach é sa triail agus cuireadh chun báis é ar an tríú lá de mhí Lúnasa, 1916.

 

Mar a dúirt mé cheana, tá áthas orm an deis seo a bheith agam saol Mhic Easmainn a chomóradh, agus is íontach go bhfuil scoil lán-Ghaelach anseo i gCiarraí a bhfuil ainmnithe ina onóir. Thuig ceannairí 1916 an tábhacht a bhí, agus atá fós, ag ár dteanga agus ár gcultúr dúchais agus iad ag iarraidh neamhspleachais a bhaint amach. Bhí athbheochan na Gaeilge ina príomhaidhm ag na ceannairí agus bhí cuid mhór dá smaointeoireacht bunaithe ar fhís a léireodh Éire neamhspleách a mbeadh a teanga labhartha agus scríofa féin aici.Táim cinnte go mbeadh na ceannairí ar fad, agus Ruairí Mac Easmainn ach go háirithe, an-sásta go deo go bhfuil an Ghaeilge á fhoghlaim agus á úsáid ag glún óg Gael, céad bliain ó a d'íobair siad ar son na hÉireann.

 

Is mór an dúshlán é teanga a chur faoi chois, agus is mór an dúshlán fós é teanga a athbheochan. Cé go bhfuil sé deacair é a shamhlú, bhí ceithre mhilliún cainteoir Gaeilge ann in Éirinn dhá chéad bliain ó shin, ag tús an naoiú aois déag. Thit líon na ndaoine in Éirinn go tobaisteach thar chaitheamh na mblianta agus b'iad muintir na Gaeilge ba mheasa a buaileadh. Céad bhliain ó shin, de bharr tionchar an Ghorta Mhór and polasaithe an Rialtais i leith an oideachais agus na heisimirce, agus toisc go raibh an smaoineamh ann ag an am gur cheart an Béarla a úsáid i gcúrsaí gnó, dlí agus go forleathan i gcúrsaí creidimh, ní raibh ach leathmhilliún Éireannach ag maíomh go raibh cumas sa Ghaeilge acu. Sna cúinsí sin, is dea-scéala é, sa lá atá inniu ann, go bhfuil 2 mhilliún duine in Éirinn díobh ag maíomh go bhfuil cumas sa Ghaeilge - ach an dúshlán atá romhainn anois ná na daoine sin a spreagadh len í a úsáid. Cuireann sé gliondair i mo chroí nuair a bhuailim le páistí, le tuismitheoirí agus le múinteoirí cosúil libhse atá ag treabhadh i ngort na Gaeilge.

 

Tá lucht na Gaeilge ag tabhairt faoin athbheochan anois le nach mór céad fiche cúig bliain, ach níl san am sin i saolré teanga ach faiteadh na súlLe blianta anuas ta borradh tagtha ar líon na bpáistí, cosúil libhse, atá ag freastal ar scoileanna lán Ghaelach. Is láidir an bunús í sin don todhchaí. Tugann se sásamh faoi leith dhom go raibh páirt agam féin i bpolasaith teanga agus mé mar Aire Rialtais agus i go háirithe go ribh deis agam páirt a ghlacadh i mbunú TG4.Inniú tá an achmhainn fuinneamhach agus cruthaitheach lárnach in imeachtaí agus i gcumarsáid pobal na Gaeilge. Ní h-amháin sin ach tríd an ard-chaighdeán chraolacháin atá leagtha síos acu, tá siad ag mealladh h-iad siúd atá ar bheagáinín Gaeilge nó atá as cleachtadh le tamailín.

 

Maidir leis na staitisticí, ba cheart túr dóchais a bheith ionainn do phobal na Gaeilge sa mhéid is go bhfuilimid ag dul sa treo ceart. Tugann sé ardú croí dom nuair a fheicim an ghlún óg ag leanacht ar aghaidh le cur chun cinn na teanga agus mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom pobal na scoile seo ar fad, idir dhaltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí a mholladh as bhur dtiomantas agus as bhur ndílseacht d'ár dteanga, d'ár gcultúr agus d'fhís na daoine, ar nós Ruairí Mhic Easmain, a d'éirigh amach céad bliain ó shin, le linn Seachtain na Cásca 1916.

 

Go raibh míle maith agaibh go léir, agus go d'téigh sibh slán.