Media Library

Speeches

Óráid an Uachtaráin ag bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016

Salthill Hotel, Galway, 13th May 2016

A Dhaoine Uaisle agus a Chairde Gael,

Is cúis áthais agus onóra dom a bheith i bhur dteannta anocht ag an ócáid bhliantúil seo, bronnadh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais.  Tá sé tráthúil go bhfuil an searmanas seo ar siúl i nGaillimh, áit atá aitheanta mar lár-ionad na meán Gaeilge agus go deimhin mar    Chathair Scannán UNESCO.  Cuirim fáilte agus fiche romhaibh go léir agus tá mé cinnte go mbainfidh sibh taitneamh as an oíche.  Ba mhaith liom mo bhuíochas pearsanta a chur in iúl d’Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, Ray Mac Mánais; don Chathaoirleach Máirín de Brún; don Stiúrthóir Liam Ó Maolaodha; agus don leas-Stiúrthóir, Máirín Nic Dhonnchadha as ucht caoinchuireadh a thabhairt dom chuig an ócáid seo.  

Tá mé an-sásta go raibh sé ar mo chumas a bheith libh i mbliana - mar is eol go maith do Liam agus a fhoireann, ar an drochuair tharla sé cheana nach raibh mé in ann freastal ar an ócáid thábhachtach seo mar gheall ar chúrsaí dialainne.  Tá ríméad orm bheith i láthair anocht ar dhá chúis ar leith: ar an gcéad dul síos, faoin dlúthcheangal idir an tOireachtas agus comóradh 1916; agus, ar an darna bealach, maidir le cuimhní pearsanta atá agam ar cheann de na buaiteoirí móra anocht.  Ar mhaithe leis an tsuim agus an teannas a spreagadh, ní dhéarfaidh mé tuilleadh faoi na cuimhní sin go dtí níos deireanaí!  

Ag dul siar go dtí bliain a bhunaithe in 1897, tá clú agus cáil ar Oireachtas na Gaeilge mar phríomhfhéile bhliantúil na nGael.  Tá fás agus forbairt tagtha ar an bhféile mhór seo thar na blianta agus is iomaí ruaim atá ar a shlat aici anois ar a n-áirím Comórtais Liteartha an Oireachtais, Léacht Bhliantúil an Oireachtais agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais. 

Ó cuireadh tús le Gradaim Chumarsáide an Oireachtais sa bhliain 1999, tugann na comórtais sin deis dúinn ceiliúradh ar leith a dhéanamh ar an tsár-obair atá ar bun in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain.  Tugtar aitheantas do chraoltóirí, d'iriseoirí, d'aisteoirí, do láithreoirí teilifíse agus raidió, agus do lucht déanta clár atá tar éis éacht a bhaint amach sa bhliain roimhe sin. 

Tá mé thar a bheith sásta a chloisteáil go bhfuil na gradaim ag dul ó neart go neart agus dá réir sin, go mbíonn an ócáid seo ar cheann de na buaicphointí d’fhéilire na Gaeilge gach bliain. 

Tá sé tábhachtach éachtaí, sár-iarrachtaí agus ardchaighdeán saothair a aithint i ngach gné dár saol – ní hamháin go dtugann aitheantas dá réir ardú meanma agus spreagadh do na buaiteoirí ach ardaíonn sé an caighdeán i gcoitinne.  Sa chomhthéacs sin beidh aon ghradam déag le bronnadh ag Oireachtas na Gaeilge anocht - Sraith Teilifíse; Scannán/Clár Teilifíse; Craoltóir Teilifíse; Aisteoir; Clár/Sraith Raidió; Craoltóir Raidió; Iriseoir/Colúnaí; Láithreán Gréasáin; Réalta Óg; Gearrscannán agus Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais. 

Caithfidh mé a rá, ag breathnú ar chaighdeán na n-iomaitheoirí ar na gearrliostaí, is léir dom go raibh dúshlán mór os comhair na moltóirí oilte.

Cé go bhfuil ardghradam ag baint leis na catagóirí ar fad, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi dhá chatagóir ar leith. Bhí mé thar a bheith tógtha gurb é an pobal féin a roghnaigh na hiarrthóirí sa chatagóir Réalta Óg na Bliana.  Sa chomórtas seo, tugtar aitheantas do shaothar agus do thallann na glúine óige nua, idir craoltóirí, aisteoirí, iriseoirí, colúnaithe agus blagálaithe atá ag teacht chun cinn in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge agus a léiríonn bua speisialta faoi leith.  Is cúis áthais go bhfuil ardú suntasach ag teacht ar líon na ndaoine óga atá ag léiriú suime san earnáil seo agus go bhfuil ardú suntasach ag teacht ar na deiseanna atá ar fáil dóibh anois.  Is breá an rud é go bhfuil siad in ann fanacht sa tír seo, ag obair trína dteanga dhúchais, seachas iallach a bheith orthu na buanna sin a thabhairt leo thar sáile.  Guím gach rath ar a gcuid saothar mar, gan amhras ar bith, tá todhchaí na meán cumarsáide Gaeilge i lámha an aosa óig seo.

An dara comórtas gur mhaith liom a lua ná an Comórtas Gearrscannáin, a chuireann ardán nua ar fáil don chéad uair i mbliana d’ealaíon an ghearrscannáin.  Tugann an chatagóir seo deis iontach do scannánóirí Gaeilge a gcuid saothar agus tallainne a chur os comhair an mhórphobail agus na meán Gaeilge araon.  Cé go mbeidh tábhacht ag baint leis an bhfocal scríofa i gcónaí, creidim go láidir go mbaineann cumhacht ar leith le gearrscannáin chun stáitse agus glór a thabhairt do scéalta sóisialta an lae mar aon le smaointeoireacht nua.  

Glactar leis go bhfuil an cine daonna ag brath ar ocsaigin, uisce agus beatha chun maireachtáil ach, ina dhiaidh sin, is é mo thuairim mheáite go bhfuil muid ag brath go hiomlán ar chumarsáid freisin, bíodh sí ó bhéal, i scríbhinn nó i bhformáid eile ar fad.  I gcomhthéacs an tseanfhocail, ‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’, is saibhre sinn mar phobal nuair a roinneann muid smaointe, mothúcháin, eolas agus scéalta lena chéile. 

Baineann dúshlán le cumarsáid, ní hamháin chun an scéal a insint ach chun a chinntiú go bhfuil an teachtaireacht faighte ar an taobh eile.  Tá ról criticiúil ag cúrsaí cumarsáide i gcás teangacha freisin, go háirithe iad siúd atá faoi bhrú ag teangacha domhanda. 

Is féidir leis na meáin chumarsáide ról dearfach a ghlacadh i gcúrsaí teanga.  Anuas ar chaighdeán teanga a chinntiú agus eolas a scaipeadh, is féidir leo úsáid na teanga agus meas uirthi a spreagadh trí bhealaí pléisiúrtha, tarraingteacha, comhaimseartha a chur ar fáil don lucht éisteacha idir óg agus aosta.  Is í sin an obair atá á gceiliúradh againn anocht.

Luaigh mé níos túisce an dlúthcheangal idir an tOireachtas agus comóradh 1916.  Áirím anseo ról an Phiarsaigh mar Rúnaí an Oireachtais agus an bonn óir a bhuaigh Éamonn Ceannt.  I ndáil leis an bhfís go mbunófaí Éire láidir neamhspleách agus gaelach, ní haon ionadh dúinn go raibh cúigear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta gníomhach le Conradh na Gaeilge - Pádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt, Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donnchadha agus Seosamh Pluincéad. 

Sa chomhthéacs sin, tá sé tráthúil nach bhfuil dearmad déanta ar chomóradh bhliain stairiúil 1916 i nGradaim Chumarsáide an Oireachtais 2016. Tá an téama le feiceáil tríd an ngearrliosta anocht, mar shampla, i measc na n-ainmniúchán do Shraith Teilifíse na Bliana tá 1916: Seachtar Dearmadta de chuid Abú Media agus i measc na n-ainmniúchán do Scannán/Clár Teilifíse na Bliana tá Sheehy Skeffington: Síochánaí de chuid Dearcán Media.  Feictear dom go mbeadh an Ghlúin Réabhlóideach bródúil as an ócáid seo anocht in iarthar na hÉireann agus muid ag céiliúradh torthaí na hoibre mar a bhaineann lenár gcultúr agus lenár dteanga dhúchais.  

Anois ag filleadh ar mo thagairt do chuimhní pearsanta atá agam féin ar dhuine de na buaiteoirí móra anocht…. Is údar áthais faoi leith dom Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais a bhronnadh ar TG4 i mbliana.  Comhghairdeas ó chroí libh.  Tá bunú TG4, nó Teilifís na Gaeilge mar a bhí air ag an tús, ar cheann de na nithe is tábhachtaí a tharla, ní hamháin ó thaobh na Gaeilge di, ach ó thaobh na craoltóireachta freisin, le linn dom a bheith i m’Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. 

Ag breathnú siar ach go háirithe, ba ghníomh réabhlóideach a bhí ann nuair a thosaigh Teilifís na Gaeilge ag craoladh Oíche Shamhna i 1996 le linn Oireachtas na Samhna.  I mbliana tá 20 bliain de chraoltóireacht chruthaitheach, samhlaíoch, nua-aoiseach déanta ag TG4.  Chuir sé roimhe ‘Súil Eile’ a thabhairt dúinn ar ár léargas ar an saol  agus níl aon amhras orm ach go bhfuil sé sin bainte amach aige, go paiseanta agus go healaíonta, agus go bhfuil athrú as cuimse tagtha ar thionscal na cumarsáide i gcoitinne dá bharr.  Mar sin, tá Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais tuillte ag TG4 agus tréaslaím le gach duine atá agus a bhí rannpháirteach i mbaint amach na físe úire don stáisiún.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a raibh baint acu le heagrú na gcomórtas agus leis na rannpháirtithe iad féin.  Tréaslaím libh as an obair den scoth atá déanta agaibh le bliain anuas agus guím gach ádh ar bhur saothair sa bhliain nua amach romhaibh.  

Go raibh míle maith agaibh go léir.