Media Library

Speeches

ÖRÅID DON UACHTARÅN AGUS AMHARCLANN AGUS NAïONRA NAITHï Å OSCAILT

9 NOLLAIG, 1993.

A Chathaoirligh, a dhaoine uaisle agus a pháistí,

 

Tá mé buíoch don Chathaoirleach Nollaig Ö Meachair agus don Choiste Forbartha as cuireadh a thabhairt dom bheith libh chun Amharclann agus Naíonra Naithí a oscailt go hoifigiúil.

 

Is mór an pléisiúir dom chomh maith deis a bheith agam bualadh leis an bPríomhoide Páraicín Ní Mhaolain, le múinteoirí, leis an mBord Bainistíochta agus le daltaí.

 

Tá fhios agam gur oibrigh sibh ar fad go crua agus go deonach chun airgead a chur le chéile don amharclann seo.  Nach brea an

t-amharc í an t-Amharclann!

 

Is maith liom freisin gur trí chomhoibriú idir an scoil agus an pobal atá an obair seo ar fad déanta agus go bhfuil na h-áiseanna breatha atá anseo ar fáil don phobal chomh maith le páistí na scoile.

 

Tá líon na scoileanna lán Ghaeilge ag méadú ó bhliain go bliain anois agus tugann sé sin dóchas dúinn go léir go bhfuil labhairt na Gaeilge ag méadú freisin.  Agus céard is féidir a rá faoi na naíonáin!  Nach íontach an rud é go bhfuil an Naíonra álainn seo acu anois chun Gaeilge a bheith acu ón gcliabhán.  Ní fada anois go mbeidh siad anseo ar an stáitse san amharclann agus is gearr ina dhiaidh sin go mbeidh siad ar an teilifís - Teilifís na Gaeilge!

 

I am pleased to note that Scoil Naithí is dedicated to achieving the highest standards of excellence in education through Irish.  

 

As you know I, myself, am deeply committed to the promotion of the language which is such an integral part of our heritage, our personality and our culture.

 

The growth of the Gaeilscoil movement is a source of great hope and pride to all who cherish our language.

 

The completion of Amharclann Naithí represents the fulfilment of an aspiration of this community to provide first class facilities for physical education, language development and the arts.  This fine theatre will be used, not only by the pupils of Scoil Naithí, but also by the Irish speaking community of South East Dublin.  And, in fact, these excellent facilities have been enjoyed already by Comhaltas Ceolteoirí Éireann, R.T.E. and local drama groups.

 

It is very evident also that the Principal, Páraicín Ní Mhaoláin, and the teachers of Scoil Naithí appreciate the value and significance of drama and of how it can play a pivotal role in the education of their young pupils.

 

The continuity of every school depends on the intake of young pupils.  Naíonra Naithí now assures the future of Gaelscoil Naithí.

 

A pháistí, is breá liom bualadh libh.  Tá mé cinnte deo go bhfuil sibh go léir ag obair go dian ar scoil agus ag baint aoibhnis as teanga na Gaeilge.  Guím Rath Dé oraibh i gcónaí.

 

A thuismitheoirí, gabhaim buíochas libh as ucht na tacaíochta atá tugtha agaibh don scoil.  Tá mé cinnte dearfa de go mbeidh dea-chaidreamh i gcónaí idir sibh féin agus múinteoirí dílse Scoil Naithí.

 

Mar chríoch ansan, molaim go háirithe An Coiste Forbartha, An Coiste Scéimhe, An Bord Bainistíochta agus iad siúd uile a bhí páirteach i bpleanáil na hoibre agus a thug tacaíocht don bhfeachtas.

 

Tá áthas orm Amharclann agus Naíonra Naithí a fhógairt ar oscailt go hoifigiúil.

 

Go raibh míle maith agaibh.