Media Library

Speeches

AITHEASC AN UACHTARÁIN, MARY ROBINSON AR ÓCÁID A CUAIRTE AR OIREACHTAS RINCE NA CRUINNE

AITHEASC AN UACHTARÁIN, MARY ROBINSON AR ÓCÁID A CUAIRTE AR OIREACHTAS RINCE NA CRUINNE I HALLA UÍ RAGHAILLAIGH COLÁISTE

Is cúis áthais dom a bheith anseo libh ar maidin ar an ócáid thaithneamhach seo agus tá mé fíorbhuíoch don Choimisiún le Rincí Gaelacha as cuireadh a thabhairt dom. Is spreagadh dúinn an líon mór iarrthóirí atá páirteach in Oireachtas Rince na Cruinne i mbliana agus tréaslaim leo uile. Is gné thábhachtach dár gcultúr agus dár n-oidhreacht ár rincí Gaelacha. Tá mhór á léiriú ag an aosóg iontu agus tá páirt ghníomhach á glacadh acu sna comortáis rincí. Tá mé cinnte go ndéanfar an traidisiún náisiúnta sin a chaomhnú agus a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile.

It is particularly encouraging to see so many young people from all over the world participating in this year's competitions of which there are twenty nine. Among the competitors there are representatives from Britain, The United States, Canada, Australia and New Zealand. In order to qualify for entry to the competitions the finalists had to compete at regional and national competitions in their own countries and I commend them for their effort and commitment. Having attained the high standards required for qualification each finalist can be proud of his or her achievement.

It is important that Irish communities throughout the world maintain and develop their links with Ireland and with its language, culture and heritage. Irish dancing provides an important link with Ireland for the Irish abroad. These young competitors, their families and their teachers display a special zeal and love of Irish dancing and culture and we heartily congratulate them one and all.

Bhunaigh Conradh na Gaeilge An Coimisiún le Rincí Gaelacha i 1929 chun na rincí Gaelacha a chaomhnú agus a chur chun cinn. Faoi láthair tá níos mó ná 350 muinteoirí rince cáilithe in Éirinn, 200 sa Bhreatain, 400 sna Sáit Aontaithe agus Ceanada, 120 san Astráil agus 30 sa Nua-Shéalainn agus tá an ráta fáis ag méadú ó bhliain go bliain. Tá spéis sa rince Gaelach ag méadú de réir a chéile ar Mhór Roinn na hEorpa agus ní foláir nó go mbeidh scoileanna rince Gaelacha ar fáil go forleathan san Aontas Eorpach sna blianta atá romhainn.

Tá súil agam go bhfuil sult agus tairbhe á bhaint as an ócáid ag gach duine atá páirteach in Oireachtas Rince na Cruinne i mbliana, go háirithe ag ár gcuairteoirí ó thar lear. Is ón mBreatain a thagann faoi 35% agus is as Meiriceá Thuaidh idir 15% agus 18% de na hiarrthóirí atá i láthair. Ní ceart dearmad a dhéanamh ar chairde agus ar lucht tacaíochta na n-iarrthóirí sin ná ar na daoine atá anseo linn agus nach bhfuil baint acu le rinceoirí ar leith ach go bhfuil spéis acu sa rince Gaelach. Tá fáilte ó chroí romhaibh uile.

Dancing is not only a joyous form of self-expression but it contributes in an important way to the personal development of young people. Irish dancing nurtures a unique sense of identity and belonging and its continuance and growth is important. I am confident, in view of the commitment and dedication displayed by the contestants during this week's competitions that Irish dancing is firmly established and will go from strength to strength at home and abroad during the coming years.

Is cúis áthais dom a bheith anseo libh ar maidin ar an ócáid thaitneamhach seo agus tá mé fíorbhuíoch don Choimisiún le Rincí Gaelacha as cuireadh a thabhairt dom. Is spreagadh dúinn ar fad an líon mór iarrthóirí atá páirteach in Oireachtas Rince na Cruinne i mbliana agus tréaslaim leo ar fad. Is gné thábhachtach dár gcultúr agus dár n-oidhreacht ár rincí Gaelacha. Tá suim mhór á léiriú ag an aosóg iontu agus páirt ghníomhach á glacadh acu sna comórtais rincí. Tá mé cinnte go ndéanfar an traidisiúin náisiúnta sin a chaomhnú agus a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile.

Tuigim an mheas atá ag Éireannaigh ar fud an domhain ar rincí na hÉireann agus an bhród atá acu astu. Nuair a bhí mé i Sasana le déanaí thug mé cuairt ar na hionaid chultúrtha Éireannacha i Leeds, Manchester agus Birmingham agus mhothaigh mé an bhród seo nuair a cuireadh taispeántas rince ar siúl dom.