Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoin tine i Londain
Dáta: Céa 14 Mei, 2017 | 12:30
Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis a chomhbhrón a chur in iúl dóibh siúd atá buailte leis an tine mhillteanach i dTúr Grenfell i Londain.
“Thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do na clanna a bhfuair daoine muinteartha leo bás nó ar gortaíodh iad nó ar chuir an tragóid uafásach seo isteach orthu.
Táimid ag smaoineamh orthu siúd go léir atá faoi bhrón nó ag fulaingt ag an am gruama seo.
Tá sé iarrtha agam mé a choinneáil ar an eolas de réir mar atá tuilleadh eolais ag teacht chun cinn.
Beidh mé ag scríobh chuig Méara Londan, Sadiq Khan, chun comhbhrón agus tacaíocht mhuintir na hÉireann a chur in iúl.”
