Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar na hionsaithe in Las Vegas

Dáta: Lua 2 Dei, 2017 | 17:11


 “Bainfear suaitheadh as daoine ar fud an domhain mar gheall ar an slad uafásach a rinneadh ar dhaoine, idir óg agus sean, a bhfuil dúil acu sa cheol, ag ócáid phoiblí in Las Vegas.
 
Ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dóibh siúd go léir ar bhásaigh daoine muinteartha leo nó ar chuir an tragóid bhrúidiúil seo isteach orthu.
 
Tá muintir Nevada agus na Stát Aontaithe inár gcuimhne anseo in Éirinn agus i gcuimhne na nÉireannach san Stáit Aontaithe ag an am tragóideach seo.”