linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Saidhbhín Uí Uigínn Diary
Téigh ar Ais

Fáiltíonn an Uachtarán roimh Phríomh-Aire Cheanada An tUas. Justin Trudeau

Tuesday, 04th July, 2017

Am: 15:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin


Ar an 4 Iúil, chuir an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáilte roimh Phríomh-Aire Cheanada, an tUasal Justin Trudeau.
 
Thosaigh an ceangal idir Éirinn agus Ceanada sa 16ú haois, agus bhí 400,000 Éireannach socraithe i gCeanada roimh an nGorta Mór sna 1840idí. Thaistil gar do 90,000 duine as Éirinn go Ceanada sa bhliain 1847 féin, agus bhásaigh níos mó ná 15,000 díobh sin. Sa lá atá inniu ann, deir tuairim is 4.5 m cónaitheoir i gCeanada, nó 14% de dhaonra iomlán na tíre, go bhfuil ceangal eitneach acu le hÉirinn.