linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Saidhbhín Uí Uigínn Diary
Téigh ar Ais

Cuireann an tUachtarán Crann, mar chuid den tionscadal “Giants Grove”

Friday, 21st April, 2017

Am: 12:30

Suíomh: Caisleán Bhiorra, Uíbh Fhailí

Sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tionscadal 'Garrán na bhFathach', an garrán is mó sa domhan de chrónghiúisí ollmhóra taobh amuigh de California. Is tionscnamh de chuid úinéirí Chaisleán Bhiorra, An Tiarna agus an Bhantiarna Rosse, i gcomhar le 'Crann – Crainn d’Éirinn' atá i bplandáil na gcrónghiúisí, agus cuirfear gach crann ar leith in ainm duine den diaspóra Éireannach – daoine atá ina gcónaí thar lear, chomh maith le daoine atá ina gcónaí anseo anois.   

Chuir an tUachtarán crann agus chonaic sé searmanas gearr ina raibh tionlacan ceoil.