Amfaitéatar Chloch Shiurdáin á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán
Friday, 21st April, 2017
Am: 16:00
Suíomh: Cloch Shiurdáin, Tiobraid Árann
D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Amfaitéatar Pobail Chloch Shiúrdáin Dé hAoine 21 Aibreán.
Snoíodh an t-amfaitéatar ó thírdhreach Thiobraid Árann sa chéad sráidbhaile éiceolaíoch in Éirinn, agus ba é Cloughjordan Arts CLG, cuideachta neamhbhrabúis, a thóg é.
Tá inscríbhinn chomórtha cuimsithe ann in onóir Thomáis Mhic Dhonnchadha, de bhunadh Chloch Shiúrdáin, a bhí ar dhuine de shínitheoirí Fhorógra 1916.


Téigh ar Ais