linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Saidhbhín Uí Uigínn Diary
Téigh ar Ais

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin do Chomhaltaí atá ag freastail ar Chomhdháil Dhomhanda na nIúdach

Monday, 21st November, 2016

Am: 17:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Reáchtáil an tUachtarán fáiltiú do thoscairí a bhí ag freastal ar Chomhdháil Dhomhanda na nGiúdach, eagras idirnáisiúnta atá ionadaíoch do phobail Ghiúdacha ar fud an domhain. Ina aitheasc, labhair an tUachtarán ar fhás na heagla, na héadulaingthe agus na heaspa comghéillte agus ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis na treochtaí sin.   

Thug an tUachtarán le tuiscint go gcuireann prionsabail uilíocha chearta an duine, chomh maith le traidisiún Giúdach an uilíochais, na luachanna agus an bonn eiticiúil ar fáil dóibh siúd go léir ar mian leo domhan níos fearr a thógáil.