linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Saidhbhín Uí Uigínn Diary
Téigh ar Ais

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, le Cóisir sa Gháirdín do Theaghlaigh            

Sunday, 25th June, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Ba “Lá Teaghlaigh” a bhí sa tríú Cóisir Gairdín a d’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín an samhradh seo.

Tugadh cuireadh do dhaoine ó gach cearn d’Éirinn mar aíonna onóra ag an imeacht seo, le hómós a thabhairt don ghrá, don chairdeas agus don dlúthpháirtíocht a shnaidhmeann le chéile muid mar mhuintir agus mar náisiún.

Coinníonn na Cóisirí Gairdín bliantúla in Áras an Uachtaráin leis an traidisiún ar cuireadh tús leis le linn uachtaránacht Dhubhghlas de hÍde.

Tá ocht n-imeacht dá leithéidí á n-eagrú ag an Uachtarán Ó hUigínn agus ag a bhean Saidhbhín, agus fáilte á cur roimh 4,000 duine, a bheag nó a mhór, chuig Áras an Uachtaráin.