An tUachtarán agus Saidhbhín ag glacadh páirt in “Uair ar son an Domhain 2017”
Saturday, 25th March, 2017
Am: 20:30
Suíomh: Áras an Uachtaráin
I ngotha siombalach chun léiriú gur féidir gníomhartha duine aonair dul i bhfeidhm ar an domhain mhór, beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ag marcáil "Uair ar son an Domhain 2017" trí na soilse in Áras an Uachtaráin a mhúchadh.
Le linn "Uair ar son an Domhain 2017" múchfar gach solas neamhriachtanach in Áras an Uachtaráin, seachas solas an Uachtaráin a lonraíonn ó fhuinneog d’eisimircigh na hÉireann agus a sliocht.


Téigh ar Ais