linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Saidhbhín Uí Uigínn Diary
Téigh ar Ais

An tUachtarán Ó hUigínn ar cuairt ar cheanncheathrú New Zealand Rugby

Tuesday, 24th October, 2017

Am: 16:00

Suíomh: Wellington, An Nua-Shéalainn

Ar an dara lá dá Chuairt Stáit ar a Nua-Shéalainn, thug an tUachtarán Micheal D. Ó hUigínn cuairt ar cheanncheathrú New Zealand Rugby in Wellington.

Rinne an tUachtarán bronnadh speisialta ar Chumann Rugbaí na Nua-Shéalainne in onóir an Éireannaigh, Dave Gallaher, an chéad chaptaen ar fhoireann chamchuairte  na All Blacks, agus comóradh céad bliain á dhéanamh ar a bhás in Passchendaele ar an 4 Deireadh Fómhair 2017. Bhí an tUasal Gallaher ina chaptaen ar fhoireann na Nua-Shéalainne in 1905 ar a chuairt ar an mBreatain, ar an bhFrainc agus ar Mheiriceá Thuaidh. Ba é seo an chéad uair a baineadh úsáid as an ainm ‘All-Black’ ar fhoireann rugbaí na Nua-Shéalainne agus ba é an chéad uair, freisin, a chuaigh an fhoireann ar thuras amach as an Astraláise.

Labhair an tUachtarán faoin gceangal idir Éire agus an Nua-Shéalainn i gcúrsaí rugbaí, agus luaigh sé Dave Gallaher agus Joe Schmidt, chomh maith leis na Black Ferns, an fhoireann a thug an chraobh dhomhanda leo le gairid i mBéal Feirste, os comhair an tslua is mó a d’fhreastail riamh ar chluiche rugbaí na mban.

Thapaigh an tUachtarán an deis chomh maith le tacaíocht na Nua-Shéalainne a lorg le haghaidh iarracht na hÉireann an Craobhchomórtas Domhanda sa Rugbaí a reáchtáil in 2023, agus dhearbhaigh sé do Chumann Rugbaí na Nua-Shéalainne go raibh tacaíocht ann ón bpobal don iarracht agus luaigh sé go dtugann an rugbaí daoine le chéile ar oileán na hÉireann.

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag taibhiú cultúrtha agus fáiltiú don phobal Éireannach

Sunday, 29th October, 2017

Am: 14:00

Suíomh: An Músaem um Chuimhneachán Chogaidh, Auckland, An Nua-Shéalainn

An important part of the State Visit to New Zealand is the outreach to the Irish communities in the country.

Leagann an tUachtarán bláthfhleasc ag an Leacht Cuimhneacháin Náisiúnta do Chreatha Talún…

Thursday, 26th October, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Christchurch, An Nua-Shéalainn

... Chanterbury  

 

Thug an tUachtarán cuairt ar Oi Manama – Leacht Cuimhneacháin Náisiúnta ar Chrith Talún Canterbury

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag fáiltiú don phobal Éireannach

Wednesday, 25th October, 2017

Am: 20:10

Suíomh: Te Papa Tongarewa, Músaem na Nua-Shéalainne

Bhuail an tUachtarán le Sarah O’Connor agus Sarah Lothian, céilí na beirte íospartach Éireannach de chrith talún 2011

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar thaispeántas “He Tohu”   

Wednesday, 25th October, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Leabharlann Náisiúnta na Nua-Shéalainne, Wellington

Ar an dara lá dá Chuairt Stáit ar an Nua-Shéalainn, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar Leabharlann Náisiúnta na Nua-Shéalainne, chun an taispeántas ‘He Tohu’ a fheiceáil. 

Is taispeántas é sin de thrí dhoiciméad thábhachtacha a mhúnlaigh an Nua-Shéalainn (Aotearoa i Maorais): 

* An ‘He Whakaputanga o te Rangatiratanga o Nu Tireni’ (Dearbhú Neamhspleáchais Treibheanna Aontaithe na Nua Shéalainne) ó 1835;
* An ‘Te Tiriti o Waitangi’ (Conradh Waitangi) ó 1840;  
* An ‘Te Petihana Whakamana Poti Wahine’(Achainí ar Cheart Vótála do Mhná) ó 1893. 

Tá sé mar aidhm ag an taispeántas He Tohu ("na Comharthaí"), na trí cháipéis is cáilúla agus is tábhachtaí ó thaobh an bhunreachta de sa Nua-Shéalainn, a chaomhnú ar feadh an 500 bliain amach romhainn.

Tá na trí dhoiciméad coimeádta i gcásanna taispeántais, a bhfuil an t-atmaisféar rialaithe iontu agus iad faoi aláram, sa Leabharlann Náisiúnta.

Leagann an tUachtarán bláthfhleasc i Halla na gCuimhní

Wednesday, 25th October, 2017

Am: 09:00

Suíomh: An Leacht Cuimhneacháin Chogaidh, Páirc Náisiúnta Pukeahu, Wellington, An Nua-Shéalainn

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Dinnéar Stáit, in ómós dóibh beirt

Tuesday, 24th October, 2017

Am: 19:00

Suíomh: Teach an Rialtais, Wellington, An Nua-Shéalainn

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Searmanas Fháiltithe Stáit

Tuesday, 24th October, 2017

Am: 14:30

Suíomh: Teach an Rialtais Wellington, An Nua-Shéalainn

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis an Nua Shéalainn a bhaint amach chun tús a chur le Cuairt Stáit 6 lá.

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag fáiltiú don phobal Éireannach              

Monday, 23rd October, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Brisbane, An Astráil

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar Cheanncheathrú Flight Centre (cliant de chuid an ÚFT) 

Monday, 23rd October, 2017

Am: 11:00

Suíomh: Brisbane, An Astráil

Tugann an tUachtarán agus Sabina cuairt chúirtéise ar an Ró-Onórach Paul de Jersey, Gobharnóir…

Monday, 23rd October, 2017

Am: 10:00

Suíomh: Teach an Rialtais, Brisbane, An Astráil

...Queensland, agus ar Kaye de Jersey, Uasal    

An tUachtaráin agus Sabina i láthair ag fáiltiú don diaspóra Éireannach

Sunday, 22nd October, 2017

Am: 13:45

Suíomh: Warwick, An Astráil

Bhuail an tUachtarán le baill an phobail Éireannaigh in Warwick agus Queensland.

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag dinnéar ar scáth Chistí na hAstráile - na hÉireann

Friday, 20th October, 2017

Am: 18:25

Suíomh: Músaem na hAstráile, Sydney

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag lón ar scáth Turasóireacht Éireann

Friday, 20th October, 2017

Am: 12:30

Suíomh: Gáirdín Lusanna Sydney, An Astráil

Labhair an tUachtarán le rannpháirtithe ag imeacht a d’eagraigh Turasóireacht Éireann i nGairdíní na Lus in Sydney.

Tugann an tUachtarán an príomhaitheasc in Ollscoil New South Wales

Thursday, 19th October, 2017

Am: 15:15

Suíomh: Sydney, An Astráil

Thug an tUachtarán aitheasc in Ollscoil New South Wales dar teideal ‘Ethical Remembering’. 

Is príomhthéama in obair an Uachtaráin an chuimhne eiticiúil.

Cuairt an Uachtaráin ar SiteMinder Ltd (Cliant de chuid ÚFT)

Thursday, 19th October, 2017

Am: 10:30

Suíomh: Sydney, An Astráil

Tugann an tUachtarán óráid in Ionad Ardghníomhaíochta Chumann Rugbaí na hAstráile

Wednesday, 18th October, 2017

Am: 12:15

Suíomh: Sydney, An Astráil

In Sydney, President Higgins visited the soon-to-be-opened Australia Rugby Union High Performance Centre at Moore Park.

The Australia Rugby Union has partnered with the University of Technology in Sydney for the development of the Centre, at the ARU's headquarters.

In his speech to the ARU and representatives of the Lansdowne Club, the President spoke of the historic rugby links between Australia and Ireland. The President also reiterated his "full support" for Ireland's 2023 Rugby World Cup bid - something the President had done earlier this year, including in March this year, when he received delegates of World Rugby at Áras an Uachtaráin.

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar Leabharlann Stáit New South Wales

Wednesday, 18th October, 2017

Am: 10:15

Suíomh: Sydney, An Astráil

Leagann an tUachtarán bláthfhleasc ag Leacht Cuimhneacháin na hAstráile ar Ghorta Mór na hÉireann

Wednesday, 18th October, 2017

Am: 09:30

Suíomh: Sydney, An Astráil

Leag an tUachtarán bláthfhleasc ag leacht cuimhneacháin na hAstráile ar an nGorta Mór.

Déanann an leacht cuimhneacháin ar an nGorta Mór comóradh ar na mná óga a tháinig ó thithe na mbocht in Éirinn go dtí an Astráil idir 1848 agus 1850 trí scéim eisimirce speisialta.

Ba é teacht i dtír 4,000 bean óg shingil san Astráil, ar dhéagóirí an chuid ba mhó díobh, a spreag tógáil an leachta.  Tháinig siad faoi scéim eisimirce speisialta a ceapadh chun cailíní beo bochta a bhí i dtithe na mbocht in Éirinn le linn an Ghorta Mhóir a athlonnú.

Seasann an 420 ainm atá greannta i bpainéil ghloine an leachta chuimhneacháin don 4114 eisimirceach uile ó thithe na mbocht. 

“Sainítear sinn mar phobal trína mbíonn á chomóradh againn”.

Tugann an tUachtarán cuairt chúirtéise ar a Shoilse Ró-Onórach, David Hurley, AC, DSC (ar scor)...

Tuesday, 17th October, 2017

Am: 15:00

Suíomh: Teach an Rialtais, Sydney, An Astráil

... Gobharnóir New South Wales, agus an Banuasal Linda Hurley

An tUachtarán agus Sabina i látháir ag cruinniú agus lón ar scáth Fiontraíocht Éireann

Tuesday, 17th October, 2017

Am: 12:00

Suíomh: Áras Ceoldrámaíochta Sydney, An Astráil

In Áras Ceoldrámaíochta Sydney, bhuail an tUachtarán le ceannairí gnó Astrálacha agus Éireannacha. Tá 56 Cuideachta Éireannach i dteannta an Uachtaráin ar a Chuairt Stáit; ina measc 21 cuideachta atá tar éis taistil chuig an Astráil den chéad uair. Tá sé mar aidhm ag an gCuairt Stáit na naisc idir Éire agus an Astráil a neartú, i réimsí na trádála, na turasóireachta, an spóirt, na n-ealaíon agus an chultúir. Spreag an tUachtarán cuideachtaí Astrálacha chun ceangal a dhéanamh le gnóthaí Éireannacha.

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Fáiltiú in Ambasáid na hÉireann, ar scáth an Ambasadóra…

Monday, 16th October, 2017

Am: 18:30

Suíomh: Canberra, An Astráil

...Breandán Ó Caollaí, agus an Banuasal Carmel Callan

 

Bhuail an tUachtarán le baill phobal na hÉireann agus le taidhleoirí ó thíortha éagsúla in Canberra.

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag fáiltiú ar scáth Oifigeach Ceannais na Parlaiminte

Monday, 16th October, 2017

Am: 16:10

Suíomh: Canberra, An Astráil

Bhuail an tUachtarán le ceannairí pharlaimint na hAstráile.

Cuirtear fáilte roimh an Uachtarán agus Sabina chuig Teach an Rialtais, le Fáiltiú Oifigiúil agus…

Monday, 16th October, 2017

Am: 11:20

Suíomh: Canberra, An Astráil

...Garda Onóra  

An tUachtarán i láthair ag cruinnithe i dTeach na Parlaiminte, leis an Uasal Malcolm Thurnbull…

Monday, 16th October, 2017

Am: 09:50

Suíomh: Canberra, An Astráil

...Príomh-Aire na hAstráile   

 

Bhuail an tUachtarán le Malcolm Turnbull, Príomh-Aire na hAstráile.

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag searmanas fleascleagan ag Leacht Cuimhneacháin Chogaidh…

Monday, 16th October, 2017

Am: 09:15

Suíomh: Canberra, An Astráil

...na hAstráile  

 

Leag an tUachtarán fleasc ag an leacht cuimhneacháin a dhéanann comóradh ar na hAstrálaigh a maraíodh i gcogaí.

Tá sé mar aidhm ag Leacht Cuimhneacháin Cogaidh na hAstráile feasacht a chur chun cinn ar thaithí na hAstráile ar an gcogadh agus ar a thionchar buan ar shochaí na hAstráile.

Throid cuid mhaith Éireannach le Cór Airm na hAstráile agus na Nua Shéalainne (ANZAC) sa Chéad Chogaidh Dhomhanda.

Rinne thart ar 6,600 fear, a rugadh in Éirinn, seirbhís i bhFórsa Impiriúil na hAstráile le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, cuid mhaith díobh a tháinig go luath roimhe sin go dtí an Astráil: Is i ndiaidh 1909 a tháinig tuairim is dhá thrian de na hÉireannaigh a liostáil. Chomh maith leis sin, bhí cuid mhaith Éireannach a bhí i bhfórsaí na Breataine ag troid i dteannta le ANZAC in Gallipoli, eachtra thábhachtach i stair na hAstráile.

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn freastal ar chomóradh céad bliain an Chéad Chogaidh Dhomhanda sa Bheilg (Lúnasa 2014), Gallipoli (Aibreán 2015), an Somme (2016) agus Baile Átha Cliath (2016).

Féach ar na sonraí ar www.president.ie             

Teacht an Uachtaráin agus Sabina chuig Aerfort Chanberra, faoí lán searmanas

Sunday, 15th October, 2017

Am: 16:10

Suíomh: Canberra, An Astráil

Tá an tUachtarán tagtha go Canberra, príomhchathair na hAstráile

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Fáiltiú in ómós don Diaspóra Éireannach

Friday, 13th October, 2017

Am: 19:30

Suíomh: Melbourne, An Astráil

The President and Sabina hosted an event for members of the Irish community in Melbourne.

Over 90,000 Irish-born people live in Australia and 2 million Australian claim Irish ancestry.

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina ar an mBiúró Éireannach-Astrálach um Thacaíocht agus Acmhainní...

Friday, 13th October, 2017

Am: 15:00

Suíomh: Melbourne, An Astráil

...(IASRB) 

Fáiltíonn A Soilse Onórach, LInda Dessau AC, Gobharnóir Victoria roimh an Uachtarán agus Sabina

Friday, 13th October, 2017

Am: 12:00

Suíomh: Teach an Rialtais, Melbourne, An Astráil

Le linn na Cuairte Stáit chun na hAstráile, bhuail an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn le Linda Dessau AC, Gobharnóir Victoria, agus a fear céile Tony Howard.

Bronann Ollscoil Mhelbourne Céim Dochtúrachta Oinigh ar an Uachtarán

Thursday, 12th October, 2017

Am: 17:30

Suíomh: Ollscoil Mhelbourne, An Astráil

An tUachtarán i láthair ag lón ghnó ar scáth Fiontraíocht Éireann

Thursday, 12th October, 2017

Am: 12:40

Suíomh: Faiche Cruicéid Mhelbourne, An Astráil

Bhí an tUachtarán i láthair ag imeacht le haghaidh ceannairí gnó, a reáchtáladh i láthair chruicéid Melbourne.

 

Ina aitheasc, thug an tUachtarán chun cuimhne cuid de cheangal na hÉireann leis an láthair spóirt, agus mhol sé óstaigh na hócáide, Fiontraíocht Éireann, chomh maith le cruthaitheacht agus dearcadh oscailte lucht gnó na hÉireann. 

An tUachtarán i láthair ag cruinniú leis an Ró-Onórach Daniel Andrews, MP, Príomh-Aire Victoria

Thursday, 12th October, 2017

Am: 10:00

Suíomh: Melbourne, An Astráil

Bhí cruinniú ag an Uachtarán agus ag Saidhbhín le Daniel Andrews MP, Príomh-Aire Victoria.

Déanann an tUachtarán Leacht Cuimneachán an Ghorta a thiomnú

Monday, 09th October, 2017

Am: 14:45

Suíomh: Subiaco, Perth, An Astráil

Nocht an tUachtarán Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i bPáirc Subiaco.

Is iad Charlie Smith agus Joan Walsh-Smith, de bhunadh Phort Láirge, a dhear an dealbh, a choimisiúnaigh Coiste Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir san Astráil Thiar, agus  a dhéanann comóradh ar an nGorta Mór.  

Chomh maith leis an dealbh, tá an Coiste tar éis Boscaí Taistil an Ghorta Mhóir, a dhéanann comóradh ar an 4,000 bean a seoladh ó theach na mbocht in Éirinn go dtí an Astráil, a aimsiú agus a bhronnadh.

Tá macasamhlacha na mBoscaí Taistil déanta ag Seirbhís Príosún na hÉireann agus bronnadh ceann ar an Uachtarán Ó hUigínn in Eanáir 2017. (Féach  http://www.president.ie/en/diary/details/president-presented-with-the-famine-times-travel-box-made-by-prisoners )

Fáiltíonn A.S. Onórach Kerry Sanderson AC, Gobharnóir na hAstráile Thiar, roimh an Uachtarán agus…

Monday, 09th October, 2017

Am: 10:30

Suíomh: Teach an Rialtais, Perth, An Astráil

...Sabina 

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag Cluichí Craobhchomórtais Astrálaiseacha de chuid CLG

Sunday, 08th October, 2017

Am: 13:00

Suíomh: Perth, An Astráil

President and Sabina Higgins attended the Australasian GAA Championships Games, in Perth, Western Australia.

Gaelic Football and Hurling have been played across Australia and New Zealand for many decades by Irish immigrants keen to maintain a connection with their sport. These days men, women, boys and girls from all backgrounds play Gaelic games and both Ladies Football and Camogie are experiencing particularly strong growth.

The Gaelic Football and Hurling Association of Australasia holds an annual Championships over four days in early October for teams representing the individual states of Australia. 

Cuairt an Uachtaráin agus Sabina chuig Príosún Freemantle

Saturday, 07th October, 2017

Am: 15:40

Suíomh: Perth, An Astráil

Thug an tUachtarán cuairt ar phríosún Fremantle, iarphríosún agus Láithreán Oidhreachta Domhanda a bhfuil suntas nach beag ag baint leis i stair na hÉireann agus na hAstráile.

Tar éis don chéad long a d’iompair daoránaigh teacht go cuan Fremantle Harbour in 1850, chuaigh beagnach 10,000 daoránach tríd an mbunáit idir 1850 agus 1868, roinnt príosúnach Fíníneach ina measc a tháinig ar an Hougoumont, an long dhaoránach dheiridh a sheol chuig an Astráil, a tháinig le cé in Fremantle ar an 9 Eanáir 1868. Le linn an aistir chuir roinnt Fíníneach seacht n-eagrán de pháipéar nuachta ar fáil ar bord loinge a raibh an teideal The Wild Goose air, agus tá siad fós ar fáil i leabharlann stáit New South Wales.

Imeacht an Uachtaráin agus Sabina ar chuairt Stáit chun na hAstráile

Wednesday, 04th October, 2017

Am: 12:15

Suíomh: Áras an Uachtaráin

The State Visit to Australia will focus on deepening and expanding Ireland’s long-standing bilateral ties with Australia, highlighting aspects of the two countries’ shared history and it is aimed at strengthening economic, tourism, cultural and political links between the two nations. 

The President will meet with Irish communities in Perth, Melbourne, Hobart, Canberra, Sydney and Brisbane, and will have meetings with leading figures in the worlds of business, tourism, sport, academia, culture and the arts. 

The President will meet the Governor General and Prime Minister of Australia, and have meetings with national and State authorities. 

The President’s visit will be an opportunity to celebrate the significant contribution of the Irish Australian community to Australia’s multicultural society. 

Irish people have had a significant influence in the political, social and cultural history of Australia and in the 2016 census, 2.5 million Australians, or 11% of the population, indicated they had Irish ancestry. Over 80,000 Irish born are living in Australia. 

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina maidir le “Latching On” i ndáil leis an tSeachtain…

Monday, 02nd October, 2017

Am: 10:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

...Náisiúnta um Beathú Cíche 

 

Saibhdhín Uí Uigínn le himeacht “Fáil an Bhrollaigh” a reáchtáil in Áras an Uachtaráin

Dé Luain 2 Deireadh Fómhair 2017, mar chuid den tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche, chuir Saidhbhín Uí Uigínn fáiltiú agus imeacht ‘Fáil an Bhrollaigh’ ar siúl in Áras an Uachtaráin.

Chuir Saidhbhín fáilte roimh níos mó ná 90 máthair a bhí ag tabhairt bainne chíche dá leanaí agus roimh a gcuid leanaí chomh maith lena lucht tacaíochta agus le feachtasóirí ar son an bheathaithe chíche. Bhí ionadaithe i láthair ó Cuidiú, Léig La Leche na hÉireann, Cairde an Chothaithe Chíche, Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann agus an Tionscnamh Sláinte Báúil le Leanaí, An Cumann um Fheabhsú i Seirbhísí Máithreachais in Éirinn, agus Cumann na gComhairleoirí Lachta in Éirinn.  

Tá cothú brollaigh ríthábhachtach d’fhás agus d’fhorbairt an linbh le linn a chéad bhliana. Soláthraíonn bainne cíche na tréithe cothaitheacha a theastaíonn ó leanaí go luath ina saol. Cuireann sé cosaint fhadtéarmach ar fáil don leanbh agus réitíonn sé an bealach le murtall a sheachaint sa leanbh. Cuidíonn cothú cíche le máithreacha teacht chucu féin níos tapa tar éis na breithe, le ceangal láidir a chothú lena leanbh agus le baol an dúlagair iarbhreithe agus an ailse chíche agus ubhagáin a laghdú.  
 

An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Tuesday, 19th September, 2017

Am: 12:00

Suíomh: An Screagán, Uíbh Fhailí

D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an 86ú Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta go foirmiúil. 

Ina aitheasc, thug an tUachtarán moladh do lucht eagraithe an imeachta, agus labhair sé faoin ngá le dul i ngleic le bánú na tuaithe agus le caillteanas seirbhísí faoin tuath.

Agus tagairt á déanamh aige do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, labhair an tUachtarán faoi thábhacht na forbartha tuaithe cothromaithe, an chomhtháthaithe shóisialta agus mhaoirseacht an chomhshaoil. D’éiligh sé cur chuige cuiditheach maidir leis na dúshláin atá ag eascairt as Brexit. 

Is féidir leat féachaint ar aitheasc an Uachtaráin tri chliceáil ar an nasc thíos.  

Chun tuilleadh a fháil faoi chúlra chuairteanna bliantúla an Uachtaráin ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, féach anseo
 

Taispeántas dar teideal “Photo Detectives” á sheoladh go hoifigiúil ag Sabina

Wednesday, 13th September, 2017

Am: 13:00

Suíomh: An Cartlann Náisiunta Ghrianghrafadóireachta, Cearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill, BÁC

An tUachtarán agus Sabina i láthair ag comóradh deich mbliana Teach Dumfries

Wednesday, 06th September, 2017

Am: 12:30

Ar cuireadh óna Shoilse Ríoga, An Prionsa Séarlas, agus a bheanchéile, Bandiúc Chorn na Breataine, chuaigh an tUachtarán agus Sabina go hAlbain, le freastal ar an gcomóradh deich mbliana a bhí beartaithe i dtaca le Teach Dumfries.

Chuir cuairt an Uachtaráin chun na hAlban leis an dialóg dhearfach a d'eascair ón sraith cruinnithe ardleibhéil, arbh é seo an ceann is deireannaí, agus is neartú breise é ar an gcairdeas leanúnach atá idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

D'fhreastail an tUachtarán agus Sabina ar imeachtaí a rinne comóradh ar ócáid oscailte an tí don phobal, deich mbliana ó shin. Cuireadh ar an eolas iad, leis, faoi na hiarrachtaí suntasacha atá idir lámha mar chuid de thionscadal Iontaobhais an Phrionsa, uasoiliúnt a dhéanamh ar bhuanna ógánach an cheantair atá faoi mhí bhuntáiste.

Cé go raibh Teach Dunfries i seilbh phríobháideach roimhe seo, tá an teach agus an eastát faoi bhainistíocht an Iontaobhais anois. Tagann 24,000 cuairteoir chun na háite in aghaidh na bliana; tá 150 duine fostaithe ann, agus cuirtear réimse áiseanna ar fáil don phobal áitiúil, ar a bhfuil cláracha oideachasúla, scileanna oiliúna, siúláin coille, clós súgartha, agus linn snámha faoin spéir. 

Bhí cruinnithe phríobháideacha ag an Uachtarán Ó hUigínn, agus Sabina lena n-óstaigh. Rinne siad freastal ar bheo-chraoladh cheadail - ceol clasaiceach – ag a cloiseadh den chéad uair riamh “Twilight Falls on Temple View” píosa ceoil atá cumtha ag an gcumadór Breatnach Paul Mealor in ómós do Theach Dumfries.

Torc Aosdána á bhronnadh ag an Uachtarán ar an Uasal Tom Murphy

Monday, 04th September, 2017

Am: 11:30

Suíomh: Dublin

President Michael D. Higgins bestowed the highest honour in the Irish arts world, the title of Saoi of Aosdána, on playwright Tom Murphy.

Bronann ionadaithe ó Ionad Pavee agus Romaigh suaitheantas eitneachta ar an Uachtarán

Wednesday, 09th August, 2017

Am: 14:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Members of Pavee Point Traveller and Roma Centre presented the President with an ethnicity pin at Áras an Uachtaráin.  

Martin Collins, Missie Collins, Molly Collins and Pa O’Reilly were among those who attended.
 

Buaileann an tUachtarán le Foireann Rugbaí Ban na hÉireann, agus bronnann sé a geansaithe orthu

Tuesday, 08th August, 2017

Am: 20:00

Suíomh: Larionad Aonas na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Belfield

President Higgins and his wife Sabina met with the Irish Women's Rugby Team on Tuesday evening, ahead of their World Cup opening match against Australia.   The President said a few words and presented the players with their jerseys.

An tUachtarán agus Saidhbhín ag tabhairt aitheasc ag dinnéar fleáchais Chumann Eugene O’Neill

Friday, 21st July, 2017

Am: 18:00

Suíomh: OÉG, Co. na Gaillimhe


Thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc do chomhdháil idirnáisiúnta Chumann Eugene O’Neill i nGaillimh Dé hAoine seo caite, agus léigh a bhean Saidhbhín sliocht as ‘A Touch of the Poet’. 


Tá an tUachtarán tar éis a mheas ar shaothar an drámadóra Mheiriceánaigh a léiriú, agus dúirt gur léirigh a dhrámaí mórthéamaí na hamharclannaíochta Éireannaí agus Meiriceánaí: an imirce agus úsáid agus mí-úsáid na cuimhne.

 
 

Fáiltíonn an Uachtarán roimh Phríomh-Aire Cheanada An tUas. Justin Trudeau

Tuesday, 04th July, 2017

Am: 15:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin


Ar an 4 Iúil, chuir an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáilte roimh Phríomh-Aire Cheanada, an tUasal Justin Trudeau.
 
Thosaigh an ceangal idir Éirinn agus Ceanada sa 16ú haois, agus bhí 400,000 Éireannach socraithe i gCeanada roimh an nGorta Mór sna 1840idí. Thaistil gar do 90,000 duine as Éirinn go Ceanada sa bhliain 1847 féin, agus bhásaigh níos mó ná 15,000 díobh sin. Sa lá atá inniu ann, deir tuairim is 4.5 m cónaitheoir i gCeanada, nó 14% de dhaonra iomlán na tíre, go bhfuil ceangal eitneach acu le hÉirinn.
 

Cóisir sa Gháirdín ag an bPobal, ar scáth an Uachtaráin Ó Uigínn, agus Sabina

Saturday, 08th July, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Ba é Lá an Phobail an 8ú himeacht i sraith na gCóisrí Gairdín 2017.

Gach bliain cuireann an tUachtarán agus Saidhbhín Bean Uí Uigínn sraith Cóisirí Gairdín ar siúl in Áras an Uachtaráin chun obair na ndaoine agus na n-eagras atá gníomhach i gcúrsaí saoránachta agus pobail a cheiliúradh – téamaí atá lárnach in Uachtaránach Mhichíl D. Uí Uigínn.

Tugadh cuireadh do níos mó ná 400 duine le bualadh leis an Uachtarán agus le Saidhbhín Uí Uigínn ag imeacht Lá an Phobail, le ceiliúradh a dhéanamh ar ghrúpaí deonacha agus ar shaoránaigh ghníomhacha, ar fud na tíre, atá ag obair chun Éire níos fearr agus níos cuimsithí a thógáil.

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin, agus Sabina Higgins, le Cóisir sa Gháirdín

Monday, 03rd July, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Gach bliain, cuireann an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín sraith Cóisirí Gairdín ar siúl chun aitheantas a thabhairt do shaothar daoine agus eagras a bhíonn gníomhach i dtaca leis an tsaoránacht agus leis an bpobal a thógáil agus a chur chun cinn agus an saothar sin a cheiliúradh – tionscadail atá lárnach in Uachtaránacht Mhichíl D. Uí Uigínn.

Leanann na Cóisirí Gairdín traidisiún a bhunaigh Iar-Uachtaráin, agus thar chúrsa 8 n-imeacht, cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte roimh níos mó ná 4,000 duine ó gach uile chearn d’oileán na hÉireann chuig Áras an Uachtaráin, an teach agus na gairdíní.  

Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin agus Saidhbhín Uí Uigínn, chun na soláthróirí cúraim…

Friday, 30th June, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

...agus seirbhísí tacaíochta sna pobail a cheiliúradh.

 

 

Chuir an tUachtarán agus Saidhbhín imeacht ar siúl chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a mbíonn cúram daoine eile orthu.

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Saidhbhín Uí Uigínn, le Cóisir sa Gháirdín - chun aitheantas…

Tuesday, 27th June, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

...a thabhairt don cheardaíocht agus do na healaíona cruthaitheacha.

 

 

Coinníonn na Cóisirí Gairdín bliantúla in Áras an Uachtaráin leis an traidisiún ar cuireadh tús leis le linn uachtaránacht Dhubhghlas de hÍde.

Tá ocht n-imeacht dá leithéidí á n-eagrú ag an Uachtarán Ó hUigínn agus ag a bhean Saidhbhín, agus fáilte á cur roimh 4,000 duine, a bheag nó a mhór, chuig Áras an Uachtaráin.

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, le Cóisir sa Gháirdín do Theaghlaigh            

Sunday, 25th June, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Ba “Lá Teaghlaigh” a bhí sa tríú Cóisir Gairdín a d’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín an samhradh seo.

Tugadh cuireadh do dhaoine ó gach cearn d’Éirinn mar aíonna onóra ag an imeacht seo, le hómós a thabhairt don ghrá, don chairdeas agus don dlúthpháirtíocht a shnaidhmeann le chéile muid mar mhuintir agus mar náisiún.

Coinníonn na Cóisirí Gairdín bliantúla in Áras an Uachtaráin leis an traidisiún ar cuireadh tús leis le linn uachtaránacht Dhubhghlas de hÍde.

Tá ocht n-imeacht dá leithéidí á n-eagrú ag an Uachtarán Ó hUigínn agus ag a bhean Saidhbhín, agus fáilte á cur roimh 4,000 duine, a bheag nó a mhór, chuig Áras an Uachtaráin. 

Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin agus a chéile Sabina Higgins, ag ionadaithe ó phobal…

Tuesday, 20th June, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

...na nOileán.

 

 

Dhírigh an dara himeacht i sraith Cóisirí Gairdín na bliana 2017, a d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín, ar aitheantas a thabhairt do na daoine agus na heagrais a bhíonn ag obair chun tacú le pobail shláintiúla rathúla ar oileáin na hÉireann agus chun iad a chur chun cinn.

Thug an tUachtarán agus Saidhbhín cuireadh do dhaoine ó phobail na n-oileán ar fud na hÉireann, agus ó eagrais agus institiúidí a thacaíonn le saol na n-oileán nó a bhfuil baint acu leo.

Fáiltíonn an tUachtarán roimh ionadaithe ón Náisiúin Choctaw

Tuesday, 20th June, 2017

Am: 11:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin


Ar an 20 Meitheamh 2017, chuir an tUachtarán agus Saidhbhín Ó hUigínn fáilte roimh thoscaireacht ón Náisiún Choctaw.


Bhailigh muintir an Choctaw, a chaill tuairim is aon cheathrú dá bpobal ar ‘Rian na nDeor’ sna 1830idí, airgead le tabhairt d’íospartaigh an Ghorta in Eirinn, roinnt bheag blianta ina dhiaidh sin.
 

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina le Coisir sa Gháirdín, i ndáil le Bloomsday

Saturday, 17th June, 2017

Am: 13:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Each year, President and Sabina Higgins host a series of Garden Parties, to celebrate the work of people and organisations who have been active in projects and areas that are central to the Presidency of Michael D. Higgins.

The Garden Parties continue a tradition established by past Presidents, and over the course of 8 events, the President and Sabina will welcome over 4,000 people from all over the island of Ireland to Áras an Uachtaráin, its house and gardens. 

The first garden party of 2017 is taking place on 17 June, and celebrates Bloomsday, one of the most significant days on Ireland’s literary calendar.

Bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a Bharántas Ceapacháin agus a Shéala Oifige ar An Taoiseac

Wednesday, 14th June, 2017

Am: 15:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Ar an 14 Meitheamh 2017, bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn a Bharántas Ceapacháin agus a Shéala Oifige ar An Taoiseach, Leo Varadkar TD, de réir Airteagal 13 den Bhunreacht. 

Bloom á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Thursday, 01st June, 2017

Am: 11:00

Suíomh: Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath

Ar an 1 Meitheamh 2017, d’oscail an tUachtarán imeacht “Bloom” de chuid Bhord Bia, i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

Tá féile bhliantúil Bloom ar an bhféile gharraíodóireachta, bhia agus theaghlaigh is mó in Éirinn.

Thug an tUachtarán cuairt ar chuid mhaith gairdíní taispeántais agus thug sé aitheasc chun an fhéile a oscailt go foirmiúil. Ina aitheasc, mhol an tUachtarán lucht eagraithe na féile agus labhair sé ar thábhacht an táirgthe bia maidir leis an eacnamaíocht agus lenár sláinte agus ár bhfolláine chomh maith.

Seolann Sabina taispeántas le Anne Madden dar teideal Colours of the Wind Ariadne’s Thread

Wednesday, 31st May, 2017

Am: 18:00

Suíomh: Gailearaí Chathair Bhaile Átha Cliath – Hugh Lane

President and Sabina sign book of condolences at British Embassy

Wednesday, 24th May, 2017

Am: 10:00

Suíomh: Embassy of the United Kingdom, Dublin

This morning President Higgins and his wife Sabina signed the Book of Condolence for the victims of the Manchester Arena Attack at the Embassy of the United Kingdom.

Fáiltiú in ómós don Uachtarán, agus dá bhean chéile, Sabina Higgins, ar scáth Emma Madigan…

Monday, 22nd May, 2017

Am: 13:00

Suíomh: Coláiste na nGael, An Róimh, An Iodáil

...Ambasadóir na hÉireann chun an tSuí Naofa

Cruinniú príobháideach ag an Uachtarán leis an bPápa

Monday, 22nd May, 2017

Am: 10:00

Suíomh: Cathair na Vatacáine, An Róimh, An Iodáil

Bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn leis an bPápa Proinsias Rónaofa sa Vatacáin inniu. 

Le linn a gcruinnithe, phléigh an tUachtarán Ó hUigínn agus an Pápa Proinsias Rónaofa raon ceisteanna a raibh suim ag an mbeirt iontu, ina measc an imirce, an t-athrú aeráide, an fhorbairt inbhuanaithe, an teip ar chosc a chur ar bhagairtí coimhlinte atá ag dul i méid, an bhochtaineacht dhomhanda, an gá le comhtháthú sóisialta a bhaint amach, luachanna na comhpháirtíochta agus na freagrachta domhanda sna cainteanna atá le teacht ar thodhchaí na hEorpa. 

Labhair an tUachtarán agus an Pápa Proinsias faoina gcreideamh comhroinnte gur cheart go mbeadh ceangail nua idir an eitic, an eacnamaíocht agus an éiceolaíocht i gcroílár gach obair atógála sóisialta agus intleachtúla sa chéad bliain seo. D’aontaigh siad freisin nach bhféadfaí aon réiteach a fháil ar na ceisteanna atá romhainn gan dul i ngleic ar bhealach éigin eile leis an rud ar thug an Pápa ‘domhandú na neamhshuime’ air.

Bhí an tUachtarán agus an Pápa ar aon intinn maidir leis an ngá le práinn a bheith ag baint leis na dúshláin reatha atá le haithint i gcláir cruinnithe, leithéid an chruinnithe G7 i Taormina, agus leis an ngá le freagairtí nua agus éifeachteacha ar dhúshláin dhomhanda a chruthú. Go háirithe, d’aontaigh siad leis an ngá leis na gealltanais ar chuir an pobal a mhuinín iontu a thiontú ina dtorthaí agus ina ngníomhartha.

Cuireadh an tUachtarán ar an eolas maidir le ceapadh an Ardeaspaig Okolo mar Nuinteas an Phápa in Éirinn, rud ar chuir sé fáilte roimhe. 

Cuairt an Uachtaráin ar Bhiennale na Veinéise

Sunday, 21st May, 2017

Am: 10:00

Suíomh: Arsenale, An Veinéis, An Iodáil

Is é an tUachtarán Ó hUigínn an chéad Uachtarán ar Éirinn le freastal ar an Biennale di Venezia, an taispeántas ealaíne idirnáisiúnta is sine agus is mó ar domhan. 

Thug an tUachtarán cuairt ar phuball na hÉireann, an áit a raibh saothar an ealaíontóra Jesse Jones, dar teideal “Tremble, Tremble”, suiteáilte. 

Tógadh teideal an phíosa ón bhFeachtas Idirnáisúnta ar son Pá ar Obair Tí, ar chan mná “Tremate, tremate, le streghe sono tornate!” (Crithigí, crithigí, tá na cailleacha feasa ar ais arís!)

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Phrionsa na Breataine Bige agus roimh Bhandiúc Chorn na Breataine…

Wednesday, 10th May, 2017

Am: 15:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

...go hÁras an Uachtaráin

 

Is é seo an tríú cuairt ag an bPrionsa Seárlas ar Áras an Uachtaráin. Chuir an t-iarUachtarán Mary Robinson fáilte roimh an bPrionsa i mí an Mheithimh 1995 agus chuir an tUachtarán Mhic Ghiolla Íosa fáilte roimhe chuig an Áras i mí Feabhra 2002.

Bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn leis an bPrionsa Seárlas roinnt uaireanta, cuairt an Uachtaráin ar an RA in Aibreán 2014 san áireamh. Níos déanaí, bhuail an tUachtarán agus an Prionsa le chéile sa Tuirc in Aibreán 2015, ag comóradh céad bliain Chath Gallipoli, agus níos déanaí arís ag Loch Cútra i gContae na Gaillimhe.

Thaispeáin an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn‘Clog na Síochána’i dTailte   Áras an Uachtaráin don Phrionsa agus don Bhandiúc. Dearadh Clog na Síochána, a nochtadh in 2008, chun deich mbliana Chomhaontú Bhéal Feirste a chomóradh.

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh do grúpa beag daoine óga chun bualadh leis an bPrionsa agus leis an mBandiúc, mar chuid d ’imeacht dar teideal “Daoine óga ag obair chun an eitic agus an barr feabhais a chur i bhfeidhm”.  Rinne daoine óga ó gach cearn den tír agus iad ina n-ionadaithe ar dhomhan an spóirt, na healaíne, an cheoil, na talmhaíochta agus na habhcóideachta a gcuid oibre agus a n-éachtaí a phlé leis an bPrionsa agus leis an Uachtarán.

Sabina i láthair ag Fóram Idirnáisiúnta na mBan um “Marrying Cultures”

Friday, 28th April, 2017

Am: 15:30

Suíomh: Coláiste na Trionóide, Baile Átha Cliath

Amfaitéatar Chloch Shiurdáin á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Friday, 21st April, 2017

Am: 16:00

Suíomh: Cloch Shiurdáin, Tiobraid Árann

D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Amfaitéatar Pobail Chloch Shiúrdáin Dé hAoine 21 Aibreán.

Snoíodh an t-amfaitéatar ó thírdhreach Thiobraid Árann sa chéad sráidbhaile éiceolaíoch in Éirinn, agus ba é Cloughjordan Arts CLG, cuideachta neamhbhrabúis, a thóg é. 

Tá inscríbhinn chomórtha cuimsithe ann in onóir Thomáis Mhic Dhonnchadha, de bhunadh Chloch Shiúrdáin, a bhí ar dhuine de shínitheoirí Fhorógra 1916.  

 

Cuireann an tUachtarán Crann, mar chuid den tionscadal “Giants Grove”

Friday, 21st April, 2017

Am: 12:30

Suíomh: Caisleán Bhiorra, Uíbh Fhailí

Sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tionscadal 'Garrán na bhFathach', an garrán is mó sa domhan de chrónghiúisí ollmhóra taobh amuigh de California. Is tionscnamh de chuid úinéirí Chaisleán Bhiorra, An Tiarna agus an Bhantiarna Rosse, i gcomhar le 'Crann – Crainn d’Éirinn' atá i bplandáil na gcrónghiúisí, agus cuirfear gach crann ar leith in ainm duine den diaspóra Éireannach – daoine atá ina gcónaí thar lear, chomh maith le daoine atá ina gcónaí anseo anois.   

Chuir an tUachtarán crann agus chonaic sé searmanas gearr ina raibh tionlacan ceoil. 

Dinnéar Stáit ar scáth an Uachtaráin, in ómós don Uachtarán Kolinda Graber-Kitarovic…

Monday, 03rd April, 2017

Am: 19:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

...Uachtarán Phoblacht na Cróite

Taispeántas “Equinox” le Maeve Lenihan, á oscailt ag Sabina

Thursday, 23rd March, 2017

Am: 18:30

Suíomh: Gailearaí Stiúideo Grafaice, Sráid Chóip, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath

An tUachtarán i láthair ag searmanas chun bunú Arm Cathartha na hÉireann a chomóradh,  maraon le…

Wednesday, 22nd March, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath

...bláthfhleasc a leagann ag Dealbh Chuimhneacháin Shéamuis Uí Chonghaile 

Presentation of a plough to the President and Sabina Higgins

Thursday, 16th March, 2017

Am: 11:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Sabina Higgins being presented with a plough by Mr. Gerry King and Ms. Annemarie McHugh, General Secretary of the World Ploughing Organisation. 

The Wexford Star plough, manufactured in the 1930s by the Wexford Engineering Company, was donated to Áras an Uachtaráin, to thank the President and Sabina for their involvement in the National Ploughing Championships.

Sabina visits Wheatfield, Mountjoy and Arbour Hill prisons, and the Dóchas Centre

Wednesday, 15th March, 2017

Am: 11:30

Suíomh: Wheatfield Prison, Dublin

Mar chuid de cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig, thug Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar roinnt phríosún i mBaile Átha Cliath. Bhronn sí babhlaí seamróg ar fhoireann agus ar rialtóirí Phríosún Pháirc na Cruithneachta, Mhuinseo agus Chnoc an Arbhair, mar aon leis an Ionad Dóchas.

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin d’fhonn aitheantas agus ómós a léiriú do dhaoine aonair agus…

Friday, 17th March, 2017

Am: 17:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

...d’Eagraíochtaí i gcur chun cinn Disciplín na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice

 

Chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh beidh an tUachtarán agus Saidhbhín ag óstáil ócáid in Áras an Uachtaráin chun aitheantas a thabhairt do shaoránaigh a bhfuil barr feabhais bainte amach acu san eolaíocht.

Ón am a tháinig sé i réim sa bhliain 2011, tharraing an tUachtarán Ó hUigínn aird go minic ar an eolaíocht agus ar na féidearthachtaí atá ann le dul i ngleic le fadhbanna móra an domhain, ar nós an t-athrú aeráide, an t-ocras domhanda agus díghrádú comhshaoil. Tá sé ina chuairteoir rialta ar An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eolaí Óg, agus mar Iar-Aire Ealaíon tuigeann sé go maith go bhfuil dlúthcheangal idir eolaíocht agus cruthaitheacht. 

An tUachtarán i láthair ag Aifreann na Féile Pádraig

Friday, 17th March, 2017

Am: 10:00

Suíomh: Leas Ard-Eaglais Mhuire, Baile Átha Cliath

An tUachtarán agus Saidhbhín ag glacadh páirt in “Uair ar son an Domhain 2017”

Saturday, 25th March, 2017

Am: 20:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

I ngotha siombalach chun léiriú gur féidir gníomhartha duine aonair dul i bhfeidhm ar an domhain mhór, beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ag  marcáil "Uair ar son an Domhain 2017" trí na soilse in Áras an Uachtaráin a mhúchadh.

Le linn "Uair ar son an Domhain 2017" múchfar gach solas neamhriachtanach in Áras an Uachtaráin, seachas solas an Uachtaráin a lonraíonn ó fhuinneog d’eisimircigh na hÉireann agus a sliocht.

Torc Aosdána á bhronnadh ag an Uachtarán ar an Uasal George Morrison

Thursday, 09th March, 2017

Am: 14:30

Suíomh: An Chomhairle Ealaíon, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath

President Michael D. Higgins bestowed the highest honour in the Irish arts world, the title of Saoi of Aosdána, on film-maker George Morrison.

 

Click on the links below to listen to or read the President's speech. 

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, d’fhonn Lá Idirnáisiúnta na mBan, a chomóradh      

Wednesday, 08th March, 2017

Am: 14:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín fáiltiú ar siúl in Áras an Uachtaráin chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh.

Bhí sé mar aidhm ag an bhfáiltiú aird a dhíriú ar obair ghníomhaithe, fheachtasóirí, oibrithe dheonacha agus foirne eagraíochtaí a bhíonn ag obair chun dul i ngleic le foréigean teaghlaigh agus gnéasach agus a bhfuil ról tábhachtach acu i gcumasú ban chun saol díniteach agus fiúntach a chaitheamh, saor ón scéin agus ón drochíde, agus an obair sin a spreagadh. 

Is féidir leat aitheasc an Uachtaráin a léamh ach cliceáil ar an nasc thíos.

Léann Sabina ceann de Scéalta Taibhsí Dorothy McArdle

Friday, 03rd March, 2017

Am: 19:30

Suíomh: Ionad Oirghialla, Príosún Dhún Dealgan, Bóthar Charraig Mhacaire Rois, Dún Dealgan

Sabina i láthair ag lón bliantúil ag An Cosán, i ndáil le Lá Idirnáisiúnta na mBan

Friday, 03rd March, 2017

Am: 12:30

Suíomh: Óstán Shelbourne, Baile Átha Cliath

Caintíonn Sabina ag ócáid le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le Culture Connects

Wednesday, 22nd February, 2017

Am: 10:30

Suíomh: Leabharlann Chester Beatty, Caisleán Bhaile Átha Cliath

Sabina Higgins officially opened Dublin’s Culture Connects 'Punctuation' exhibition at the Chester Beatty Library, Dublin Castle.
'Punctuation' is an exhibition of work created with artists and storytellers by the F2 Women's Group in Rialto and the Islamic Foundation of Ireland's Amal Women's Group from Dublin 8 as part of Dublin City Council's cross-city project Dublin's Culture Connects that links the Council’s arts, cultural and community resources with all eight National Cultural Institutions located in Dublin.
Art work on display includes an 8ft Batik and 'culture cups' with texts that highlights what both community and culture mean to the women.

Síníonn an tUachtarán Leabhar Comhbhróin ar bhás Mario Soares

Tuesday, 10th January, 2017

Am: 10:00

Suíomh: 70 Upper Leeson Street, Dublin 4

Ar an 10 Eanáir, shínigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn leabhar comhbhróin d'Iar-Phríomh Aire agus Iar-Uachtarán na Portaingéile Mario Soares

Bronntar Gradam Tionscnaimh TK Whitaker ar an Uachtarán

Thursday, 15th December, 2016

Am: 19:00

Suíomh: Ionad na Comhdhála, Baile Átha Cliath

At the 42nd Annual Business & Finance Irish Business Awards, taking place on Thursday 15 December at the Convention Centre Dublin, President Michael D.Higgins was honoured with the Inaugural TK Whitaker Award for Outstanding Contribution to Public Life.

In his speech, available below, the President paid tribute to T.K. Whitaker.

President visits ‘A Thousand Reasons, One Wish’ exhibition

Thursday, 01st December, 2016

Am: 15:45

Suíomh: Liberty Hall, Dublin

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín cuairt ar an taispeántas 'A Thousand Reasons, One Wish' i Halla na Saoirse.

Is grúis dhathúla  d’oragámaí Seapánach atá sa taispeántas agus is imircí gan doiciméid atá ina gcónaí in Éirinn a rinne iad. Bhuail an tUachtarán agus Saidhbhín le grúpa beag de na himircí agus d’éist siad lena raibh le rá acu faoin dtaithí a bhí acu ina gcónaí in Éirinn gan doiciméid.

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin in ómós d’ócáid lasta soilse ar an gCrann Nollag san Áras

Saturday, 10th December, 2016

Am: 15:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Gach bliain tagann thart ar 20,000 duine ar cuairt ar Áras an Uachtaraín, mar aíonna ag cuid den iliomad imeachtaí a eagraítear i dteach cónaithe Uachtarán na hÉireann.

Ag ceann amháin de na himeachtaí sin, a tharlaíonn gach bliain ag tús mhí na Nollag, cuireann an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidbhín fáilte roimh na gcéadta teaghlach chuig an Áras chun a bheith i láthair nuair a chastar air soilse na Nollag go hoifigiúil. Is ócáid ar leith a bhíonn anseo, mar a gcuireann an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte speisialta roimh na páistí in Áras an Uachtaráin tríd an teach a athrú ina áit lán le hiontais an gheimhridh, le soilse glioscarnacha, réinfhianna bréige agus béiríní geala bána agus tagann Daidí na Nollag é féin i láthair go speisialta.

Rinne an tUachtarán dreas cainte leis na teaghlaigh agus ina dhiaidh sin casadh air na soilse ar chrann Nollag taobh amuigh. 

Na Gradaim um Sheirbhíse den Chéad Scoth, do na Gaeil thar lear, á mbronnadh ag an Uachtarán

Thursday, 08th December, 2016

Am: 17:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Bronnann an tUachtarán Gradam Seirbhíse Dearscna an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear gach bliain, chun aitheantas a thabhairt do dhaoine atá lonnaithe thar lear agus a oibríonn ar son na tíre seo nó dóibh siúd a oibríonn ar son phobal Éireannach thar lear.

Beidh an fáiltiú ar siúl in Áras an Uachtaráin ar an 8 Nollaig 2016 i mbliana.

Síníonn an tUachtarán Leabhar Comhbhróin ar bhás Fidel Castro

Monday, 28th November, 2016

Am: 10:00

Suíomh: Ambasáid Chúba, Baile Átha Cliath

Comhdháil dar teideal “Chanels of Peace and Dialogue” ag Siúracha an Chreidimh ar son na Síochána…

Monday, 28th November, 2016

Am: 18:30

Suíomh: Teacht an Ardmhéara, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath

...á hoscailt go hoifigiúil ag Sabina

Lón ar scáth an Uachtaráin do Chéad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon

Monday, 28th November, 2016

Am: 12:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Chuir an tUachtarán lón ar fáil do Chéad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon.

I mí an Mheithimh 2016, bhuail an tUachtarán Ó hUigínn leis an Uasal Sturgeon i nGlaschú, mar ar phléigh siad bearta le comhoibriú idir Éire agus Albain a mhéadú. Chomh maith leis sin, tháinig an téama seo aníos in aitheasc an Uachtaráin chuig Parlaimint na hAlban níos déanaí an lá sin.

Tá téacs an aithisc sin ar fáil anseo: http://www.president.ie/en/media-library/Speeches/address-by-president-michael-d-higgins-to-the-scottish-parliament

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin do Chomhaltaí atá ag freastail ar Chomhdháil Dhomhanda na nIúdach

Monday, 21st November, 2016

Am: 17:30

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Reáchtáil an tUachtarán fáiltiú do thoscairí a bhí ag freastal ar Chomhdháil Dhomhanda na nGiúdach, eagras idirnáisiúnta atá ionadaíoch do phobail Ghiúdacha ar fud an domhain. Ina aitheasc, labhair an tUachtarán ar fhás na heagla, na héadulaingthe agus na heaspa comghéillte agus ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic leis na treochtaí sin.   

Thug an tUachtarán le tuiscint go gcuireann prionsabail uilíocha chearta an duine, chomh maith le traidisiún Giúdach an uilíochais, na luachanna agus an bonn eiticiúil ar fáil dóibh siúd go léir ar mian leo domhan níos fearr a thógáil.

An tUachtarán i láthair ag Searmanas Fáilte ó Uachtarán Laos Bounnhang Vorachith  

Tuesday, 15th November, 2016

Am: 10:00

Suíomh: Vientiane, Laos

President Michael D. Higgins began his Official Visit to the  Lao People’s Democratic Republic (Lao PDR) on Tuesday 15 November.
The President was accompanied by his wife Sabina Higgins and by Minister of State for Training, Skills and Innovation, John Halligan TD.
The visit was the first visit to Laos by an Irish Head of State and supported the development of stronger relations with the country, through discussions about Ireland’s international priorities, the promotion of cultural and education links, international development aid as well as of trade and investment relations. 
 

President Higgins visits UNESCO World Heritage Site

Sunday, 13th November, 2016

Am: 10:00

Suíomh: Halong Bay

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin do bhaill Philosophy Ireland

Saturday, 19th November, 2016

Am: 14:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Bhí fáiltiú ar scáth an Uachtaráin agus Saidhbhín Uí Uigínn do bhaill Philosophy Ireland , eagraíocht a bhfuil Saidhbhín ina patrún uirthi, chun Lá Domhanda na Fealsúnachta a cheiliúradh.

Agus é a caint faoin bhfealsúnacht a mhúineadh mar ábhar scoile, dúirt an tUachtarán

"philosophy is one of the most powerful tools we have at our disposal to empower children into acting as free and responsible subjects in an ever more complex, interconnected and uncertain world." 

Is féidir óráid an Uachtaráin a léamh thíos

Filleadh an Uachtaráin óna Chuairt Stáit go Vítneam - le lán searmanas

Thursday, 17th November, 2016

Am: 11:00

Suíomh: Áras an Uachtaráin

Upon his return from the State Visit to Vietnam and Laos, President Higgins received a ceremonial welcome at Áras an Uachtaráin: 

Cuairt an Uachtaráin ar Ospidéal Mahasot d’fhonn gearrchuntas a fháil ar chothú luath-óige

Wednesday, 16th November, 2016

Am: 15:00

Suíomh: Vientiane, Laos

President Higgins visited Mahosot Hospital in central Vientiane, a training hospital providing diagnostic and curative care across a range of disciplines. 

The President saw the Lao government efforts to promote improved early child nutrition and witnessed the positive partnership between government and civil society, supported by Irish Aid, in which women are supported in learning about early child nutrition before and immediately after birth. 

Tugtar An tUachtarán chuig Institiúid Náisiúnta Laos um Thurasóireacht agus Fáilteachas

Wednesday, 16th November, 2016

Am: 11:15

Suíomh: Vientiane, Laos

Thug an tUachtarán cuairt ar Institiuid Náisiúnta Turasóireachta agus Fáilteachais Laos (LANITH) a bhfuil traenáil sa bhainistíocht fáilteachais agus sa turasóireacht faighte ag a múinteoirí ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, le cabhair ó Chúnamh Éireann.

An tUachtarán i látháir ag Féasta Stáit in ómós dó

Tuesday, 15th November, 2016

Am: 18:30

Suíomh: Vientiane, Laos

Cruinniú ag an Uachtarán le Cathaoirleach an Tionóil Náisiúnta

Tuesday, 15th November, 2016

Am: 15:30

Suíomh: Vientiane, Laos

An tUachtarán i láthair ag cruinniú déthaobhach le Príomh-Aire Laos Thongloun Sisoulith

Tuesday, 15th November, 2016

Am: 14:00

Suíomh: Vientiane, Laos

An tUachtarán i láthair ag cruinniú le Uachtarán Laos Bounnhang Vorachith

Tuesday, 15th November, 2016

Am: 10:15

Suíomh: Vientiane, Laos

The President’s official visit to Lao People's Democratic Republic commenced on 15 November with a meeting with President Bounnhang Vorachith. 
The President's visit is the first by an Irish Head of State to Laos. 
 

President and Sabina visit the Temple of Literature

Sunday, 06th November, 2016

Am: 10:00

Suíomh: Hanoi, Vietnam

Cuairt an Uachtaráin ar Mhúsaem Ban an Deiscirt

Saturday, 12th November, 2016

Am: 10:00

Suíomh: Cathair Ho Chi Minh, Vítneam

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar Mhúsaem na mBan i gCathair Ho Chi Minh, áit a raibh cruinniú aige le heagrais na sochaí sibhialta a bhfuil tacaíocht acu ó Éirinn. 

Chuir na heagrais a gcuid oibre i réimsí na forbartha pobail, an éagumais agus na gceart LADT i láthair.