Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Máire Ní Thuathail

Dáta: Lua 19th Meá, 2016 | 21:05

"Beidh brón mór ar gach éinne a bhfuil baint acu leis an chraoltóireacht, 
agus leis an chraoltóireacht i nGaeilge ach go háirithe, de bharr bhás 
roimh am Mháire Ní Thuathail. 


Ní féidir an méid a rinne sí ar son na scannánaíochta agus na teilifíse in 
Éirinn a mheas. 

Ghlac sí leis an dúshlán TG4 a chur ar bun, d'fhorbair sí an stáisiún go 
fonnmhar agus chruthaigh sí ceann de na sobaldrámaí is mó le rá d'ár linn, 
is é sin Ros na Rún. 

Bhunaigh sí stiúideo agus na háiseanna eile a bhí ag teastáil leis an 
dúshlán seo a chur i gcríoch, agus thug a cúnamh agus a hoiliúint deis do 
go leor aisteoirí óga tabhairt faoin aisteoireacht agus faoin chraoladh. 


Cronófar go mór í, ní hamháin i measc an phobail chraolacháin, ach i measc 
a clainne agus a cairde chomh maith. 

Tá cur amach agam féin ar a cuid saothair, agus chuir scéala a báis brón 
mór orm. Tá mé an-bhuíoch di as an méid a rinne sí ar son na 
craoltóireachta Gaeilge. 

Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis."