Cuireann an tUachtarán Higgins fáilte roimh Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe Hillary Clinton
Bhuail an tUachtarán Higgins le Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe Hillary Clinton in Áras an Uachtaráin ar an 6 Nollaig, 2012.
Phléigh siad roinnt ceisteanna, agus san áireamh bhí a suim chomhroinnte i seasamh le cearta daonna domhanda agus ina gcosaint, an próiseas síochána i dTuaisceart Éireann agus a luach mar shamhail réitigh i gcoimhlintí réigiúnacha, an pobal Éireannach sna Stáit Aontaithe agus slándáil an tsoláthair bhia, cothú agus ceisteanna forbartha san Afraic.
Thapaigh an tUachtarán an deis buíochas a ghlacadh leis an Rúnaí Clinton as a tacaíocht go léir d’Éirinn thar na blianta – Mar Bhean an Uachtaráin, mar Sheanadóir na SA agus mar Rúnaí Stáit ina dhiaidh sin.


Téigh ar Ais