linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Diary
Back Button Téigh ar Ais

An tUachtarán ar cuairt chuig Museo Larco

Wednesday, 08th February, 2017

Am: 11:00

Suíomh: Lima, Peiriú

Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tús lena Chuairt Oifigiúil ar Pheiriú, atá dírithe ar caidreamh a fhorbairt le ceann de na geilleagair is tapúla fáis i Meiriceá Laidineach chomh maith le díriú ar cheiliúradh ar ról stairiúil na n-Éireannach i saoradh Pheiriú.

Thug an tUachtarán cuairt ar an Museo Larco, ceann de na músaeim is mó le rá i Lima, agus áit a bhfuil bailiúchán mór d’ealaín réamh-Cholómach, atá 5,000 bliain d’aois.

Téann caidreamh na hÉireann le Peiriú siar go dtí tréimhse na coilíneachta nuair a bhí Ambrose O'Higgins ina Fhear Ionaid an Rí deireanach, agus a raibh ról iomráiteach ag a mhac, Bernardo O'Higgins, san fheachtas le Peiriú a shaoradh ó réim na Spáinne.

I measc na n-Éireannach eile a raibh ról suntasach acu sa troid ar son shaoirse Pheiriú bhí  John Thomond O'Brien ó Chontae Chill Mhantáin, Francis Burdett O'Connor ó Chontae Chorcaí, Arthur Sandes ó Chontae Chiarraí, William Owens Ferguson ó Chontae Aontroma agus Thomas Charles Wright ó Chontae Lú.