linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Diary
Back Button Téigh ar Ais

Tugann an tUachtarán cuairt ar Chartlann na nÉireannach sa Bhreatain

Friday, 29th April, 2016

Am: 14:00

Suíomh: Ollscoil Metropolitan Londain

Tar éis dó cuairt a thabhairt ar an gCartlann, d’eisigh an tUachtarán an ráiteas seo a leanas:

"Is cuid thábhachtach d’oidhreacht na hÉireann, agus go háirithe dá stair imirceach, atá sa Chartlann.

Léiríonn na déantúsáin atá ar taispeáint flaithiúlacht na gclann Éireannach a chaith a saol i Londain. 

Tá tábhacht nach beag ag baint le hábhar an rabharta mhóir imirce sna 1950idí, mar aon leis an ábhar a bhaineann le tús na Seirbhíse Séiplíneachta agus le Cónaidhm na gCumann Contae. 

Tá ábhar luachmhar san ábhar an-luath i nGaeilge, sa bhunchló Gaelach, agus san áireamh tá saothar Chéad-Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde agus saothar de chuid an scríbhneora cháiliúil imircigh, Dónal Mac Amhlaigh."