linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Diary
Back Button Téigh ar Ais

Taispeántas dar teideal: “The Irish in Latin America” á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Thursday, 26th January, 2017

Am: 11:00

Suíomh: Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

D’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn taispeántas a dhéanann ceiliúradh ar ról imircigh na hÉireann i Meiriceá Laidineach agus a dhíríonn ar stair chomhroinnte na hÉireann agus Mheiriceá maidir leis an gcoilíneachas agus an neamhspleáchas a tháinig ina dhiaidh sin agus leis an gcomhrac réabhlóideach.

Tá mórphearsana na hÉireann a raibh baint acu le comhraic réabhlóideacha agus neamhspleáchais trasna mhór-roinn Mheiriceá Laidineach sa taispeántas agus insítear scéal na mban agus na bhfear Éireannach a chuaigh go tíortha éagsúla i Meiriceá Laidineach agus sa Mhuir Chairib san 18ú agus sa 19ú haois.