linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Diary
Back Button Téigh ar Ais

An daicheadú Féile Ealaíon Pobail sa Chlocháin á hoscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Wednesday, 13th September, 2017

Am: 19:00

Suíomh: An Clochán, Gaillimh

D’oscail an tUachtaráin Micheál D. Ó hUigínn an daicheadú Féile Ealaíon sa Chlochán, go foirmeálta. 

 Léirigh an tUachtarán a ómós do bhunaitheoirí na Féile, agus dóibh siúd a choinnigh á bainistiú i rith na mblianta, i gcomhar le pobal na háite.    

Ó insealbhaíodh mar Uachtarán é sa bhliain 2011, is rí-mhinic a thráchtaigh an tUachtarán ar an gcaoi ar féidir le forbairt an chultúir agus na cruthaitheachta in ár sochaí, a bheith ina mbunús le saoránacht ionchuimsitheach, atá tóghta ar shainbhrí, ar oidhreacht, agus ar an ionannas atá againn i bpáirt le chéile, a chruthú.