linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Diary
Back Button Téigh ar Ais

Aitheasc tosaigh do Chruinniú Comhairle Amnesty International á thabhairt ag an Uachtarán

Friday, 07th August, 2015

Am: 10:30

Suíomh: Óstán & Ionad Comhdhála Iarthar na Cathrach, Teach Sagard

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an t-aitheasc oscailte ag an 32ú cruinniú comhairle idirnáisiúnta de chuid Amnesty International i mBaile Átha Cliath. 

Ina aitheasc, thug an tUachtarán aitheantas do shaothar eagraíochtaí chearta an duine agus labhair sé faoi fhreagra an AE ar ghéarchéim na n-imirceach sa Mheánmhuir, agus dúirt sé gur lagaigh a teip “ní hamháin idéal an AE, ach seans ar bith a bhí ann go mbeadh an t-aontas sin ina eiseamláir don dlí idirnáisiúnta agus a ionstraimí”.

Is féidir leat aitheasc an Uachtaráin a léamh, nó éisteacht le sleachta ón aitheasc, trí chliceáil ar an nasc thíos.