Tugann An tUachtarán Léacht Chuimhneacháin Dhónaill Uí Chonaill, 2015

Déa 19th Sam, 2015 | 17:00
suíomh: Foirgneamh Drioglainne, 145- 151 Sráid an Teampaill

Ag an ochtú Léacht Chuimhneacháin Dhomhnaill Uí Chonaill, arna reáchtáil ag Comhairle Bharra na hÉireann, labhair an tUachtarán faoi dhúshlán chearta an duine maidir leis an dlí comhaimseartha, an pholaitíocht agus an eacnamaíocht.

Dúirt an tUachtarán nach uaillmhian atá i gcearta an duine; gur riachtanas práinneach an dlí agus an daonlathais atá iontu agus go dtugann éilimh chearta uilechoiteanna agus dhínit an duine dúshlán ár gcúirteanna go leanúnach gach lá.  

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Bharra na hÉireann, David Barniville AS, “Tá sé fóirsteanach gurb é an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn atá le Léacht Chuimhneacháin Dhomhnaill Uí Chonaill na bliana seo a thabhairt, tharla go bhfuil sé tar éis a bheith i mbun feachtais ar son chearta an duine agus chur chun cinn na síochána agus an daonlathais in Éirinn agus in áiteanna go leor ar fud an domhain ar feadh a shaoil lena n-áirítear 40 bliain mar ionadaí pobail. Bhí Domhnall Ó Conaill ar dhuine de na habhcóidí ba chéimiúla lena linn, agus, ach an oiread leis an Uachtarán Ó hUigínn, bhí uilíocht chearta an duine lárnach ina chuid oibre, agus ar deireadh ina oidhreacht." 

 

Cliceáil ar an nasc thíos chun aitheasc an Uachtaráin a léamh.