linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Diary
Back Button Téigh ar Ais

An tUachtarán i láthair ag ócáid in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dun Uí Choileáin d’fhonn aitheantas…

Tuesday, 12th September, 2017

Am: 11:00

Suíomh: Dún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath

...a thabhairt dá gComóradh Cinn 20.

 

Bunaíodh Ard-Mhúsaem na hÉireann - na hEalaíona Maisiúla agus Stair – in Meán Fómhair 1997.  Tá sé lonnaithe i nDún Uí Choileáin, Baile Átha Cliath.  Ba bhunáit airm é an Dún ar feadh 300 bliain, sular rinneadh athchóiriú air, le bheith in úsáid mar Mhúsaem.

Thrácht an tUachtarán ar thábhacht stairiúil an Dúin, agus rianaigh sé a ról lárnach san iliomad chaibidil de sheansaol choimpléascach na hÉireann.

Mhol sé Ard-Mhúsaem na hÉireann a bhfuil ról fíor-thábhachtach bainte amach acu i gcothú measa an phobail, agus léirthuiscint á sholáthar ar stair na hÉireann.