linkedin document video images microphone

Uachtarán na hÉireann

Uachtarán na hÉireann

Diary
Back Button Téigh ar Ais

An tUachtarán i mbun spreagaithisc i Roinn Gnóthaí Eachtracha Pheiriú

Thursday, 09th February, 2017

Am: 16:00

Suíomh: Palacio de Torre Tagle, Lima, Peiriú

Déardaoin, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn óráid mhór ar chaidreamh na hÉireann le Peiriú agus ar ionchur na n-Éireannach i Meiriceá Laidineach.

Dúirt an tUachtarán go raibh líon mór Éireannach bainteach le héirí amach agus le gluaiseachtaí náisiúnta ar fud Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib – i Meicsiceo, sa tSile, sa Bholaiv, sa Cholóim, san Airgintín, sa Bhraisíl, i bPuerto Rico, i gCúba agus i bPeiriú – agus gur liostáil na mílte Éireannach in airm tírghráthóirí le troid in aghaidh riail na Spáinne idir 1817 agus 1824.

Ina aitheasc sa Palacio de Torre Tagle dhírigh an tUachtarán ar oidhreacht Ruairí Mhic Easmuinn. Labhair an tUachtarán ar ionchur Mhic Easmuinn i gcearta an duine, trína chuid oibre i gceantar Putumayo.