Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais

hAo 13th Iúi, 2018 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Tíolacann Ambasadóirí a gCreidiúnais

A.Sh. Omar Al-Nahar, Ambasadóir Ríocht Haisimíteach na hIordáine

A. S. an Dochtúir Soeung Rathchavy, Ambasadóir Ríocht na Cambóide

A. Sh. Derick Ally, Uasal, Ambasadóir Phoblacht na Séiséal

A. Sh. Papa Owusu Ankomah, Uasal Ambasadóir Phoblacht Ghána             

 

 

Anuraidh, chuir 33 Ambasadóir eachtrannach a gcuid dintiúr faoi bhráid an Uachtaráin Uí Uigínn.

Ar theacht dóibh go hÉirinn, agus sular féidir leo tabhairt faoina gcuid dualgas, ní mór d’Uachtarán na hÉireann fáilte a chur rompu go hoifigiúil. Déantar ambasadóirí a chreidiúnú go hoifigiúil le dul ag obair in Éirinn a luaithe is a ghlacann an tUachtarán lena ndintiúir.

Is iad na litreacha creidiúnaithe na cáipéisí oifigiúla a shainaithníonn na hambasadóirí nua mar ionadaithe oifigiúla a gCinn Stáit.

Cuirtear Searmanas Bronnta na Litreacha Creidiúnaithe ar siúl i Seomra Fáiltithe an Stáit in Áras an Uachtaráin. Tar éis an tsearmanais, tugann an tUachtarán cuireadh don Ambasadóir nua chuig cruinniú príobháideach, agus ina dhiaidh sin cuirtear onóracha míleata ar fáil taobh amuigh den Áras.