Obair in Éirinn

Obair in Éirinn

Obair in Éirinn

Aithisc agus Cainteanna

Labhraíonn Uachtarán na hÉireann i rith gach ceann dá choinní poiblí, beagnach.

Cuireann an tUachtarán in iúl fís agus téamaí a uachtaránachta don phobal trína chuid focal scríofa agus labhartha agus bíonn sé ag iarraidh aird a dhíriú ar na ceisteanna agus na fadhbanna atá tábhachtach inár saol sibhialta comhroinnte.

Trína chuid aitheasc, cuireann an tUachtarán leis an dioscúrsa poiblí agus spreagann sé smaointe nua chun todhchaí na hÉireann a mhúnlú.

Imeachtaí san Áras

Cuireann an tUachtarán fáilte roimh chuairteoirí chuig Áras an Uachtaráin go rialta. Bíonn leagan amach éagsúil ar na coinní sin, mar seo a leanas:

Turas agus Cruinniú: Tagann go leor grúpaí móra daoine chuig Áras an Uachtaráin le bualadh leis an Uachtarán. Ar na hócáidí sin, cuireann Aide-De-Camp (ADC) an Uachtaráin fáilte rompu agus tugtar go dtí an Seomra Fáiltithe Stáit iad. Sa Seomra Fáiltithe Stáit cuireann an ADC ar an eolas iad faoina mbeidh rompu nuair a bhuailfidh siad leis an Uachtarán. Casann an tUachtarán ar an ngrúpa sa Seomra Fáiltithe Stáit agus cuireann sé fáilte roimh gach aoi ina nduine is ina nduine. Ansin labhraíonn sé go neamhfhoirmiúil leis an ngrúpa agus de ghnáth tógtar grianghraf den ghrúpa leis an Uachtarán. Iarrtar ar an ngrúpa ansin sólaistí a ghlacadh sna Seomraí Stáit agus, má bhíonn an t-am ann, téann an tUachtarán i gcuideachta an ghrúpa chun labhairt go neamhfhoirmiúil leo. Ach na sólaistí a bheith caite, tugann ADC an Uachtaráin an grúpa ar thuras na Seomraí Stáit stairiúla.

Cuairt Chúirtéise: eagraítear cuairt chúirtéise nuair a thagann grúpaí beaga daoine chuig Áras an Uachtaráin chun bualadh leis an Uachtarán. Cuireann Aide-De-Camp (ADC) an Uachtaráin fáilte rompu agus tugtar go dtí an Parlús Stáit iad. Sa Pharlús Stáit cuireann an ADC an grúpa ar an eolas faoina mbeidh rompu nuair a bhuailfidh siad leis an Uachtarán. Casann an tUachtarán ar an ngrúpa sa Pharlús Stáit agus cuireann sé fáilte roimh gach aoi ina nduine is ina nduine. Má fheileann sé don sceideal, tugann an tUachtarán cuireadh don ghrúpa sóláistí a ghlacadh sa Pharlús Stáit ansin.

Fáiltiú: ó am go chéile tugann an tUachtarán cuireadh do ghrúpaí móra chuig Áras an Uachtaráin i gcomhair fáiltiú, chun daoine nó eachtraí áirithe a chomóradh. Mar chuid den fháiltiú, iarrtar ar na haíonna dul i líne fháiltithe i nDorchla Francini ionas go mbeidh deis acu bualadh ina nduine is ina nduine leis an Uachtarán agus lena bhean chéile, Saidhbhín.

Coinní Réigúnacha

Taistealaíonn an tUachtarán go rialta ar fud oileán na hÉireann, le freastal ar imeachtaí pobail nó oifigiúla. Is féidir sonraí choinní poiblí an Uachtaráin ar fud na tíre a fháil ar an gcuid sin den dialann ar an suíomh gréasáin a bhaineann le coinní poiblí.