Máire Mhic Róibín

1990 - 1997

Máire Mhic Róibín

Rugadh Mary Robinson ar an 21 Bealtaine 1944, i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo. Abhcóideacht is gairm di agus ceapadh í ina hOllamh Reid sa Dlí Choiriúil i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath agus í 25 bliain d’aois ag an am. Bhunaigh sí Ionad na hÉireann um an Dlí Eorpach in éineacht lena fear céile, Nicholas (phós siad in 1970) sa bhliain 1988.

Toghadh í mar ionadaí Choláiste na Trionóide i Seanad Éireann 1969 -89.

D’fhreastail sí ar na coistí parlaiminte seo a leanas:
Comhchoiste um Reachtaíocht Thánaisteach de chuid an CE 1973 – 89 agus Cathaoirleach ar a Fhochoiste um Ghnóthaí Sóisialta 1977 – 87, Cathaoirleach ar a Choiste um Ghnóthaí Dlí 1987 – 89; Comhchoiste um Chliseadh Póstaí 1983 – 85. Bhí sí ina ball de Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath 1979 – 83.

Ar an 3 Nollaig 1990, insealbhaíodh Mary Robinson mar sheachtú Uachtarán na hÉireann. D’éirigh sí as ar an 12 Meán Fómhair 1997, chun glacadh le ceapachán mar Ard-Choimisinéir um Chearta an Duine leis na Náisiúin Aontaithe.