Máire Mhic Ghiolla Íosa

1997 - 2011

Máire Mhic Ghiolla Íosa

Ar an 11 Samhain 1997 insealbhaíodh Máire Mhic Ghiolla Íosa mar ochtú Uachtarán na hÉireann. Atoghadh Máire Mhic Ghiolla Íosa Dé hAoine 1 Deireadh Fómhair 2004, agus í ar an aon iarratasóir a ainmníodh go bailí. Is abhcóide í agus iar-Ollamh le Dlí. Rugadh ar an 27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste í agus is í an chéad Uachtarán ó Thuaisceart Éireann. Tá sí pósta, ó 1976, leis an Dr. Máirtín Mac Giolla Íosa, cuntasóir agus fiaclóir. Tá triúr clainne orthu, Emma, a rugadh in 1982 agus cúpla, Justin agus SaraMai a rugadh in 1985.

Tá an tUachtarán Mhic Ghiolla Íosa ar an duine is sine de naonúr clainne, agus tógadh i mBéal Feirste i dTuaisceart Éireann í le linn na tréimhse foréigní, a dtugtar anois air ‘Na Trioblóidí’. Bhí a muintir ar cheann den iliomad a ndearnadh dochar dóibh. Bhain sí amach céim sa Dlí in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste in 1973 agus glacadh léi mar abhcóide in 1974. Sa bhliain 1975 ceapadh í mar Ollamh Reid sa Dlí Choiriúil, sa Choireolaíocht agus sa Phionóseolaíocht i gColáiste na Trionóide, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1987, d’fhill sí ar a hAlma Mater, Coláiste na Banríona, lena bheith ina Stiúrthóir ar Institiúid na Staidéar Gairmiúil Dlí. In 1994, ceapadh í mar an chéad Leas-LeasSeansailéar baineannach ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Tá taithí ag an Uachtarán Mhic Ghiolla Íosa mar chraoltóir, agus d’oibrigh sí mar iriseoir agus láithreoir cúrsaí reatha ar an raidió agus ar an teilifís le Raidió Teilifís Éireann. Tá suim le fada an lá aici i gceisteanna go leor a bhaineann leis an gceartas, leis an gcomhionannas, leis an gcuimsiú sóisialta, leis an bhfrithsheicteachas agus leis an athmhuintearas. Is é téama a hUachtaránachta ‘Tógáil Droichead’. 

I measc a ceapachán eile tá;

  • Stiúrthóir ar Channel 4 Television.
  • Stiúrthóir, Northern Ireland Electricity
  • Toscaire chuig Comhdháil ar Thrádáil agus Infheistíocht in Éirinn in 1995, agus chuig Comhdháil Pittsburg a tháinig ina dhiaidh in 1996.
  • Ball de thoscaireacht na hEaglaise Caitlicí in 1996 chuig Coimisiún an Tuaiscirt maidir le Paráidí Conspóideacha.
  • Ball de Thoscaireacht Easpagóideach na hEaglaise Caitlicí chuig Fóram Nua-Éireann in 1984.
  • Ball bunaidh de Choimisiún na hÉireann do Phríosúnaigh Thar Lear.