Fís don Uachtaránacht

Fís don Uachtaránacht

Fís don Uachtaránacht

Fís don Uachtaránacht

“Is uachtaránacht chlaochlaithe a bheidh i m’uachtaránachtsa, ag tabhairt aitheantais don iliomad tionscnamh dearfach atá ar siúl cheana i bpobail, sa gheilleagar agus sna hiarrachtaí aonair agus comhchoiteanna ar fud ár dtíre agus ag tógáil orthu. Is Uachtaránacht a bheidh ann a dhéanfaidh ceiliúradh ar ár bhféidearthachtaí go léir. Déanfaidh sé iarracht cúnamh agus spreagadh a thabhairt don infheistíocht agus do chruthú jabanna, don nuálaíocht agus don smaoineamh úrnua – Uachtaránacht smaointe – a bheidh oscailte do pharaidímí nua smaointe agus gníomhartha agus a bheidh ag tabhairt aitheantais dóibh. Beidh sé ag tnúth le togha na smaointe a iompú ina réaltacht bheo ar mhaithe lenár bpobal iomlán, agus ár bhfeideartheachtaí gan teorainn a fhíorú.”

“Agus an claochlú sin á dhéanamh, tá sé riachtanach go bhfágtar i leataobh na rudaí sin a nglactar leo ach ar theip orthu, agus go n-oibreoimid le chéile ar son tacar luachanna éagsúil a chuideoidh linn geilleagar sóisialta inbhuanaithe agus sochaí atá fíoreiticiúil agus cuimsitheach a thógáil. Sochaí agus stát a dhéanfaidh iontaoibh agus muinín a athbhunú sa bhaile agus a bheith ina chomhartha fiúntach den Éireannachas thar lear, rud a tharraingeoidh caidreamh measa agus comhoibrithe ar feadh an domhain.”

Aitheasc insealbhaithe, 11 Samhain 2011

Fíor-Phoblacht

Creideann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn san Fhíor-Phoblacht, bunaithe ar phrionsabail na cothroime agus na rannpháirtíochta agus ar aitheantas do dhínit gach saoránaigh.

“Is dúshlán dúinn go léir, fós, na héilimh a bhaineann le Poblacht, sa chiall is leithne den téarma, a bheidh fíor agus cuimsitheach, a thógáil ach is dúshlán é ar cheart dúinn a ghlacadh i gcomhar lena chéile.”

 

Aitheasc insealbhaithe, 11 Samhain 2011

Saoránacht chuimsitheach

“Agus an t-údarás a thug sibh dom á chur i bhfeidhm agam, déanfaidh mé iarracht saoránacht chuimsitheach a bhaint amach, mar a mbeidh gach saoránach rannpháirteach agus mar a dtabharfar meas do gach uile dhuine. Díreoidh mé ar thionscnaimh chuimsithe ar fud na hÉireann agus tabharfaidh mé tacaíocht dóibh agus tabharfaidh mé tús áite do chuairteanna a thabharfaidh tacaíocht do rannpháirtíocht na ndaoine sin is mó atá eisiata, iad sin atá faoi chúram institiúide san áireamh.”

“Ní mór dúinn iarracht a dhéanamh saoránacht ghníomhach agus chuimsitheach a chruthú; bunaithe ar an rannpháirtíocht, ar an gcomhionnanas, ar an meas ar gach uile dhuine, agus ar bhorradh na cruthaitheachta de gach uile shaghas. Is é ár ndóchas go mbeidh an pobal muiníneach as féin, é ar a shuaimhneas agus tuiscint aige ar an gciall dhomhain a bhaineann leis an seanfhocal ‘ní neart go cur le chéile’ – is i leas an phobail atá an neart – ár ndlúthpháirtíocht shóisialta.”

“Teastaíonn an toil agus an deis le páirt a ghlacadh ar gach leibhéal agus ar gach bealach i gcomhair na saoránachta cuimsithí – a bheith inár saigheada, ní inár spriocanna.”

Aitheasc insealbhaithe, 11 Samhain 2011

Sochaí Chruthaitheach

Tugann an tUachtarán cuireadh do gach saoránach páirt a ghlacadh i sochaí chruthaitheach na hÉireann.

“Seasfaidh mé ar son na bpobal cruthaitheach atá ag cur athruithe dearfacha i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil trí aitheantas a thabhairt ar an stáitse náisiúnta dá bhfuil bainte amach acu. Creidim go leagtar bunchloch na fostaíochta inbhuanaithe i dtionscail chruthaitheacha agus go bhfeabhsaítear ár bhforbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta nuair a spreagaimid ceapach síl na cruthaitheachta inár bpobail.”

Aitheasc insealbhaithe, 11 Samhain 2011

Todhchaí Chomhroinnte

“Ach cuimsiú agus cruthaitheacht á gcur chun cinn agam, beidh mé ag tabhairt cuireadh do gach saoránach, óg agus aosta, a gcion tairbhe samhlaíoch agus praiticiúil féin a dhéanamh chun ár dtodhchaí chomhroinnte a mhúnlú. Is féidir todhchaí chomhroinnte, bunaithe ar spiorad an chomhair, ar an toil chomhchoiteann agus ar an bhfíor-rannpháirtíocht i ngach gné den saol poiblí a bhaint amach agus creidim gur féidir linn é a bhaint amach le chéile. San oidhreacht shaibhir atá againn, bhí na rudaí sin a d’iompaigh i dtreo na todhchaí agus i dtreo na féidearthachta ar na rudaí ba luachmhara a bhí againn. Is í an bhraistint sin a thug i dtreo an neamhspleáchais muid.  Is í sin a chuidigh linn teacht as bráca na hainnise agus a chuideoidh linn na deacrachtaí reatha a chur dínn agus an fhíor-Phoblacht, atá ansin dúinn le baint amach, a cheiliúradh. Ní mór do gach aois, tar éis an tsaoil, a aisling féin a bheith aici agus domhan níos fearr, níos cineálta, níos sona agus níos comhroinnte a thaibhreamh.”

Aitheasc insealbhaithe, 11 Samhain 2011

Seimineáir na hUachtaránachta – Todhchaí Chomhroinnte na hÉireann á Múnlú

“Le linn m’Uachtaránachta, tá sé i gceist agam roinnt Seimineár Uachtaránachta a chur ar siúl a d’fhéafadh téamaí atá tábhachtach dúinn inár saol a léiriú agus a phlé, atá níos leithne agus atá neamhspleách ar éilimh reachtaíochta, téamaí mar athbhunú muiníne inár n-institiúidí, an ceangal eiticiúil idir ár ngeilleagar agus ár sochaí, agus todhchaí na hEorpa bunaithe ar an síocháin, ar dhlúthpháirtíocht shóisialta agus ar an inbhuanaitheacht.”

Aitheasc Insealbhaithe, 11 Samhain 2011

  • An Óige agus an tÉireannachas 
  • Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann