Dubhghlas de hÍde

1938 - 1945

Dubhghlas de hÍde

Bhí Dubhghlas de hÍde (ainm cleite “An Craoibhín Aoibhinn”) ar chéad Uachtarán na hÉireann ón 25 Meitheamh, 1938 go dtí an 24 Meitheamh, 1945.

Rugadh é ar an 17 Eanáir 1860, in An Caisleán Riabhach é, agus tógadh é i nDún Gar, Co. Ros Comáin, agus bhí sé ar chomhbhunaitheoir agus chéad Uachtarán (1893-1915) Chonradh na Gaeilge, gluaiseacht náisiúnta athbheochan na teanga Gaeilge. Fuair sé bás ar an 12 Iúil 1949.

  • Ollamh Eatramhach na Nua-Theangacha, Ollscoil Stáit New Brunswick, 1891.
  • Uachtarán ar an National Literary Society, 1894-5.
  • Uachtarán ar an Irish Texts Society; Leas-Eagarthóir, New Irish Library, 1897.
  • Ollamh le Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, 1909-32: Déan ar Dhámh na Ceiltise.
  • Comhalta Sheanad Ollscoil na hÉireann, 1909-19.
  • Cathaoirleach ar an gCumann le Béaloideas Éireann, 1930-34.
  • Eagarthóir ar Lia Fáil, 1925.
  • Comhalta de Sheanad Éireann, 1925 & 38.