Micheál D. Ó hUigínn

Ó 2011 go dtí an lae inniu

Micheál D. Ó hUigínn

Micheál D. Ó hUigínn

Insealbhaíodh Micheál D. Ó hUigínn ina naoú Uachtarán ar Éirinn ar an 11 Samhain 2011. Insealbhaíoch é don dara téarma ar an 11 Samhain 2018.

Guth díograiseach polaitíochta, file, scríbhneoir, fear léinn, tacadóir chearta an duine,  duine a chuireann an tsaoránacht chuimsitheach chun cinn agus seaimpín na cruthaitheachta i sochaí na hÉireann, tá Micheál D. Ó hUigínn tar éis a chion tairbhe a dhéanamh ag beagnach gach leibhéal i saol poiblí na hÉireann, agus áirítear ansin a phost mar chéad aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta na hÉireann.

Rugadh Micheál D. Ó hUigínn ar an 18 Aibreán 1941 i gcathair Luimní agus tógadh i gContae an Chláir é.  Bhí sé ina oibrí monarchan agus ina chléireach sula ndeachaigh sé i mbun an ardoideachais,  an chéad duine dá mhuintir a raibh teacht aige air.  Chuaigh sé  i mbun staidéir i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, in Ollscoil Mhanchain agus in Ollscoil Indiana.

Tá Micheál D. Ó hUigínn pósta le  Saidhbhín Uí Uigínn agus tá ceathrar clainne acu.  D’fhreastail Saidhbhín Uí Uigínn ar stiúideo aisteoireachta Stanislavski  i mBaile Átha Cliath agus bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an Focus Theatre.

Mar léachtóir sa pholaitíocht agus sa socheolaíocht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá, thacaigh Micheál D. Ó hUigínn go paiseanta le teacht ag an ngnáthphobal, atá taobh amuigh de bhallaí na nOllscoileanna bunaithe, ar an oideachas tríú leibhéil. Bhí sé páirteach go lárnach i bhforbairt an staidéir sheachtraigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus thaistil sé ar fud iarthar na hÉireann chun ranganna oíche a chur ar siúl a mbeadh fáil orthu ag saoránaigh ar shuim leo iad.

Bhí fonn ar Micheál D. Ó hUigínn tabhairt faoi obair níos dírithe ar an gcomhionannas agus ar an gceartas agus dá bharr sin shocraigh sé dul i mbun oibre sa saol poiblí agus rinne sé fónamh mar ionadaí pobail ag roinnt leibhéal, mar Chomhairleoir agus Méara, mar Sheanadóir ar feadh 9 mbliana agus mar Theachta Dála ar feadh 25 bliain.

Bhí Micheál D. Ó hUigínn ina chéad Aire Ealaíon idir 1993 agus 1997,  agus i measc na nithe a bhain sé amach bhí athspreagadh thionscal scannánaíochta na hÉireann, bunú Theilifís na Gaeilge, TG4 anois, agus aisghairm na cinsireachta faoi Alt 31 de na hAchtanna Craolacháin. Bhunaigh sé  gréasán torthúil d’ionaid áitiúla ealaíon agus cultúir, gníomh tábhachtach a thug teacht ar na saoráidí seo do shaoránaigh ar fud na hÉireann. Chomh maith leis sin,  chuir sé athbheochan ghréasán canálacha na hÉireann chun cinn, gníomh a raibh níos mó ná 1,000 ciliméadar d’uiscebhealaí inseolta mar thoradh air, a thug taca do na mílte jabanna agus a chruthaigh rachmas i gcuid mhaith ceantar tuaithe agus ceantar díothach ó thaobh an gheilleagair de sa Stát.

Ach an oiread le cuid mhaith de mhuintir na hÉireann, chonaic Micheál D. Ó hUigínn glúine dá mhuintir ag imeacht ar imirce. Tá an-suim aige i muintir na hÉireann thar lear agus comhbhá aige leo agus tugann sé cuairt go rialta ar Ionaid Éireannacha sa Bhreatain.

Ar feadh a shaoil, bhí Micheál D. Ó hUigínni mbun feachtais ar son chearta an duine agus ar son chur chun cinn na síochána agus an daonlathais in Éirinn agus in go leor ceantar eile ar domhan, ó Nicearagua agus an tSile go dtí An Chambóid, An Iaráic agus an tSomáil. In 1992, ba é Micheál D. Ó hUigínn  an chéad duine  ar bronnadh Duais Síochána Sheán Mhic Giolla Bhríde air, ón mBiúró Síochána Idirnáisiúnta in Helsinki, mar aitheantas ar a chuid oibre ar son na síochána agus an chirt in áiteanna go leor ar domhan.

Is scríbhneoir agus file é  Micheál D. Ó hUigínn chomh maith, agus tá píosaí scríofa aige in a lán leabhar ina bpléitear gnéithe éagsúla de pholaitíocht, de shocheolaíocht, de stair agus de chultúr na hÉireann. Tá dhá chnuasach aistí foilsithe aige — ‘Causes for Concern — Irish Politics, Culture and Society’ agus dhá chnuasach óráidí: ‘When Ideas Matter: Speeches for an Ethical Republic’ agus ‘1916 Centenary Commemorations and Celebrations: Speeches by President Michael D. Higgins’”  Tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe aige chomh maith — The Betrayal; The Season of Fire; An Arid Season agus New and Selected Poems.
 

I measc cheapacháin eile Micheál D. Ó hUigínn bhí:

  • Teachta i nDáil Éireann ar feadh 25 bliain;
  • Ball de Sheanad Éireann ar feadh 9 mbliana;
  • An chéad Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta i Rialtas na hÉireann, 1993-97;
  • Mar Aire, bhí freagracht dhíreach air an Ghaeilge a chur chun cinn agus geilleagar agus sochaí na Gaeltachta sa Stát a fhorbairt;
  • Urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre sa Dáil ar Ghnóthaí Eachtracha agus duine de bhunaitheoirí An Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Eachtracha;
  • Méara na Gaillimhe ar feadh dhá théarma;
  • Ollamh Taca Oinigh in Ionad na hÉireann um Chearta an Duine in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.
  • Colúnaí rialta san iris mhóréilimh ‘Hot Press’ le linn na tréimhse 1982—1992,  nuair a rinne sé plé go fóinteach le lucht léitheoireachta óg maidir le ceisteanna sóisialta an lae.