Leabharlann na Meán

Óráidí

Nótaí Cainte don Uachtarán Michael D. Higgins ag Caifé Cois Laoi, Gael-Taca Teo, Corcaigh

Nótaí Cainte don Uachtarán Michael D. Higgins ag Caifé Cois Laoi, Gael-Taca Teo, Corcaigh 7 Nollaig 2012

Fáiltiú

A dhaoine uaisle

Ba mhaith liom ar dtús báire buíochas ó chroí a ghabháil le Gael-Taca agus go mór mór le Pádraig Hamilton agus le hAdrian Breathnach as cuireadh a thabhairt dom chun cúpla focal a rá anseo tráthnóna inniu.  Tá mé an-bhuíoch díbhse go léir freisin as an bhfáilte chroíúil a chuir sibh romham san ionad breá seo.

Pádraig Ó Cuanacháin

Ní bheadh muid anseo ar chor ar bith inniu murach duine amháin a chuir a chroí agus a anam isteach i nGael-Taca.   Ar ndóigh, táim ag caint faoi Phádraig Ó Cuanacháin atá ar shlí na fírinne, go ndéana Dia trócaire ar a anam. Bhí Pádraig ar dhuine de na chéad ceannródaithe a bhunaigh Gael-Taca.   Fear físiúil tionscantach ab ea é a chreid go láidir go raibh bá ag an lucht gnó i gCorcaigh don Ghaeilge agus gurbh fhiú go mór iad a ghríosú chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar shlite praicticiúla.

Bhí dlúthbhaint ag Pádraig freisin le bunú gaelscoileanna i gcathair agus i gcontae Chorcaí.  Chuir Pádraig roimhe go mbeadh an Ghaeilge le tabhairt faoi deara ag daltaí scoile lasmuigh den rang scoile agus thacaigh gníomhaíochtaí an lucht ghnó go mór leis an gcur chuige sin.

Tá borradh agus fás tagtha ar an nGaeilge ó shin i leith, agus tá Gael-Taca faoi bhláth agus ag dul ó neart go neart ar an dúshraith láidir a leag Pádraig síos dó.  Ní haon iontas é mar sin, gurb é Gradam Uí Chuanacháin an príomhthogra atá ag Gael-Taca sa lá atá inniu ann.  Is comórtas tarraingteach é seo atá urraithe ag an Evening Echo don ghnó is fearr a chuireann an Ghaeilge chun cinn.   Gan aon amhras, is féidir na focail chlúiteacha “ní bheidh a leithéid arís ann” a lua faoi Phádraig.

Gael–Taca 

Mar is eol daoibh uilig atá bailithe anseo tráthnóna, bunaíodh Gael-Taca sa bhliain 1987.  Is eagras margaíochta don Ghaeilge é Gael-Taca a dhéanann freastal ar chathair agus ar chontae Chorcaí. De bharr a chuid gníomhaíochtaí, déantar an Ghaeilge a chur i láthair an phobail ar bhonn laethúil trí lucht gnó a mhealladh chun fógraíocht i nGaeilge a úsáid i siopaí, in ollmhargaí, i mbainc, i seirbhísí poiblí agus i go leor seirbhísí eile.

Ní Gael-Taca amháin atá i mbun na hoibre seo anois ach bhí siad ar an gcéad dream a thuig an tábhacht a bhain leis an mhargaíocht mar ghléas éifeachtach chun feiceálacht agus úsáid na Gaeilge a láidriú sa saol poiblí mórthimpeall

Is cúis dóchais agus bróid é an dul chun cinn mór atá déanta ag Gael-Taca ó 1987 i leith chun an teanga a chur chun cinn.  Faoi láthair, tá breis agus 200 ball cláraithe le Gael-Taca agus tuigim go gcuirtear raon seirbhísí den scoth ar fáil, ar a n-áirítear:

Oifig Eolais na Gaeilge a chuireann eolas faoi imeachtaí Gaeilge ar fáil don phobal maidir le ranganna Gaeilge, ciorcail chomhrá agus imeachtaí Gaeilge eile a bhíonn ar siúl  i gCorcaigh;

comhairle agus tacaíocht do chomhlachtaí  a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge;

Clár Raidió Gaeilge seachtainiúil a chraoladh; agus

seirbhísí aistriúcháin.

Rinne coiste Ghael-Taca cinneadh an-tábhachtach dhá bhliain ó shin nuair a shocraigh siad athlonnú ó oifig bheag ar chúl sráide i gCorcaigh go dtí oifig nua i gcroílár na cathrach atá níos áisiúla i ngach slí. Mar a deir an seanfhocal agus mar a thuig ár sinsir romhainn, “muna bhfuil agat ach pocán gabhair, bí i lár an aonaigh leis!”.

Tá sé tábhachtach timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine compordach agus muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid, is cuma cén leibhéal cumais atá acu.   Tréaslaím libh as an áis álainn seo a chur ar fáil do phobal Chorcaí.  Tugann sé deis iontach dóibh bualadh le chéile in atmaisféar taitneamhach  chun tamall comhrá  a dhéanamh.

Tuigim gur oibrithe deonacha atá ag Gael-Taca agus go bhfuil cuid de na hoibrithe seo ag tabhairt a gcuid ama go dílis le cúig bliana agus fiche anuas, daoine ar nós an Cathaoirleach anseo, Pádraig Hamilton.  Molaim go mór sibh.  Molaim freisin an tacaíocht leanúnach atá á tabhairt do Ghael-Taca ag Comhairle na Cathrach agus Comhairle Contae Chorcaí chomh maith le muintir Chorcaí i gcoitinne.  Is bliain ar leith í 2012 daoibh agus sibh ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód.  Go maire sibh bhur nuacht.

Cur chun cinn na Gaeilge

Tuigeann sibhse go léir anseo chomh maith liom féin an t-ádh atá orainn ár dteanga dhúchais féin a bheith againn.  Is cuid fhíor-luachmhar dár n-oidhreacht chultúrtha í an Ghaeilge a thugann féiniúlacht ar leith dúinn mar Éireannaigh. Tá spriocanna dúshlánacha leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 chun úsáid na Gaeilge a mhéadú thar thréimhse fiche bliain, is iad sin:

líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a mhéadú go 250,000; agus
líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú 25%.

Ma táimid chun na spriocanna dúshlánacha seo a bhaint amach, is cinnte go mbeidh ról an-tábhachtach ag pobail, ní hamháin sa Ghaeltacht, ach ar fud na tíre ar fad, ó thaobh borradh agus fás nua a chur faoin nGaeilge.  Is dúshlán mór é ach, leis an eiseamláir atá tugtha ag Gael-Taca cheana, níl aon amhras ormsa ach gur dúshlán é gur féidir a shárú le meon dearfach agus cur chuige físiúil, spreagúil.

Creidimse go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite le gnáthshaol na ndaoine sna cathracha agus sna bailte móra ar fud na tíre agus molaim dá réir an dea-obair atá ar siúl ag Gael-Taca agus ag eagraíochtaí eile chun an sprioc seo a bhaint amach.

Agus muid ag ceiliúradh an méid atá bainte amach agaibh cheana, is cúis sásaimh dom a fheiceáil nach bhfuil sibh chun bhur maidí a ligean le sruth ach go bhfuil sibh chun Plean Forbartha 10 mBliana á fhoilsiú go luath. Beidh sé mar sprioc sa Phlean seo cathair dhátheangach a dhéanamh de Chorcaigh. Luíonn an sprioc seo go maith le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge agus, go deimhin, le hAcht na Gaeltachta 2012, a shínigh mé ina dhlí i mí Iúil na bliana seo.  Déantar foráil leis an Acht seo maidir le stádas reachtúil a thabhairt do Líonraí Gaeilge.

Is é atá i gceist leo sin ná pobail teanga, atá lasmuigh den Ghaeltacht, a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu i dtaca le tacaíocht phobail agus Stáit don Ghaeilge agus a bhfuil pleananna teanga ullmhaithe ina leith.  Is í an aidhm atá leis na líonraí seo ná aitheantas reachtúil a thabhairt do phobail ar nós sibh fhéin a bhfuil sár-obair déanta agaibh chun an teanga a chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht.

Focal scoir

Mar fhocal scoir, déanaim comhghairdeas ó chroí libh go léir as an obair éachtach atá déanta agaibh.  Is dul chun cinn an-dearfach é Caifé Gaelach a fheiceáil i gcroílár chathair Chorcaí, áit gur féidir le daoine, idir óg agus aosta, teacht le chéile i dtimpeallacht shóisialta phléisiúrtha.  Níl aon dabht ach go gcuirfidh an áis bhreá seo go mór le húsáid na Gaeilge sa chathair álainn seo cois Laoi.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh arís le Gael-Taca as an gcuireadh a theacht anseo inniu agus guím gach ádh ar bhur gcuid oibre sa todhchaí.

Críoch.