Leabharlann na Meán

Óráidí

Aitheasc insealbhaithe ón Uachtarán Dubhghlas de hÍde Caisleán Bhaile Átha Cliath, 26ú Meitheamh 1938,

A Thaoisigh Onóraigh, tá mé lánbhuíoch díot ar son na bhfocal deas, cineálta do labhair tú liom anois – rudaí deasa nár thuill mise. Ach, iarraim ar Dhia – iarraim ar Dhia grásta agus cúnamh do thabhairt dom go gcuirfidh mé gach rud ar aghaidh chun leasa na hÉireann, le cúnamh Dé. Agus iarraim ar Dhia ciall agus críonnacht a thabhairt dom agus leas a thabhairt dom go gcomhlíonfaidh mé mo dhualgais mar Uachtarán na hÉireann