Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin Uí Uigínn ar bhás John Wakeman

Dáta: Lua 5th Már, 2018 | 16:42

 "Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh John Wakeman, údar, file agus bunaitheoir The SHOp Magazine of Poetry.

Sa tréimhse idir 1999 agus 2014, aithníodh The SHOp mar cheann de na hirisí filíochta ab áille den tréimhse. D’fhoilsigh an iris saothar filí a raibh aitheantas idirnáisiúnta orthu, ina measc Seamus Heaney, Paul Muldoon, Brendan Kennelly agus John Montague, agus chuir sé fáilte roimh lucht na tallainne a bhí ag teacht chun cinn chomh maith le spás a bhí ag teastáil go géar a thabhairt dóibh.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a bhean Hilary, a gclann  Harry, Tully, Matthew, Theo agus Rhiannon, agus chuig a mhuintir go léir.”