Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Gabhann an tUachtarán Ó hUigínn buíochas leis na Seirbhisí Éigeandála

Dáta: Déa 1st Már, 2018 | 13:00

"Agus an tír á réiteach féin don chuid is measa den aimsir gheimhridh, ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl dóibh siúd go léir atá ag obair i gcónaí faoi na cúinsí seo, ar mhaithe lenár saoránaigh uile, chun na bóithre a choimeád glan, seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil i gcónaí agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sé ag teastáil uathu.  

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom buíochas a ghlacadh, freisin, leo siúd go léir in eagrais reachtúla agus dheonacha, atá réidh le cabhrú lena gcomhshaoránaigh."