Fiosraigh & Tabhair Cuairt

Fiosraigh & Tabhair Cuairt

Lampa Tilley

Lampa Tilley

Tá an solas a lonraíonn ó fhuinneog thuas staighre in Áras an Uachtaráin ar cheann de na soilse is cáiliúla in Éirinn.

Bíonn sé le feiceáil ón bpríomhbhóthar i bPáirc an Fhionnuisce, agus is lóchrann siombalach atá ann, a lasann an bealach d’eisimircigh na hÉireann agus a sliocht, á bhfáiltiú abhaile go dtí a dtír dhúchais.

Ba í an tUachtarán Máire Mhic Róibín a shocraigh ansin ar dtús é, agus tá sé bunaithe ar sheantraidisiún Gaelach solas a shocrú i bhfuinneog chun a mbealach a thaispeáint do strainséirí san oíche.

Tá an solas bunaidh ag lonrú anois i leabharlann Bhéal an Átha, baile dúchais Bhean Mhic Róibín, agus cuireadh lampa Tilley, a bronnadh ar an Uachtarán Mhic Ghiolla Íosa ar lá a hinsealbhaithe, ina áit. Chinn an tUachtarán Ó hUigínn leanúint leis an traidisiún agus tá an solas fós ag lonrú.

Tá téama na himirce curtha i gcroílár a chuid oibre ag an Uachtarán Ó hUigínn agus díríonn cuid mhaith dá chuid aitheasc, agus na himeachtaí a reáchtáil sé nó a raibh sé ag freastal orthu, ar cheisteanna atá bainteach leis an diaspóra, leis an easpa dídine, le dídeanaithe agus leis an dlúthpháirtíocht.