An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2018 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Céa 10th Ean, 2018 | 13:45
suíomh: RDS, Dublin

RDS, Dublin

Wednesday, 10th January, 2018

An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2018 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Ar an 10 Eanáir, d’oscail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn and 54ú heagrán de thaispeántas na nEolaithe Óga.

Cruinníonn an taispeántas cuid de na daoine óga is éirimiúla sa tír agus iad san iomaíocht don ghradam Eolaí & Teicneolaí Óg na Bliana 2018 de chuid BT.

Ag imeacht na bliana seo, tá 500 tionscadal, trasna ceithre chatagóir: Teicneolaíocht; Bitheolaíocht agus Eíceolaíocht; Eolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta; agus Eolaíochtaí Ceimiceacha, Fisiceacha agus Matamaiticiúla.

Thug an tUachtarán cuairt ar roinnt tionscadal, agus d’éist sé le roinnt smaointe ó na daoine óga maidir le dul i ngleic le ceisteanna práinneacha atá roimh shochaí na hÉireann agus an domhain.  Ina aitheasc, mhol sé cruthaitheacht agus díograis na n-eolaithe óga, agus thug sé a ndúshlán a chinntiú go mbainfear leas as an dul chun cinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht ar mhaithe le leas an phobail.

Cliceáil ar an nasc thíos chun éisteacht le haitheasc an Uachtaráin, nó féach ar an bhfíseán gearr achoimre.