Fáiltiú ar scáth an Uachtarán don Chór Taidhleoireachta chun an Bhliain Nua a cheiliúradh

Céa 24th Ean, 2018 | 11:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltiú ar scáth an Uachtarán don Chór Taidhleoireachta chun an Bhliain Nua a cheiliúradh

Ina aitheasc, rinne an tUachtarán machnamh ar chothrom céad bliain ar dheireadh “teipe móire na taidhleoireachta” a bhí sa Chéad Chogadh Domhanda, agus thug sé foláireamh dúinn go bhfuil amhras á chaitheamh arís ar luach na taidhleoireachta faoi láthair.

D’iarr an tUachtarán ar an gcór taidhleoireachta bealaí nua le deileáil le fadhbanna domhanda a shamhlú, a bheadh bunaithe ar chearta an duine, ar rannpháirtíocht na saoránach agus ar mhuintearas a dhéanamh idir daoine, agus cur i gcrích leasa náisiúnta a bheith áchothromú le feasacht eiticiúil ar ár ndaonnacht chomhroinnte ar an bplainéad leochaileach seo.