Spreagaitheasc ón Uachtarán ag Cruinniú Mullaigh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair - ILO ...

Déa 7th Mei, 2018 | 12:30
suíomh: An Ghinéiv, An Eilvéis
Spreagaitheasc ón Uachtarán ag Cruinniú Mullaigh na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair - ILO ...

...sa Ghinéiv, maidir le Saol na hOibre.

 

Thug an tUachtarán Ó hUigínn príomhaitheasc i gceanncheathrú Eorpach na Náisiún Aontaithe sa Ghinéiv.  

I dteannta Uachtarán Phoblacht na hAfraice Láir, A Shoilse, an tUasal Touadera, ghlac an tUachtarán Ó hUigínn páirt i bPlé Painéil Ardleibhéil ag an gCruinniú Mullaigh “Domhan an tSaothair” i Halla Tionóil Palais des Nations. 

I ndiaidh aitheasc an Uachtaráin, tionóladh sraith cruinnithe ardleibhéil le hionadaithe an ILO agus freisin leis an Uasal Zeid Ra'ad Al Hussein, Ard-Choimisinéir um Chearta an Duine de chuid an NA, agus leis an Uasal Peter Maurer, Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.