Ról Bunreachtúil

Ról Bunreachtúil

Ról Bunreachtúil

Oifig an Uachtaráin

Is é Uachtarán na hÉireann Ceann Stáit na hÉireann.

Bunaíodh Oifig an Uachtaráin faoi Bhunreacht na hÉireann. Toghann na daoine an tUachtarán go díreach agus bíonn sé/sí ina (h)oifig ar feadh téarma seacht mbliana.  

Is é Micheál D. Ó hUigínn, a chuir tús lena théarma ar an 11 Samhain 2011, an tUachtarán reatha. 

Toghcháin uachtaránachta

Is é pobal na hÉireann a thoghann Uachtarán na hÉireann.

Bíonn cead ag gach saoránach, a bhfuil cead vótála aige/aici chun comhaltaí Dháil Éireann a thoghadh, vóta a chaitheamh i dtoghcháin uachtaránachta chomh maith, agus is ceadmhach do shaoránach ar bith os cionn 35 bliain d’aois ainmniúchán a lorg mar iarrthóir i dtoghcháin dá leithéidí.

Chun go gcuirfí duine san áireamh mar iarrthóir, ní mór dó/di a bheith os cionn 35 bliain d’aois agus a bheith ainmnithe ag 20 comhalta ar a laghad de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann, nó ag ceithre chontae riaracháin (comhairlí contae) ar a laghad. Tá cead ag aon duine atá nó a bhí ina (h)uachtarán é/í féin a ainmniú ina (h)iarrthóir d’oifig an Uachtaráin.

Rachaidh an t-iarrthóir a mbíonn bua aige/aici i dtoghchán na huachtaránachta in oifig Uachtarán na hÉireann tríd an mionn atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann a thabhairt go poiblí.

Déantar an tUachtarán a insealbhú i Halla Naomh Pádraig i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus tugann sé/sí an dearbhú i láthair chomhaltaí dhá Theach an Oireachtais, bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí, na Cúirte Achomhairc agus na hArd-Chúirte, agus daoine eile as an bpobal nach iad. 

Cumhachtaí agus Feidhmeanna

Tá cumhachtaí agus feidhmeanna foirmiúla an Uachtaráin leagtha síos sa Bhunreacht. Tá cuid mhaith de chumhachtaí an Uachtaráin nach féidir a fheidhmiú ach amháin ar chomhairle an Rialtais, ach tá lánrogha ag an Uachtarán i réimsí eile.

I measc chumhachtaí an Uachtaráin tá:

  • Ceapadh an Taoisigh, bhaill an Rialtais, breithiúna agus oifigeach eile;
  • An Dáil a chomóradh agus a lánscor, agus an tOireachtas a ghairm;
  • Reachtaíocht a chur i bhfeidhm trína lámh a chur leis agus/nó Billí a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí;
  • Ionadaíocht a dhéanamh do mhuintir na hÉireann;
  • Feidhmiú mar Ard-Cheannasaí ar na Fórsaí Cosanta.

Ceapacháin

Ceapann an tUachtarán an Taoiseach ach é/í a bheith ainmnithe ag Dáil Éireann; agus comhaltaí eile an Rialtais ach iad a bheith ainmnithe ag an Taoiseach, le comhaontú na Dála.

I measc na sealbhóirí oifige eile a cheapann an tUachtarán, ar chomhairle an Rialtais, bíonn Breithiúna, an tArd-Aighne, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus oifigigh choimisiúnta na bhFórsaí Cosanta. 

An tOireachtas

Is daonlathas parlaiminteach atá in Éirinn. An tUachtarán agus dhá Theach atá sa Pharlaimint Náisiúnta (an tOireachtas): Dáil Éireann (Teach na nIonadaithe) agus Seanad Éireann, a bhfuil a gcuid cumhachtaí agus a gcuid feidhmeanna leagtha síos i mBunreacht na hÉireann. 

Déanann an tUachtarán Dáil Éireann a ghairm agus a lánscor, ar chomhairle an Taoisigh.

Má tharlaíonn sé nach bhfuil tacaíocht ó thromlach Dháil Éireann a thuilleadh ag an Taoiseach, is féidir leis an Uachtarán toghcháin a ghairm, trí fhorógra a shíniú agus an Dáil a lánscor. Ach, is féidir leis an Uachtarán diúltú an Dáil a lánscor, agus sa chás sin ní mór do na Teachtaí Dála rialtas malartach a ainmniú. Níor baineadh feidhm as an gcumhacht diúltaithe sin riamh ó bunaíodh an Stát.

Tar éis toghchán ginearálta, déanann an tUachtarán an Dáil a ghairm, ar chomhairle an Taoisigh. Bíonn dualgas ar an Uachtarán glacadh le comhairle an Taoisigh.

Ina theannta sin, de réir an Bhunreachta, is féidir leis an Uachtarán, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit,  teachtaireacht nó aitheasc a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais, faoi aon rud a bhfuil tábhacht náisiúnta nó poiblí ag baint leis. De réir an Bhunreachta (Airteagal 13.7), áfach, ní mór faomhadh an Rialtais a fháil maidir leis an aitheasc nó an teachtaireacht sin.

Is féidir leis an Uachtarán, freisin, cruinniú de dhá Theach an Oireachtais nó de cheachtar acu a ghairm. Sula ndéantar sin, ní mór don Uachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit ar dtús. Níor cuireadh i bhfeidhm riamh cumhacht an Uachtaráin chun cruinniú a ghairm de dhá Theach an Oireachtais nó de cheachtar acu. D’fhéadfadh sé go n-úsáidfí é i gcás éigeandála. 

Reachtaíocht

Is féidir léargas a fháil ar na Billí ar chuir an tUachtarán a lámh leo anseo

Ní mór d’Uachtarán na hÉireann a lámh a chur le Billí a ritear i dTithe an Oireachtais sula ndéantar dlí díobh.

Faoi fhorálacha Airteagal 25 de Bhunreacht na hÉireann, ní mór don Uachtarán a lámh a chur le bille ar an 5ú, 6ú nó 7ú lá tar éis a churtha ina láthair, ach is ceadmhach dó/di Bille a shíniú níos luaithe faoi chúinsí áirithe.  

Faoi Airteagal 25.2.2 den Bhunreacht, tá cead ag an Rialtas, le comhthoiliú an tSeanaid roimh ré, achainí a dhéanamh go ndéanfaí síniú níos luaithe, agus dá bhrí sin bíonn rogha ag an Uachtarán a lámh a chur leis an mbille níos luaithe ná an 5ú lá.

Faoin mBunreacht, tugtar cumhacht don Uachtarán Billí áirithe a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí chun cinneadh a fháil an bhfuil an bille sin, nó aon fhoráil de, in aghaidh an Bhunreachta.

Dá dtiocfadh ceist bhunreachtúil dá leithéid chun cinn, bheadh dualgas ar an Uachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit sula ndéanfaí bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí.

Is é cinneadh an Uachtaráin atá ann bille a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí, agus cinneadh an duine sin amháin. 

Ionadaíocht do mhuintir na hÉireann

Déanann an tUachtarán ionadaíocht do mhuintir uile na hÉireann, sa tír seo agus thar lear araon.  

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ról an Uachtaráin maidir leis seo, cliceáil anseo.

Fórsaí Cosanta

Is é Uachtarán na hÉireann Ard-Cheannasaí Fhórsaí Cosanta na hÉireann.

Faoin Acht Cosanta 1954, feidhmíonn Rialtas na hÉireann ceannas míleata trí mheán an Aire Chosanta a dhéanann na fórsaí a riar agus a rialú.

Is éard atá sna Fórsaí Cosanta in Éirinn (a dtugtar Óglaigh na hÉireann orthu), Buan-Óglaigh na hÉireann (an tArm, an tAerchór agus an tSeirbhís Chabhlaigh) agus na hÓglaigh Chúltaca (fórsa  deonach páirtaimseartha).

De réir traidisiúin, cuirtear ‘Aide de Camp’ míleata ar fáil don Uachtarán; is ardoifigeach sna Fórsaí Cosanta a bhíonn ann/inti agus is é an phríomhfheidhm a bhíonn aige/aici a bheith i láthair an Uachtaráin le linn a c(h)uid dualgas oifigiúil a bheith á ndéanamh agus go háirithe ar ócáidí deasghnácha stáit. 

Uachtarán a chur as oifig

Tá dhá chás ann inar féidir Uachtarán a chur as oifig. Má chinneann cúig bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach, nó níos mó díobh, go bhfuil Uachtarán curtha ó chumas go buan, tiocfaidh téarma oifige an Uachtaráin chun deiridh.

Is féidir le ceachtar de dhá Theach an Oireachtais an tUachtarán a tháinseamh, chomh maith, de bharr “mí-iompair luaite”. D’fhéadfadh sé gur cion coiriúil nó mí-úsáid cumhachtaí an Uachtaráin, i measc rudaí eile, a bheadh i gceist le mí-iompar luaite.