An Chomhairle Stáit

An Chomhairle Stáit

An Chomhairle Stáit

Céard é féin?

Foráiltear leis an mBunreacht go mbeadh Comhairle Stáit ann chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Uachtarán maidir le hábhar ar bith a dtéann an tUachtarán i gcomhairle leis ina thaobh. Tá na cúinsí faoina bhfuil dualgas ar an Uachtarán dul i gomhairle leis an gComhairle Stáit sonraithe sa Bhunreacht.

Cé atá air?

Tá baill ó thrí chatagóir ar an gComhairle Stáit,  i.e.

1. Ex officio

An Taoiseach, An Tánaiste, An Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, An Ceann Comhairle, Cathaoirleach an tSeanaid, An tArd-Aighne. 

2. Iarshealbhóirí oifige

Gach aon duine, atá ábalta agus toilteanach gníomhú, a bhí i seilbh oifige mar Uachtarán, mar Thaoiseach nó  mar Phríomh-Bhreitheamh.

3. Baill Cheaptha

·    Cara Augustenborg  
·    Sinéad Burke 
·    Sindy Joyce 
·    Maurice Malone 
·    Johnston McMaster 
·    Mary Murphy 
·    Seán Ó Cuirreáin