Media Library

Audio

Aitheasc ag Céiliúradh 20 Bliain TG4

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Oíche Shamhna, Luan 31 Deireadh Fómhair, 2016

A chairde

Scór bliain ó shin ar Oíche Shamhna, déanadh éacht i stair na tíre. Thosaigh Teilifís na Gaeilge ag craoladh don chéad uair ar an oíche seo i 1996. Tháinig ar an saol suíomh faoi leith ina raibh pobal na Gaeilge in ann iomlán a shamhlaíochta, a chruthaitheachta, a mhachnaimh agus a chumais a chur faoi bhráid an Domhain mhóir, ina dteanga dhúchais. Ba íontach an cur chuige a bhí ag foireann an stáisiúin nua, agus nach aoibhinn toradh a díograis.

Ní go héasca a tharla sé. Rugadh Teilifís na Gaeilge de thoradh dian-iarrachtaí iliomad daoine. Thugadar faoi fheachtas fada chun a bhfís a shaolú: fís a gcuirfeadh ar a gcumas  an méan cumarsáide is cumhachtaí, an teilifís, a bheith acu mina dteanga féin mar cheart teangan agus a bheith ar fáil do Éireannaigh i gcoiteann. Is gníomh a bhí i gceist ar son cearta an duine agus cearta an phobail a úsáideann Gaeilge mar bhealach cumarsáíde.  

Bhí sé de phribhléid agam agus mé i m'Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ról a ghlacadh i mbunú an stáisiúin agus tugann sé sásamh as-cuimse dom a bheith ar ais in bhur dteannta anocht, mar Uachtarán na hÉireann, agus muid ag céiliúradh fiche bliain ag fás.

Ar Oíche Shamhna 1996, bhí mé dóchasach go dtarraingódh an stáisiúin nua-bhunaithe daoine le chéile  a raibh dúthracht agus talann acu. Sin mar a tharla, agus tréaslaím leo siúd a bhí ann an oíche sin agus le gach aon duine a d’oibrigh leis an eagraíocht le fiche bliain anuas.

Am cinniúnach a bhí sna 90aidí i stair an chraolacháin. Bhí na céadta seirbhísí nua á dtuar de bharr na dteicneolaíochtaí nua agus bhí géar-ghá, mar sin, leis an cinneadh a ghlacadh Teilifís na Gaeilge a bhunú sula gcaillfí an deis.

Inniu, tá an oiread sin iomaíochta idir craoltóirí ag leibhéil Eorpacha agus Domhanda gur cúis bhróid agus sásaimh í dom go bhfuil a háit glactha ag TG4, craoltóir Gaeilge, i measc chraoltóirí an domhain.   Is cruthúnas  amháin ar sin, dar ndóigh, na céadta duais agus gradam aitheantais atá buaite ag cláracha agus pearsain TG4 ag féilte teilifíse agus scannán ar fud na cruinne.

Gan dabht, an sprioc is tábhachtaí a bhain le bunú TG4 ná nasc a chothú idir na pobail scaipthe a úsáideann an Ghaeilge.  Is bun-riachtanas é i mbuanú teanga go gcloisfeadh agus go bhfeicfeadh cainteoirí Gaeilge guthanna agus aghaidheanna a bpobail féin ag labhairt ina dteanga féin, ar chuile ábhar - nua-aoiseach agus traidisiúnta.
Tugann an spás a chruthaíonn TG4 tacaíocht dóibh siúd atá ag déanamh a ndícheall an teanga a úsáid agus a neartú, lá i ndiaidh lae. Chomh maith leis sin, tá TG4 mealltach dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge,  atá as cleachtadh agus dóibh siúd a d'iarr mé orthu ag an am an tarna seans a thabhairt don teanga.  Lena chlárachach cruthaitheacha,  nuálacha agus suimiúla, tá páirt lárnach glactha ag TG4 chun an meon diúltach sin a bhí ann i leith na teanga a dhíbirt agus beocht agus dóchas nua a thabhairt dúinne ar fad atá ag obair ar leas na Gaeilge.

Tá sceidéal tarraingteach, ilchineálach curtha faoinár mbráid le fiche bliain anuas, idir chlúdach cuimsitheach ar chúrsaí nuachta agus spóirt, agus  dramaíocht den scoth, chomh maith le cláracha fáisnéise atá, i mo thuaraimse, i gcónaí  ar an gcaighdeán is airde.

Cinntíonn clársceideal TG4 go bhfuil an tsúil eile  beo agus ar oscailt. Tugann sé deis do scéalaithe na nua-fhíse a gcéird a fhoghlaim agus a mhaisiú. Saibhríonn a saothar ár saol agus cuireann sé le cáil na hÉireann mar lár-ionad ina bhfuil scoth na léiritheoirí, na n-aisteoirí agus na gceardaithe físe ar fáil ann.

Ar deireadh, baineann tábhacht bhunúsach le TG4 i ndáil le saorántacht, le cearta  teanga agus leis an daonlathas. Is comhartha suntasach í d'ár bhféin-mheas mar náisiún. Sa bhliain chomórtha seo,  caithfimid  cuimhneamh go bhfuil muid ag obair fós chun fís na laochra  sin ó tús an 20ú aois, a bhí chomh tógtha le hathbheochain na Gaeilge, a bhaint amach. Tá an dushlán céanna romhainn is a bhí rompu siúd, ach tá uirlisí agus meáin sa bhreis againn, mar shampla san teicneolaíocht, ach iad a úsáid go cruthaitheach, mar atá déanta ag TG4.

Tá go leor dúshlán fós romhainn maidir le caomhnú agus neartú na Gaeilge. Caithfear a thógaint san áireamh gurb í bunú TG4 an chéim is dearfaí atá glactha le fada an lá i leith na Gaeilge, agus go bhfuil sí ar liosta gearr de bhuaicphointí pholasaí an Stáit i leith na teanga. Ba chóir dúinn dea-scéal TG4 a bheith ina spreagadh dúinn brú ar aghaidh agus dul chun cinn níos fearr a dhéanamh leis an teanga i réimsí eile an tsaoil.  

Leanann an stáisiún air ag dul ó neart go neart, leis an lucht féachana ab airde riamh tuillte ag TG4 níos luaithe i mbliana.  I mbeagán focal, tá an stáisiún ag freastal anois ar phobal ar fud an oileáin seo agus ar fud an domhain – agus tá gean agus meas ag an bpobal sin air.   Ag tús na haoise seo caite, b’iad na nuachtáin agus na hirisí a chothaigh nasc i measc lucht na Gaeilge.  An Lóchrann  an teideal a bhí ar cheann de na hirisí seo -  léas solais a lonraigh agus a thug dóchas.   Go léanfaidh TG4 a bheith ina lóchrann dúinne agus go mairfidh sí an céad.

Beir beannacht TG4 don todhchaí agus go raibh maith agaibh uile.

Oíche mhaith.