Media Library

Speeches

Remarks at the visit to Aras Éanna and opening of Manfred Url Exhibition

19th September 2013

Tá an-áthas orm a bheith ar ais anseo ar Inis Oírr le haghaidh na hócáide iontaí seo. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Mairéad Ní Ghallchóir as an gcuireadh agus libh uilig as an bhfáilte chroíúil sin. Ba mhaith liom, freisin, mo bhuíochas a ghlacadh leis na daltaí as an tsiamsaíocht thaithneamhach agus éirimiúil sin.

Is iomaí ócáid ar labhair mé faoin saibhreas iontach cruthaitheach atá chomh flúirseach sa tír seo agus faoin mbealach a sainítear chomh cinnte sinn mar náisiún i súile an domhain trínár sárshaothar sna healaíona.

Nuair a hinsealbhaíodh mé mar Uachtarán ar mhuintir na hÉireann, chuir mé chun cinn mo chreideamh go bhféadfaimis bunchloch na fostaíochta inbhuanaithe sna tionscail chruthaitheacha a leagan síos agus ár bhforbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha a shaibhriú dá ndéanfaimis an chruthaitheacht dhúchasach inár bpobail a spreagadh agus deiseanna don léiriú cruthaitheach a chinntiú.

Cé go bhfuil tábhacht bhunúsach leis an bplé ar an ngaol idir an chruthaitheacht, an cultúr agus an eacnamaíocht, níor cheart dó díriú, ar ndóigh, ar luach eacnamaíoch na dianiarrachta cruthaithí amháin. Tá sé tábhachtach go dtuigtear go bhfuil an spás cultúrtha níos leithne ná an spás eacnamaíochta – gur ceart atá sa chultúr, gur cuid den tsaoránacht atá ann agus gur meán do chomhpháirtíocht na saoránach atá ann. Is é sin an fáth go dteastaíonn leabharlanna, ionaid chruinnithe don chruthaitheacht agus spásanna taibhithe ó phobail, agus an fáth gur mó an tábhacht a bhaineann leo le linn lag trá eacnamaíochta. Sa lá atá inniu ann, ag an tráth seo sa chúlú eacnamaíochta arís, tá ról suntasach ag baint le hionaid mar Áras Éanna; is gné ríthábhachtach atá ina chuid oibre, a chinntíonn go gcoimeádfar spás cultúrtha, spás nach ndéanfar é a imeallú nó fiú é a thréigean.

Is trua an scéal le haithris é, ach ar fud chuid mhaith den domhan, is ina leithéid de spás atá an cultúr inniu. Chreid mise riamh go paiseanta, go gcuirimid teorainn lenár gcumas agus nach gcomhlíonaimid ach codán beag de, má dhéanaimid neamhaird de chomhtháthú na n-ealaíon inár dtaithí choitianta.

Níor cheart riamh na healaíona a chur i dtaisce, iad a choimeád le haghaidh ócáide speisialta agus iad teoranta do shásamh eisiach an bheagáin den élite. Má tá borradh le teacht faoin gcruthaitheacht i ndáiríre, ní mór é a bhunú ar a bhfuil i gcomhroinn againn; ar na cuimhní, ar an taithí agus ar na luachanna a chomhaontaíonn muid mar phobal, mar náisiún agus mar shaoránaigh i sochaí dhomhanda chomhaimseartha.

Is meabhrúchán spreagúil, go deimhin, atá inniu anseo, den chruthaitheacht, den tsamhlaíocht agus den tseiftiúlacht dhúchasach atá i gcroílár an iliomad pobal ar fud na tíre. Anseo, in Inis Oírr, tá sibh tar éis na healaíona a thabhairt ar bhealach réamhghníomhach isteach go croílár bhur sochaí, agus iad a shainiú ar bhealach sóisialta agus droim láimhe á thabhairt agaibh ar shainmhíniú eisiach nó baothghalánta ar an gcruthaitheacht.

Tá spás cruthaitheach curtha ar fáil anseo agaibh atá cuimsithe sa tsochaí sin agus sa ghnáthshaol; spás a bhaineann leis an áit seo ach ní leis an áit seo amháin. Mar is spás atá ann a chuireann fáilte roimh go leor cuairteoirí a thagann go hInis Oírr chun a bheith i mbun cruthaitheachta agus chun a gcuid tallann ealaíontachta a iniúchadh agus a fhorbairt i spiorad an dlúthchaidrimh i gcuideachta a chéile.

Ba dhaoine inimirceacha muid riamh; daoine a mbaineann a gcuid ealaíontóirí ciall as an domhan iomlánaíoch, ach chomh maith leis sin a bhfuil a gcuid ealaíontóirí faoi anáil chultúr agus léargas ealaíontachta eile ina gcuid oibre féin a mbaineann siad tairbhe astu. Bhí cuid dár n-ealaíontóirí cruthaitheacha is cáiliúla ar chuid dár n-eisimircigh agus dár ndeoraithe is cáiliúla agus beirt dár mbuaiteoirí an duais Nobel ina measc – James Joyce agus Samuel Beckett; fuair siad múscailt fiosrachta nua i gcultúir eile agus an tsaoirse le bheith cruthaitheach agus leas a bhaint as guth a scaoileadh as réamhthuairimí agus ionchais fho-chomhfhiosacha.

Tháinig go leor ealaíontóirí ó áiteanna ar fud an domhain ar a seal chun cuairte ar chósta na hÉireann, agus fuair siad áit inar cuid dár gcreatlach shóisialta an chruthaitheacht.

Today we celebrate the work of one such artist, Manfred Url, and the exciting way in which he has married his innate talent with the inspiration that he has derived from the many landscapes and cultures which have shaped and formed his work. In these, his latest works, he brings spectacularly to life the many diverse locations which he has grown to know so well and which are so close to his heart.

‘Prayers in the Silent Doorways’ is a truly magnificent display of Manfred’s talent – a talent where objects and scenery become so much larger than the everyday; and where colour speaks its own unique language, capturing the movement, expression, possibility and unspoken thoughts that define a moment in time.

Manfred has that special quality that lies at the heart of all great artistic works – courage. He is not afraid to push the boundaries, to challenge, to experiment, to explore all that might be possible and to force us look at the familiar in new and unfamiliar ways. Manfred shows us the newness in the habitual, the ordinary. He challenges our expectations by creating innovative and radical versions of familiar scenes, showing us what can be achieved when we dare to re-imagine and re-invent.

In so many of Manfred’s works our eyes are skilfully drawn to one object or one person – sometimes a towering presence standing tall above all that which surrounds it; and sometimes a presence that is quiet, almost imperceptible, shaded with a wisdom that sets it apart from the tangled colours at the centre of the canvas.

In others a chaotic and riotous confusion of colour is revealed, to the discerning eye, as a universe with its own individual and dynamic form and shape, a place unafraid to march to a different beat.
In all of his work there is that exuberant joy; that sense of surprised recognition; and a renewed astonished view of the world around us. Manfred does not invite us to be simply spectators of his art, but to truly experience it and to become re-awakened and energised by it.

We owe artists like Manfred a great debt of gratitude for sharing their enriching and life enhancing talents with us all; and I am delighted to be here to open and view this exhibition today.

Is ábhar mór sásaimh, freisin, a bheith anseo ar Inis Oírr agus an rath atá ar Áras Éanna agus an chaoi ar fhás sé in shaoráid iontach ealaíon agus chultúir a fheiceáil, lena amharclann seachtó cúig suíochán, a dhánlanna, a áit chónaithe d’ealaíontóir, a cheardlanna agus a sheomraí ranga. Is éard atá bainte amach ag an bpobal anseo, trí leas a bhaint as na healaíona agus glacadh leo go fonnmhar, ná an ceart atá ag pobal tabhairt faoina fhéiniúlacht chultúrtha a léiriú ach ag an am céanna an cur in iúl aonair a éascú agus deis a thabhairt glórtha nua a chloisteáil.

Tá áit thábhachtach ag na hOileáin Árann i gcultúr na hÉireann, iad i ndlúth agus in inneach ár litríochta, ár n-ealaíne agus ár gceoil. Spreag Inis Oírr agus a gharchomharsana Inis Meáin agus Árainn* lucht léirithe gach disciplín i réimse na n-ealaíon thar na blianta fada.

Is foinse spreagtha fós, do chuairteoirí as gach cearn den domhan, tírdhreach, cultúr agus muintir Inis Oírr, cuairteoirí ar léiriú stairiúil iontach dóibh Cnoc Raithní, Teampall Chaomháin, agus Caisleán maorga Uí Bhriain. Is áit an-speisialta i gcónaí é le cuairt a thabhairt air; beonn sé an tsamhlaíocht agus cuireann sé i gcuimhne dúinn gach arb fhearr faoinár nGaelachas, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht atá tar éis muid a mhúnlú agus a chruthú mar náisiún.

Molaim sibh agus tréaslaím gach a bhfuil bainte amach agaibh libh agus tá an-áthas orm an taispeántas nua iontach seo a oscailt.

Go raibh míle maith agaibh go léir.

* The largest of the three islands is traditionally referred to as Árainn by the local community.