Media Library

Speeches

Remarks at Fleadh Cheoil na hÉireann

Cavan, 18th August 2012

Tá áthas faoi leith orm a bheith anseo sa Chabhán inniu,  ag croílár fhéile chultúrtha Fleadh Cheoil na hÉireann 2012. Táim buíoch do Choiste na Fleidhe agus do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann as an gcuireadh agus an fháilte a chuir sibh romham.

A dhaoine córa, is mór an tógáil chroí dom a bheith anseo inniu libh ag Fleadh Cheoil na hÉireann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Jack Keyes agus le Coiste na Fleidhe as an gcuireadh fial a thug siad dom a bheith anseo libh tráthnóna. Go deimhin, go raibh maith agaibhse freisin, a dhaoine, as an bhfáilte chroíúil. Ba mhaith liom féin fáilte mhór a chur romhaibhse go léir a tháinig chugainn ó áiteanna i bhfad i gcéin agus tá súil agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as féiltiúlacht iomráiteach na nGael.

Tá clú agus cáil ar na Gaeil de bharr ár gcruthaitheachta agus ár gcumas ealaíonta. Tá ár gcáil amuigh mar thír a bhfuil go leor bainte amach againn ó thaobh an chultúir agus na spioradáltachta de. Táimid aitheanta don obair atá déanta againn maidir leis an daonnúlacht, an tsíocháin agus cearta daonna.

Ní mór dúinn buíochas mór a ghabháil leis na daoine sin; dóibh siúd a ghlac páirt sna tograí éagsúla agus a thuigeann go rí-mhaith an tábhacht a bhaineann le h-oidhreacht na tíre seo agus an chaoi ar féidir linn an oidhreacht sin, mar aon leis an traidisiún láidir ceoil, an amhránaíocht agus an damhsa atá againn, a choinneáil slán agus ag an am céanna leagan nua de na traidisiúin seo a chur ar fáil taobh leis an iliomad cultúr agus traidisiún eile atá ar fáil in Éirinn sa lá atá inniu ann.

We owe a great debt of gratitude to those people; those active participants who instinctively understand the importance of our heritage and how we can preserve our great tradition of music, song and dance, weaving it into a newer version of our Irishness, and showcasing it alongside the many other cultures and traditions that now play their part in contemporary Ireland.

I would like to congratulate everyone involved in the fleadh cheoil. From small beginnings this event has now become a magnificent and exciting ten day festival. While music, dance and song remains of course at its very heart the fleadh is also a true celebration of all that is unique and splendid about our Irishness – of our history, our drama, our pageantry; of the beautiful buildings and landscapes that speak, as evocatively as any song or story, of our rich and varied history. It is also a celebration of our language, of our commitment to preserving our environment and of our willingness to share our skills and talents through the many workshops and exhibitions which have been taking place here over the last few days.

It is also, of course, a great celebration of community and active participation. It has been truly uplifting today to witness how that great community spirit in Cavan has been further strengthened by the spirit of the Fleadh itself . I congratulate you all and I also thank you for all you are doing to secure the future of our valuable Irish cultural heritage.

The Fleadh Cheoil is now in its sixty first year. Its birth in 1951 was in a very different Ireland from the one we know today. Thankfully, however, there were also those who recognised the valuable role that our beautiful heritage should continue to play in a modern Ireland, those who understood the intrinsic worth of that heritage and of maintaining and increasing access to, and appreciation of, our rich artistic culture which is so critical to our identity, community and economy.

Tá cáil ar ár litríocht, ar ár ndrámaíocht agus ar ár gcuid amhránaíochta, ar mór an sólás iad in am na hanachana agus na deacrachta. Is iontach an éachtaint a thugann siad  ar an bpian agus ar an gcrá a d’fhulaing muid agus ar na deiseanna atá romhainn amach. Is mór againn an scéalaíocht, an amhránaíocht agus an damhsa agus baineann muid an-cheart dá chéile tríd na healaíona iontacha dúchais sin.

Buíochas le Dia, bhí daoine eile ann, áfach, a thuig an tábhacht a bhainfeadh lenár n-oidhreacht shaibhir in Éirinn na linne nua, daoine a thuig luach na hoidhreachta sin agus gur chóir teacht a bheith againn ar chultúr na n-ealaíon a thugann féiniúlacht agus aitheantas dúinn mar phobal agus mar gheilleagar.

Ba mhian liom comhghairdeas ó chroí a ghabháil le gach duine a bhfuil baint acu leis an bhFleadh Cheoil. ‘Tús maith, leath na hoibre’ a deirtear agus ón tús maith sin anall tá an fhéile seo ag fás agus ag forbairt agus ag dul ó neart go neart. Féile iontach, speagúil, éachtach deich lá atá anois againn. Cé go bhfuil an ceol, an damhsa agus an amhránaíocht i gcroílár na Fleidhe i gcónaí, is ceiliúradh í freisin ar na nithe sin a bhaineann go dlúth leis an Éireannachas  – an stair, an drámaíocht, an t-ollás; na foirgnimh mhaorga agus na radharca áille tíre a insíonn scéal na hÉireann chomh follasach leis na scéalta agus na hamhráin féin. Is ceiliúradh freisin í ar ár dteanga dhúchais, agus ar a dhiongbháilte atáimid an timpeallacht atá againn a chaomhnú, agus a shásta atáimid ár gcuid scileanna agus tallann a roinnt san iliomad ceardlann agus taispeántas a bhí ar siúl anseo le roinnt laethanta anuas.

Thairis sin, is ceiliúradh í ar an bpobal agus ar an rannpháirtíocht ghníomhach. Ba mhór an tógáil chroí domsa inniu a fheiceáil go bhfuil spiorad phobal an Chabháin agus spiorad na Fleidhe ag obair as lámh a chéile agus ag cothú a chéile. Déanaim comhghairdeas libh go léir agus glacaim buíochas libh as a bhfuil á dhéanamh agaibh chun oidhreacht luachmhar na hÉireann a chaomhnú don am atá romhainn amach.

Míle buíochas arís agus go n-éirí go geal libh ins na blianta atá romhainn.