Media Library

Speeches

Óráid an Uachtaráin Le linn a chuairt ar Chléire

Co. Chorcaí, 10 Meitheamh 2015

A Dhaoine Uaisle, 

Tá an-áthas orm a bheith anseo i bhur measc trathnóna. Is mian liom ar dtús buíochas ó chroí a ghabháil le Chomharchumann Chléire Teo. as ucht cuireadh a thabhairt dom chun an turas thar sáile a dhéanamh chuig an oileán álainn seo.  Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a chur in iúl daoibhse as ucht an fíorchaoin fáilte a d’fhear sibh romham. 

Tá muid ag an bpointe is faide ó dheas d’Éirinn, ocht míle amach ó Thrá Chiaráin ar an mórthír. Agus mé ag breathnú thart timpeall orm ar na radharic álainn a bhí os mo chomhair inniu, is léir gur limistéar sár-áilleachta nádúrtha í an oileán seo agus go bhfuil pobal beo, beathach, bríomhar ina chónaí air.

Is breá liom a bheith ábalta teacht i bhur measc inniu agus labhairt libh inár dteanga dúchais. Is cinnte go dtugann Oileán Chléire agus a mhuintir dóchas do phobal na teanga ar fud na tíre.  Aithním dáiríreacht an phobail maidir leis an teanga agus is iontach an éacht é go bhfuil an pobal beag seo in ann dhá choláiste samhraidh d’fhoghlaimeoirí Gaeilge a chothú gach bliain.  Tá na céadta mílte páistí scoile tar éis freastail ar choláistí samhraidh thar na mblianta agus is deis íontach dóibh é an Ghaeilge a fhoghlam ina gnáthóg nádúrtha, lasmuigh den seomra ranga. Go mairfidh sé sin. 

Ní hamháin go bhfuil pobal an oileáin seo thar a bheith gníomhach i dtaobh ár dteanga dúchais ach i dtaobh na healaíona i gcoitinne.  Is breá liom a chloisteáil go mbíonn féile scéalaíochta ar an oileán atá anois ar an bhfód le bliain is fiche agus clú agus cáil air.  Tuigim go mbeidh a n-oireachtas bliantúil ar siúl i mbliana ón 4-6 Meán Fómhair agus go bhfuil clár iomlán téagartha leagtha amach acu.

Is cuid lárnach d’ár n-oidhreacht í an scéalaíocht agus is cúis áthais dom é go gcuirtear ar aghaidh anseo í. Is cúis mórtais é chomh maith a fheiceáil go bhfuil Iarsmalann agus Cartlann Chléire bunaithe ar an oileán, áit a bhfuil taispeántais thábhachtacha maidir le stair an oileáin le feiceáil ann.  Tráthúil go maith, bhí taispeántas maidir le bá an Lusitania cothrom is céad bliain ó shin ar siúl san iarsmalann an mhí seo caite.    

Caithfidh mé a rá go raibh an-aiféala orm nuair nach raibh ar mo chumas glacadh leis an gcuireadh a tugadh dom a bheith libh anuraidh le linn ócáid chomórtha 30 bliain de bhunú Comhdháil Oileáin na hÉireann. 

Cinneadh dearfach amach is amach a bhí ann do na hoileáin nuair a tháinig sé oileán déag (16) le chéile i 1984 chun Comhdháil na nOileán a bhunú.  Bhí sé mar aidhm acu ag an am aird a tharraingt ar na dúshláin a bhíonn ag pobail a saol laethúil a chaitheamh ar na hoileán amach ón gcósta agus aird a tharraingt go sonrach ar nithe ar nós cúrsaí rochtana, cúrsaí sláinte, deiseanna fostaíochta agus easpa nó laigí infreastruchtúr.

Ní miste a rá nár éirigh chomh hiontach sin leis an gComhdháil ar dtús agus tháinig deireadh lena cuid gníomhaíochtaí tar éis cúpla bliain.  Ach má bhí an tús lag, tógadh air sin nuair a athbhunaíodh an Chomhdháil in 1993 agus ó shin i leith, tá sí ag dul ó neart go neart.  Tá Comhdháil na nOileán ina scáth-eagraíocht anois do 33 oileán amach ó chósta na tíre.  Is deis iontach atá sa Chomhdháil d'oileánaigh bualadh le chéile agus plé a dhéanamh ar ábhair atá ceangailte le saol na n-oileán, ábhair atá comónta eatarthu chomh maith le dúshláin atá ag baint le hoileáin ar leith.  Bíonn obair fíor-thábhachtach ar siúl ag an gComhdháil chun iarrachtaí a dhéanamh dul i ngleic leis na dúshláin seo chomh maith leis na hoileáin a chur chun cinn mar láthair chónaithe do phobail inmharthana agus mar láthair thurasóireachta.

Is cuid luachmhar dár n-oidhreacht iad na hoileáin amach ó cósta na tíre seo. Sa chomhthéacs sin, caithfimid a bheith aireach go mbeadh aon fhorbairt orthu oiriúnach  don  oidhreacht luachmhar seo.  Ag an am céanna, caithfidh an Stát a chinntiú trína mbeartais go bhfuil deis ag daoine slí mhaireachtála a bhaint amach ar na hoileáin.  Ar ndóigh, tá cúrsaí rochtana an-tábhachtach sa chomhthéacs sin.  Tá mé sásta go raibh deis agam féin, agus mé mar Aire Rialtais siar sa nóchaidí sa Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, beartais a chur i gcrích a chuir go mór le saol an phobail ar na hoileáin amach ón gcósta.  Is cuimhin liom tuarascáil a foilsíodh sa bhliain 1995 maidir le forbairt ar na hoileáin agus na moltaí a bhí inti maidir le cúrsaí rochtana, oideachais agus talmhaíochta ar na hoileáin agus tá mé sásta go raibh deis moltaí ón tuarascáil sin a chur i bhfeidhm le linn m’aireacht féin agus ó shin i leith. Táim tar éis cuairt a thabhairt ar roinnt mhaith pobal oileán le linn m’uachtaránacht agus tá súil agam cuairt a thabhairt ar tuilleadh oileáin sna mblianta amach romhainn. 

Labhróidh mé i mBéarla anois, ar mhaithe leo siúd nach bhfuil Gaeilge ar a d’toil acu.

I am delighted to be here with you this afternoon. Firstly I wish to thank Cape Clear Co-op for inviting me to visit this beautiful island. I also wish to thank each and every one of you for the warm welcome you have extended to me.

We are standing on the southernmost point of Ireland, eight miles out from Trá Chiaráin on the mainland. Looking around at the beautiful natural scenery which surrounded me today it is clear that this island is an area of outstanding natural beauty, and that it is home to an active, bustling community.

It is wonderful to hear Irish spoken all around me today and I commend the community on your dedication to the language. You are an inspiration to the Irish language community across the country. The fact that this small community can sustain two Irish language colleges is indeed an achievement of which you can all be proud. Hundreds of thousands of schoolchildren have attended summer colleges over the years and it is a wonderful opportunity for them to learn the language in its natural habitat, outside the classroom. May this long continue.

I am delighted to see that the arts are held in such high regard by this community. May I take this opportunity to wish the Cape Clear International Storytelling Festival every success in this, its 21st year.  Irish storytelling and folklore is of course an integral part of our heritage and it is wonderful to see this tradition is being kept alive. The Cape Clear Museum and Heritage Centre is also a wonderful resource for residents and tourists alike. I was interested to learn that, appropriately, an exhibition on the 100th anniversary of the sinking of the Lusitania was held last month.

I must say that I was disappointed to have missed the 30th anniversary of the founding of the Irish Islands Federation which was held here last year. The decision by 16 island communities to join together in 1984 to highlight the difficulties faced by islanders on a daily basis was indeed a positive one. Issues such as access, healthcare, employment and lack of infrastructure were then and still are today important issues for all island communities in Ireland.  The Islands Federation now represents 33 island communities and offers a wonderful opportunity to discuss matters which link all islanders and to share ideas relevant to promoting the islands as places to live and as tourist destinations.

Ireland’s islands are an important part of our heritage and we must be careful to protect them and to sustain them. The Irish State must ensure that island communities are given the necessary support to maintain this living part of our heritage and to provide employment, education and a quality of life to those who inhabit them. As Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht, I was proud to put in place policy which provided this support and I am delighted to say that many of the proposals in the areas of access, education and agriculture, which I published in a report in 1995 were, and continue to be enacted. During my presidency it is my intention to prioritise visiting our island communities. I recently attended a most enjoyable arts festival on Inishbofin and I hope to make further trips to the islands in the coming years.   

Ar deireadh, mar fhocal scoir, is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl arís do Chomharchumann Chléire Teo. as ucht cuireadh a thabhairt dom le bheith i bhur measc inniu  agus do phobal Chléire don fáilte a d’fhear sibh romham.  Guím gach rath ar Chomhdháil Oileán na hÉireann. Go mba fada buan sibh agus go rachaidh an dea-obair atá á dhéanamh agaibh ar son na n-oileán agus do phobal na n-oileán ó neart go neart. 

Go raibh míle maith agaibh.