Media Library

Speeches

Óráid an Uachtaráin, Gaelscoil Aonach urmhumhan, 4 d’lúil, 1998

Óráid an Uachtaráin, Gaelscoil Aonach urmhumhan, 4 d’lúil, 1998

A dhaltaí, a thuismitheoirí agus a chairde ar fad, tá mé fíor-bhuíoch de chathaoirleach an bhoird, Pádraig Ó Curraoin, as an chuireadh a thug sé dom cuairt a thabhairt oraibh inniu. Mo bhuíochas leis an bhanna ceoil as fáilte breá ceolmhar a chur romham.

Nach breá an Ghaelscoil í seo. Chuaigh mé thart ar turas beag leis an Mhúinteoir Inez. Is léir go bhfuil foirgneamh gleoite anseo agaibh. Tá sé go hálainn ar fad. Molaim na daoine a raibh baint acu leis an tógáil: iad sin a thosaigh an feachtas, iad sin a throid an cath, agus an rialtas a chuir an t-airgead ar fáil.

Mar aon le go leor Gaelscoileanna eile sa tír thosaigh sibhse le grúpa beag páistí. Ní raibh de dhaltaí sa scoil seo i 1989 (naoi déag ochtó naoi) ach cúigear is fiche. Ach arís, cosúil leis na Gaelscoileanna eile, tháinig fás agus forbairt oraibh. Nach bhfuil breis agus dhá chéad dalta anois agaibh? Tréaslaím leis na bunaitheoirí as a ndúthracht agus a ndílseacht don scoil ó shin i leith. Tá rian a gcuid oibre le feiceáil anseo inniu.

Tá áit faoi leith ag muintir Ghaelscoil Aonach Urmhumhan, idir leanaí, mhúinteoirí agus thuismitheoirí, i slánú agus cur chun cinn na Gaeilge, sa cheantar seo agus sa tír ar fad, ní amháin don ghlúin óg seo, ach do na glúnta atá fós le teacht. Tá muid ar fad fíor-bhuíoch díobh.

Bíonn scéal le hinsint ag gach Gaelscoil. Is iomaí áit aisteach a bhí mar sheomra ranga ag daltaí na nGaelscoileanna, ach níl ceann ar bith níos aistí ná an áit a raibh sibhse. Creidim gur chaith sibh naoi mbliana i bhur gcodadh! An bhfuil sé sin fíor? Níl?

Chuala mé gur chaith sibh naoi mbliana i sean-seomraí codlata na mBráithre Críostaí? Ní gach scoil a bhfuil a leithéid de scéal aici!

Agus ní gach lá a thagann an t-Uachtarán ar cuairt ag scoil. Ach is ócaid speisialta í an deireadh seachtaine seo i saol na Gaeilge in Aonach Urmhumhan. An mbeidh cuimhne agaibh ar an lá seo go deo? Tá súil agam go mbeidh, agus chun sin a chinntiú tá mé chun rud beag a bhronnadh oraibh. Cén bronntanas ba mhaith libh? Ar mhaith libh lá saor ón scoil? Maith go leor! Mar cheiliúradh ar mo chuairt ar Ghaelscoil Aonch Urmhumhan beidh lá saor agaibh ar an cheathrú lá de Mheán Fómhair, nuair a thiocfaidh sibh ar ais ó na laethanta saoire. Nach breá an saol atá agaibh

Maith sibh! Go raibh maith agaibh.