Speeches
Nótaí Cainte an Uachtaráin, Gaelscoil Lios na nÓg, Dé Luain, 21 Meitheamh 2010
A chairde uilig, tá lúcháir orm a bheith anseo libh inniu i nGaelscoil Lios na nÓg. Ar dtús ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Róisin an Cathaoirleach agus le hÁine an Príomhoide, a thug an cuireadh dom teacht anseo. Ba mhaith liom fosta mo bhuíochas a ghabháil libh ar fad as fáilte fíor-Ghaelach a chur romham. Thaitin an dán agus an t-amhrán go mór liom, agus na rudaí iontacha a chonaic mé. Caithfidh mé a rá gur chuir mé spéis ar leith sa taisceadán ama. Sin smaoineamh an-mhaith ar fad.
Feicim gur na daltaí móra atá anseo sa halla. Deir na múinteoirí liom go bhfuil sibh an-chliste. An bhfuil sé sin fíor? An ndéanann sibh an obair bhaile gach oíche? An maith libh obair bhaile? Ní maith liomsa obair bhaile ach oiread. Seo an rud a dhéanfaidh mé: seo ordú ón Uachtarán. Ní bheidh aon obair bhaile ag daltaí Lios na nÓg anocht... ná oíche amárach. An bhfuil sibh sásta leis sin?
Tá cuma álainn ar an áit. Tá gach rud geal agus ag glioscarnach. An raibh sibh ag obair go dian don lá seo? Tá a fhios agam go ndeirtear nach gach lá a thagann an tUachtarán ar cuairt; ach ní gach lá a fhaigheann an tUachtarán deis teacht chuig áit atá chomh stairiúil agus chomh tábhachtach leis seo.
Ar feadh leathchéad bliain, ó lár an naoú haois déag, bhí an teach seo i seilbh daoine a raibh luí acu leis an Bhreatain agus le gach rud Briotanach. Aontachtaithe a bhí iontu; daoine ar nós William Lecky agus Bartholomew Mosse, beirt scoláirí móra idirnáisiúnta na linne. Ansin, sa bhliain naoi déag is a hocht, cheannaigh Pádraig Mac Piarais an teach agus bhunaigh sé Scoil Éanna anseo; an chéad scoil dhátheangach do bhuachaillí sa tír. I measc na múinteoirí, bhí beirt eile de laochra Éirí Amach na Cásca: Liam Mac Piarais agus Tomás Mac Donnchadha. Ansin nuair a bhog Scoil Éanna amach, bhunaigh Louise Gavan Duffy Scoil Íde anseo; an chéad scoil dhátheangach do chailíní sa tír. Anuas air sin ar fad, tá an chéad Ghaelscoil a bhí riamh in Éirinn suite san áit a mbíodh seanghairdín an tí seo – sea, Scoil Bhríde béal dorais.
Feictear dom go raibh baint ag an teach seo ó thús le cúrsaí oideachais. Agus feictear dom fosta go raibh daoine ón dá thraidisiún mhóra in Éirinn compordach anseo. Níl iontas ar bith, mar sin, go bhfuil Lios na nÓg oscailte do gach traidisiún agus go bhfuil daoine ó mhórán tíortha agus cúlraí éagsúla agaibh anseo. Deirtear liom gur bhuaigh sibh duais náisiúnta "Building for the Future" as feabhas idirchultúrachas na scoile. Ba mhór an t-éacht é sin. Tréaslaím an bua libh.
Tá atmaisféar álainn sa scoil seo agus tá an chuma oraibh go bhfuil sibh ar fad sona sásta. Dúirt Pádraig Mac Piarais go raibh na trí bliana a chaith sé anseo ar na blianta ba shona ina shaol. Nuair a chuala mé faoin scoil seo ar dtús, shíl mé go raibh an t-ainm thar a bheith deas: Lios na nÓg. Ansin fuair mé amach gur seanchara dom, Seán Ó Casaide – athair an ghrúpa cháiliúil sin, Na Casaidigh – a bhaist Lios na nÓg ar an scoil. Bhí Seán mar bhall den choiste bunaithe. Tá ard-mholadh ag dul don choiste sin a bhunaigh an scoil, chomh maith le Cumann Theach Feadha Cuileann a shábháil an teach seo nuair a bhí droch-chaoi amach is amach ar an áit.
Tá moladh ar leith ag dul don Choiste Pleanála agus Tógála as a bhfuil déanta acu chun an foirgneamh álainn stairiúil seo a athchóiriú agus a mhéadú. Agus, a chairde, caithfidh muid ár méara ar fad a thrasnú. An bhfuil a fhios agaibh cén fáth? Níos déanaí inniu, gheobhaidh muid amach an bhfuil gradam ailtireachta náisiúnta buaite agaibh. Tá na hailtirí Anthony King agus Paddy Fletcher ar bís. Tá gach duine ar bís. Agus tá mé féin ar bís chomh maith.
Má bhuann sibh an gradam seo, cuirfidh sé le liosta mór fada gradam agus duaiseanna atá buaite agaibh ó tháinig sibh ar an saol ceithre bliana déag ó shin. Ní amháin go bhfuil sibh ilchultúrtha i nGaelscoil Lios na nÓg, tá sibh spórtúil agus thar a bheith ealaíonta fosta. Tá duaiseanna náisiúnta buaite ag daltaí Lios na nÓg san fhilíocht agus sa ghrianghrafadóireacht, agus tá an ceathrú brat glas faighte agaibh i mbliana. Bhuaigh sibh comórtas mór Chumann na mBunscol sa pheil an bhliain seo caite agus tá camógaíocht agus iomáint ag dul go tréan. Chomh maith leis sin ar fad, cuidíonn sibh go mór le páistí bochta anseo in Éirinn trí charthanachta éagsúla, agus cothaíonn sibh páistí san Afraic i Scoil na Réaltaí Beaga i Ghana. Is fiú agus is cóir dúinn bheith ag smaoineamh orthu siúd nach bhfuil mórán de mhaoin an tsaoil acu. Tréaslaím an obair seo go mór libh.
Ní trí thimpiste a tharlaíonn spiorad iontach mar seo a bheith ag scoil. Tagann sé ó na múinteoirí díograiseacha atá agaibh, ó fhoireann iomlán na scoile, ó na tuismitheoirí a thacaíonn le gach a dtéann ar aghaidh, agus go háirithe ón duine a stiúrann gach rud agus a choinníonn gach rud ag dul ar aghaidh: an príomhoide. Tá an t-ádh dearg oraibhse go bhfuil Áine Nic an tSíthigh i mbun na scoile seo. Tá an bhean cheart san áit cheart ag an am ceart chun Gaelscoil Lios na nÓg a stiúradh isteach sa dara céad bliain d'oideachas Gaelach i Ranallach.
Tá daltaí Ghaelscoil Lios na nÓg ag fáil scoth an oideachais, agus leis an bhéim atá ar na healaíona sa scoil tá traidisiúin chultúrtha na tíre slán sábháilte sa cheantar seo go ceann tamaill eile. Is minic a chloiseann muid go bhfuil Éire ar bharr liosta idirnáisiúnta droch-rudaí, agus is mór an trua é sin. B'fhearr liom go mór go bhfaighimis aitheantas cuí don obair iontach atá ar siúl i scoileanna ar nós Lios na nÓg, mar is cinnte go bhfuil a leithéid d'aitheantas tuillte agaibh. Comhghairdeas leis na daltaí, le foireann iomlán na scoile, leis na tuismitheoirí agus go háirithe le hÁine.
Mo mhíle buíochas libh arís as bhur gcineáltas agus mo mhíle comhghairdeas libh as an obair iontach atá ar siúl anseo. Go maire sibh nuaíocht an fhoirgnimh álainn úir seo. Tá mé cinnte go mbeadh an Piarsach agus Louise Gavan Duffy an-sásta le Gaelscoil Lios na nÓg agus le gach a bhfuil ar siúl agaibh chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn. An Piarsach féin a dúirt: "Tír gan teanga, tír gan anam." I gcás Ghaelscoil Lios na nÓg, thig linn a rá gan aon amhras go bhfuil idir theanga agus anam go flúirseach agaibh. Guím rath agus raidhse oraibh agus ar bhur saothar sna blianta atá romhainn.
Go raibh maith agaibh.




