Speeches
Nótaí Cainte an Uachtaráin, Searmanas Bronnta Teastas Ionad Áise, Réidh na nDoirí, 29 Bealtaine 2010
Go raibh míle maith agat, a Mháire. Dia daoibh, a chairde. Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad go maith? An dtuigeann sibh mo chuid Gaeilge? An bhfuil sé rud beag aisteach libh? Bhuel, beidh cúpla focal Béarla agam ar ball, agus má shíleann sibh go bhfuil mo chuid Gaeilge aisteach… fan go gcluinfidh sibh mo chuid Béarla.
Ba mhaith liom míle buíochas a ghabháil le Coiste MFG – Meitheal Mhúscraí a thug cuireadh dom teacht anseo inniu. Tá lúcháir orm a bheith libh ag bronnadh na dteastas agus míneoidh mé daoibh cén fáth:
Nuair a chinn mé go dtabharfainn faoin dara téarma in Áras an Uachtaráin, is é an téama a cheap mé don tréimhse sin ná cuimsitheacht nó inclusiveness, agus ar an ábhar sin is breá liom a bheith in ann tacú le grúpaí a bhfuil sé mar chuspóir acu an dara seans a thabhairt do dhaoine i gcúrsaí oideachais. Tá clú agus cáil bainte amach ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta as a bhfuil déanta acu chun traenáil agus oideachas breise a chur chun ar fáil i naoi réigiún Gaeltachta i seacht gcontae. Tá Meitheal Mhúscraí mar chuid den eagraíocht iontach seo. Nuair a bhí an ceanncheathrú le tógáil, roghnaigh an coiste é sin a dhéanamh sa sráidbhaile is lú de chuid bailte Mhúscraí: anseo i Réidh na nDoirí.
Mar a mbeifeá ag súil leis sa cheantar seo a bhfuil cáil na hoibre deonaí air, ba iad baill an choiste áitiúil a chaith dua agus deora ag tógáil na háite seo ón talamh aníos sa bhliain naoi déag nócha a hocht. Taobh istigh de thrí bliana, b'éigean síneadh a chur leis.
I would like to acknowledge the efforts of four people in particular, without whom the Ionad Áise would never have become a reality: Pat Uí Chríodáin, who can't be with us today; Máire Uí Thuama; Máire Uí Laoire; agus Con Ó Ceallaigh – ar dheis Dé go raibh a anam – whose wife Frankie we met earlier today.
In Múscraí, the Education and Training Programme receives additional support from the Back to Education Initiative of the Department of Education and Skills. The programme is then tailored to local needs by the staff here under the direction of the Coiste. It is a quality-assured FETAC centre up to level 6, giving an opportunity to everyone to avail of educational and training opportunities at an appropriate level.
Bronnadh teastais ar bhreis agus seachtó duine anseo inniu, ach ba mhaith liom triúr ar leith a lua. These three achieved full level 5 certification in Childcare. Is iad Máire Uí Mhurchú, Noreen Mc Carthy agus Kathleen O'Callaghan. Agus, dar ndóigh, ní miste focal molta a thabhairt dá múinteoir Pat Murphy.
D'aithin an Coiste go raibh daoine ar leith sa cheantar nach raibh in ann páirt iomlán a ghlacadh i saol an phobail anseo: daoine le míchumais áirithe, ach le hiliomad cumas chomh maith. Agus mar is dual do phobal nach mbeadh sásta le grúpa a bheith fágtha ar an imeall, tugadh cuireadh dóibh teacht le chéile san Ionad Áise, féachaint cad ba mhaith leo a dhéanamh dóibh féin. Ag an chéad chruinniú sin gineadh An Grúpa Comhchumais. Is le déanaí a d'athraigh siad teideal a ngrúpa go dtí Muintir na Gréine – ainm álainn samhailteach.
Is iad baill Mhuintir na Gréine ná Marguerite, Martin, Helen, Gobnait, Síle, Máire, Emma agus Neasa – agus deir siad go bhfuil fáilte is fiche i gcónaí roimh bhaill nua. Tá an t-ádh dearg oraibh sa cheantar seo go bhfuil ealaíontóirí den scoth in bhur measc. Duine acu seo is ea Maura Whelan.
Dúirt Maura go mba mhaith léi ceardlanna ealaíne a dhéanamh le Muintir na Gréine. Ar ball, feicfidh sibh toradh a gcuid oibre, nuair a nochtfaidh mé an mosaic álainn atá cruthaithe acu. Tá pictiúr de feicthe agam, ach tá mé ag súil go mór leis an saothar a fheiceáil ina steillbheatha: leacán le saothar gach uile dhuine ann, agus an rud iomlán faoi stiúir Maura.
Is é atá ann, a chairde, ná cuimsitheacht bheo bheathach; eiseamláir don tír uilig den mhéid is féidir a dhéanamh le samhlaíocht, le cur chuige agus le croí mór maith. This is inclusiveness at its very best: a perfect example to the whole country of what can be achieved with imagination, generosity and perseverance. Cuireann sé i gcuimhne dom dán álainn a scríobh duine eile de mhórealaíontóirí Mhúscraí: an file Seán Ó Ríordáin:
Ní Ceadmhach Neamhsuim
Níl cuil, níl leamhan, níl beach,
Dar chruthaigh Dia, níl fear
Nach dualgas dúinn a leas,
Níl bean:
Ní ceadmhach neamhshuim
A dhéanamh dá n-imní;
Ansin críochnaíonn sé an dán leis na línte is deise:
Níl áit ar fud na cruinne
Nach ann a saolaíodh sinne.
Is léir go raibh dúil ar leith ag Ó Ríordáin san inclusiveness; go raibh sé ar maos i spiorad na meithle, mar atá muintir Mheitheal Mhúscraí – gach duine ag brath ar a chéile. Ar scáth a chéile a mhairimid, agus gura fada mar sin muid.
Tréaslaím bhur dteastais libh, a chairde; agus tréaslaím bhur saothar libh, a Mhuintir na Gréine. Comhghairdeas libh uilig agus comhghairdeas le bhur múinteoirí agus bhur stiúrthóirí.
Go raibh maith agaibh.




