Speeches

« Back to Speeches

Nótaí Cainte an Uachtaráin, MFG - Meitheal Mhúscraí, Óstán Ghobnatan, Baile Mhúirne, 29 Bealtaine 2010

Go raibh míle maith agat, a Mháire, as fáilte agus fiche a chur romham féin agus mo chéile Máirtín; agus go raibh maith agaibh ar fad, a chairde, as fáilte chaoin Chorcaíoch a chur romhainn.

Tá lúcháir orm a bheith anseo libh inniu i mBaile Mhúirne chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair phobail agus an obair dheonach iontach atá ar siúl sa cheantar seo. Caithfidh mé a rá gur baineadh siar asam nuair a chuala mé go bhfuil breis agus céad grúpa dá leithéid ag feidhmiú sa cheantar seo, ina bhfuil cónaí ar cheithre mhíle duine.

Mar is eol do chuid agaibh, úsáidim an focal meitheal go minic. Is breá liom an focal, agus is breá liom an coincheap. Is nós é atá seanbhunaithe i gcultúr na hÉireann; nós a d'fhan linn fiú i rith an drochshaoil – nó b'fhéidir go háirithe i rith an drochshaoil. Ní miste dúinn an nós sin a chaomhnú agus a fhorbairt: cairde ag teacht i gcabhair ar chairde agus comharsana ag cuidiú le comharsana. Bhí géarghá leis sa tír seo cúpla uair le bliain anuas, agus ní raibh caill ar bith ar mhuintir na hÉireann nuair a bhí an mheitheal de dhíth.

Sílim nach bhfuil áit ar bith in Éirinn a bhfuil nós na meithle níos láidre ann ná mar atá sé anseo i Múscraí. Tá an taispeántas atá feicthe agam ionadaíoch de shráidbhailte an cheantair seo, mar atá Baile Mhúirne agus Baile Mhic Íre; Béal Atha'n Ghaorthaidh; Cill na Martra; Cúil Aodha agus Réidh na nDoirí. Agus tá an taispeántas ionadaíoch den chúram a dhéanann sibh don chultúr agus don oidhreacht anseo; de chúram na n-aosach agus na hóige; den obair a dhéanann sibh le cúrsaí spóirt, le tithíocht shóisialta, le fiontar, le forbairt phobail, agus le go leor leor eile. Ní miste dom a rá go dtugann muintir Mhúscraí aire mhaith dá chéile; agus nach mór an méid é sin le bheith ábalta a rá.

The word meitheal is one of my favourite words. There is no single word in English which conveys the sense of community involvement and care that is an intrinsic part of the meitheal. I think this area has a special claim on the word. The concept of the meitheal is long-established here, and thankfully, it is as strong today as ever it was. The exhibition which details the voluntary work of the people of Múscraí is very impressive. It gives a very clear picture of the work you are doing with the young and the not so young; with social housing, community development, sport, enterprise, and the preservation and promotion of your wonderful heritage of music, story, song, dancing and literature.

Ní féidir liom teacht isteach sa cheantar seo gan tagairt a dhéanamh d'áilleacht an cheoil agus do shaibhreas na litríochta i Múscraí. Ó thaobh an cheoil de, ní miste dom muintir Uí Riada a lua agus a bhfuil curtha acu le saibhreas ceoil na hÉireann. Ó thaobh na litríochta de, ní miste dom seanchara de mo chuid féin a lua: cé nár casadh Seán Ó Ríordáin orm riamh, mothaím go bhfuil aithne agam ar an fhear ó thaisce a chuid dánta, agus mothaím cairdeas leis ón phléisiúr atá faighte agam as a chuid filíochta. Deirtear liom go ndúirt sé mar gheall ar a dhán álainn Saoirse, gurbh é an dán ab ansa leis féin. Agus féach gur ag caint faoi phobal na háite seo a bhí sé nuair a dúirt sé gur thug sé gean a chroí go fíochmhar

Don mhórgacht imeachta is tíochta,

Don chearrbhachas istoíche,

Don bheannachtain…

Don chomhthuiscint, don chomh-seanchuimhne

Don chomhiompar, comhdhaoine,

Don chom-mhacrud.

Bhí Seán Ó Ríordáin mar dhlúthbhall den phobal seo, mar a bhí laochra eile an cheoil agus na litríochta, agus mar atá laochra an lae inniu fosta. Ní baol don spiorad cruthaitheach sna glúine atá le teacht, a bhuíochas sin do shaothar na ngrúpaí deonacha i Múscraí a bhfuil cúram chultúr agus oidhreacht na háite mar sprioc acu.

Ba mhaith liom tagairt speisialta a dhéanamh d'obair na ngrúpaí atá ag plé le daoine sa cheantar seo atá ar an ghannchuid, nó ar an imeall, nó a bhfuil riachtanais ar leith acu. Tá sibhse i ndiaidh difríocht mhór a dhéanamh do shaol an-chuid daoine, go háirithe dóibh siúd a bhí scartha beagáinín ón phobal.

Ní bheinn in ann dul fríd ainm gach grúpa pobail agus gach grúpa deonach i gceantar Mhúscraí chun buíochas a thabhairt daoibh ceann ar cheann, ach tuigim nach ar mhaithe le buíochas ná le haitheantas a thosaíonn daoine ar obair mar seo. Ach bíodh a fhios agaibh é seo: is mór liom an obair atá ar siúl agaibh ar fad, agus ag bhur leithéid fud fad na hÉireann. Níl a fhios agam cén staid ina mbeadh an tír seo gan na grúpaí pobail agus na grúpaí deonacha. Tá traidisiún ársa uasal de chúram againn in Éirinn, agus tá grúpaí Mhúscraí mar sheod lonrach sa traidisiún sin.

People don't get involved in community work or in voluntary activities for thanks. Yet, it is important that we acknowledge the efforts of all these people who make such a difference to life in Ireland. Without them, this country would be a very different place. We don't want to imagine what life would be like in our beloved country without the input of so many volunteers. We have a long and proud tradition of the lámh chúnta in Ireland – of giving the helping hand, and the people of Múscraí can take their rightful place as shining examples of the great tradition.

Is sibhse, agus bhur leithéid, a chuideoidh le daoine teacht fríd na deacrachtaí eacnamaíochta atá againn sa tír. Tá sé déanta agaibh cheana sa dúiche seo – níos mó ná uair amháin. Is iomaí dúshlán atá romhaibh amach, ach is iomaí dúshlán atá sáraithe agaibh cheana.

Guím sonas agus fad saoil oraibh, a oibrithe uaisle, agus guím beannacht agus bláth agus bhur gcuid oibre. Nár laga Dia sibh.

« Back to Speeches

President Seán T.O Ceallaigh addresses the joint session of the U.S. Congress, 1959
President McAleese speaks at Brdo Castle, Lubljana, Slovenia during the state visit, 2001.
President McAleese speaks to students at St. Joseph's Junior National School, 2000.