Speeches

« Back to Speeches

Nótaí Cainte an Uachtaráin, Ionad Cultúrtha Mhúscraí, Baile Mhúirne, 29 Bealtaine 2010

Go raibh maith agat, a Sheáin. Agus go raibh míle maith agaibh ar fad, a chairde, as fáilte cheolmhar Chorcaíoch a chur romham féin agus mo chéile Máirtín. Míle buíochas le Bríd Cranitch as cuireadh a thabhairt dom a bheith libh inniu chun Féile na Bealtaine a cheiliúradh. Tá lúcháir orm go bhfuil mé in ann a bheith i láthair. Is áis iontach é don cheantar seo an tIonad cultúrtha, áit a mbíonn daoine ó chian is ó chóngar in ann ealaín agus ealaíontóirí den scoth a fheiceáil agus a chloisteáil.

Bhí an tsiamsaíocht sin ar fheabhas ar fad. Nach agaibhse atá an saibhreas ceoil agus amhránaíochta. Bhí mé thar a bheith tógtha leis na ceoltóirí ag an doras. Caithfidh go bhfuil Síle Uí Chróinín anseo an-bhródúil ar fad as a hiníon Nell – Nell an Bhéil Bhinn. Agus dar ndóigh bhí mo sheanchara Iarla Ó Lionáird ag canadh chomh binn blasta agus a chan sé riamh. Ní hamháin sin, ach chan sé an t-amhrán is ansa liom dá chuid: Eleanor Plunkett, le tionlacan álainn ó Bhríd. Amhránaí idirnáisiúnta atá ann, agus cáil air dá réir. Bhí muid ar cuairt stáit le chéile. Thug Iarla blaiseadh beag d'áilleacht cheol Mhúscraí do na daoine thar lear – ó Nua Eabhrac go An Nua-Shéalainn – agus is iad a bhí faoi dhraíocht aige.

Nach raibh Cór Chúil Aodha agus Peadar Ó Riada thar barr? Thaitin an t-amhrán go mór liom: dán de chuid Dhónail Uí Liatháin, le ceol de chuid Pheadair féin. Tá clú agus cáil ar Pheadar mar chumadóir agus mar cheoltóir ar fud an domhain, mar aon le Cór Chúil Aodha, agus ní nach ionadh. Grúpa iomlán ealaíontóirí a eascraíonn as tobar saibhir amhránaíochta Mhúscraí.

Is léir go bhfuil obair mhór déanta agus á déanamh i gcónaí anseo ag Bríd, ag Síle Uí Chróinín agus ag Eoiní Ó Súilleabháin – an triúr atá fostaithe san Ionad, agus a bhfuil jab iontach á dhéanamh acu féin agus ag tiománaithe na háite seo: An Coiste Cultúrtha. Tá feoil curtha acu ar an fhís a bhí ag daoine cosúil le Micheál Ó Lionáird, athair Iarla, an chéad lá riamh. Cuireann siad ealaín agus cúrsaí ealaíne d'ardchaighdeán os comhair an phobail trí mheán na Gaeilge. Tugann siad deis fosta d'ealaíontóirí ón Ghaeltacht, agus taobh amuigh den Ghaeltacht, a gcuid saothair a roinnt le pobal Mhúscraí, agus cuireann siad fócas ar fáil do phobal an cheantair le go bhfaigheann siad blaiseadh ar na healaíona traidisiúnta, clasaiceacha agus comhaimseartha.

San Ionad Cultúrtha seo, faigheann an pobal seans a bheith páirteach le healaíontóirí sa phróiseas cruthaitheach trí ranganna, ceardlanna agus imeachtaí amharclainne; agus i dtaispeántais damhsa agus dearc-ealaíne. Chomh maith leis sin, tá tuiscint le fáil ar fhoirmeacha ealaíne nach mbeadh taithí ag mórán daoine orthu.

Thar rud ar bith eile, músclaíonn Bríd agus a foireann spéis sna healaíona san aos óg, agus gineann siad mórtas cine agus bród san oidhreacht chultúir i ndaoine óga an cheantair. Cothaíonn siad grá don dúchas agus forbraíonn siad inniúlacht daoine óga in ealaíona traidisiúnta saibhre Mhúscraí le scéimeanna ar nós Aisling Gheal, a bhfuil Liadh Ní Riada ina bhun. Tá Nell Ní Chróinín ina heiseamláir don óige, agus í fós an-óg í féin. Bhí an inniúlacht, an paisean agus an bród le mothú go láidir ina cuid amhránaíochta ar ball.

Is é an t-aos óg an acmhainn is luachmhaire atá againn, agus dá réir sin ní miste dúinn gach deis agus gach áis a thig linn a chur ar fáil dóibh. Bhí tuiscint ar leith ag an seanfhile anaithnid a scríobh Comhairle don Duine Óg ar riachtanais daoine óga:

Ná caith do shaol díomhaoin,

Is ná lig an tslí thar ceal;

Óir an tslat nuair a chruann le haois,

Is deacair a shníomh ina gad.

Bailigh glaneolas go cruinn

Is coinnigh gach ní ina cheart;

An glór a bhogann an croí

Is é a thaitníonn le Rí na bhFeart.

Agus muid ag díriú ar riachtanais daoine óga, is furasta dearmad a dhéanamh ar riachtanais na ndaoine a bhí óg blianta fada ó shin. (Agus níl mé ag caint fúm féin anseo!) Molaim go mór iad siúd a oibríonn sna hionaid lae: i gCuan Barra i mBéal Átha'n Ghaorthaidh, agus i gCois Cille i gCill na Martra. I mí na Bealtaine ceiliúrann muid inniúlacht daoine aosta, daoine cruthaitheacha croíúla críonna. Caithfidh mé a rá go dtugtar an-aire, sa cheantar seo, do chruthaíocht an aosaigh. Agus ní miste dom lucht Tacaois a mholadh go hard as an obair a dhéanann siad chun buanna lucht sinsearach an cheantair a fhorbairt go healaíonta, go háirithe Bernadette Ní Choitir agus Pauline Dodds.

Leis na pictiúir áille agus an cheolchoirm iontach, thiocfadh liom fanacht anseo an lá ar fad. Cá háit eile a bhfaighfeá an oiread sin daoine atá chomh sár-oilte ina sainchumais? Daoine atá ar maos i dtraidisiún a sinsear? Daoine atá sásta dua mór a chaitheamh chun a gcuid buanna a fhorbairt agus a snasú? Daoine atá sásta a gcuid buanna a roinnt go fial le daoine eile? Cá háit eile, ach i Múscraí?

Molaim sibh go mór a mhuintir an Ionaid Cultúrtha agus gach duine a raibh páirt acu in eagrú na hócáide áille seo. Guím fad saoil oraibh, a Bhríd, a Shíle agus a Eoiní, agus ar na daoine ar fad a bhíonn ag múineadh agus ag tacú libh. Comhghairdeas leis na healaíontóirí ar fad agus le lucht Tacaois.

Go raibh míle maith agaibh.

« Back to Speeches

President Seán T.O Ceallaigh addresses the joint session of the U.S. Congress, 1959
President McAleese speaks at Brdo Castle, Lubljana, Slovenia during the state visit, 2001.
President McAleese speaks to students at St. Joseph's Junior National School, 2000.