Speeches

« Back to Speeches

Nótaí Cainte an Uachtaráin, Ceiliuradh 75 Bliain, Ráth Chairn, 11 Bealtaine 2010

A chairde,

Tá lúcháir orm a bheith anseo i Ráth Chairn Glas na Mí le bheith páirteach libh sa cheiliúradh speisialta seo. Go raibh míle maith ag daltaí an Naíonra, daltaí na Bunscoile agus daltaí na Meánscoile as an taispeántas iontach. Molaim na daltaí agus na múinteoirí go mór. Agus go raibh míle maith agaibh ar fad as fáilte chaoin Ghaelach a chur romham féin agus mo chéile Máirtín.

Mar a deir siad i mBaile Átha Cliath: "Seo an Ghaeltacht ar leac an dorais"; ach ní raibh Gaeltacht i gcónaí anseo. Seachtó cúig bliain ó shin a tháinig an chéad ghrúpa de mhuintir na Gaeilge aniar ó chóstaí Chonamara. Tá cuid acu siúd fós linn, agus fós beo beathach, buíochas le Dia. Is iad siúd a chuir síos fréamhacha na Gaeilge san ithir thorthúil seo. Bhí an saol dian orthu sa bhliain naoi déag tríocha a cúig. Bhí siad uaigneach. Bhí a gcroí fós i gConamara, ach thuig siad go mbeadh deis níos fearr ag an chéad ghlúin eile anseo i gContae na Mí.

Ach ní haon Tír na nÓg a bhí i Ráth Chairn. Fuair na daoine amach go luath sna blianta tosaigh sin nach mbeadh deis ach ag duine amháin clann a thógáil ar fheirm bheag, agus b'éigean do go leor den mhuintir óg bóthar a bhualadh arís. Ar feadh i bhfad, ba í an Scoil Náisiúnta an t-aon áis Ghaeilge a bhí ar fáil don phobal; ach d'fhan an pobal dílis don Ghaeilge. Níl dabht ar bith ach gurb í an dílseacht sin don teanga an láidreacht is mó agaibh mar chomhluadar. Choinnigh sibh an lóchrann lasta in am an dorchadais.

Tá líne san amhrán álainn sin Maidin Luain Cincíse: "Grá mo chroí na Laighnigh; is sibh a las an tine bheo." Is sibhse na Laighnigh a choinnigh an tine bheo. Bhí oraibh troid ar son achan rud atá agaibh, fiú stádas Gaeltachta nach bhfuair sibh go dtí naoi déag seasca a seacht, i ndiaidh feachtais a d'eagraigh Craobh Cearta Sibhialta na Gaeltachta Ráth Chairn.

Nuair a bhunaigh sibh an Comharchumann bhí sé soiléir go raibh sibh ar an bhealach ceart. Tháinig an tÁras Pobail go gairid ina dhiaidh sin agus an seomra caidrimh le ceadúnas beáir, a thug áit do dhaoine teacht le chéile go sóisialta. Bhrúigh an Comharchumann scéimeanna eile ar aghaidh – scéimeanna a chuidigh go mór le pobal Ráth Chairn: grúp-scéim uisce, forbairt na bportach, breis talaimh do na feirmeoirí, seomraí do ranganna Gaeilge, tús le cúrsaí Gaeilge do scoileanna agus ollscoileanna.

Is breá liom an t-amhrán a scríobh Ciarán Ó Fátharta: Amhrán Ráth Chairn, go háirithe an véarsa ina gcuireann sé síos ar an todhchaí:

Tá go leor le déanamh fós,

Ach tógfaidh sé roinnt am'.

De réir a chéile tógfar séipéal,

Is beidh an tAifreann Gaeilge ann,

Beidh an mhuintir thiar ag téacht aniar,

Le scléip is spórt is spraoi,

Is beidh fáilte is féasta roimh gach éinne,

I Ráth Chairn Glas na Mí.

Tá an todhchaí sin ann anois. Tá an séipéal tógtha; tá meánscoil ann; siopa agus bialann agus páirc imeartha; tá tithe saoire ar fáil; tithe do na daoine aosta; stiúideo agus ionad taispeántais; lárionad fiontraíochta agus oifigí chun eagrais Ghaeilge a mhealladh chun na Gaeltachta.

Ach bhí an ceart ar fad ag Ciarán nuair a dúírt sé go bhfuil go leor le déanamh fós. Tá a fhios agam go bhfuil sé mar rún agaibh Ionad Tríú Léibhéal trí Ghaeilge a fhorbairt anseo agus go bhfuil ranganna dioplóma sa Ghaeilge le tosú i bhfómhar na bliana seo. Molaim sibh go mór as gach a bhfuil bainte amach agaibh, agus go háirithe as gach a bhfuil déanta agaibh chun an Ghaeltacht seo a dhéanamh beo agus bríomhar.

Caithim féin tréimhse sa Ghaeltacht gach uile bhliain chun mé féin a thumadh arís i dtobar mo dhúchais. Is rómhaith atá a fhios agam go bhfuil na Gaeltachtaí faoi bhrú, ach thar rud ar bith eile, ní féidir linn ligean don tobar sin dul i ndísc. Dar ndóigh, is i gCúige Uladh a chaithimse an t-am speisialta sin gach bliain – áit a bhfuil an Ghaeilge binn agus blasta!

Níl dabht ar bith ach go bhfuil éacht déanta ag muintir Ráth Chairn le seachtó cúig bliain anuas, ón am a thug bunaitheoirí na Gaeltachta seo, i bhfocail Risteard de Hindeberg, "fuil a gcroí agus smior a gcnámh chun an Ghaeilge a chosaint". Tá áit ar leith ag caomhnóirí na teanga i stair na hÉireann agus i gcroí na nGael. Tréaslaím bhur gcomóradh libh.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom tagairt bheag eile a dhéanamh d'Amhrán Ráth Chairn, nó is é an guí atá agam daoibh an guí céanna atá sna línte deireanacha:

Beidh an t-aos óg a thiocfas fós

Ag insint ár scéil faoi

Is beidh an Ghaeilge bheo le fáil go deo,

I Ráth Chairn Glas na Mí.

Go maire sibh an céad agus go raibh míle maith agaibh.

« Back to Speeches

President Seán T.O Ceallaigh addresses the joint session of the U.S. Congress, 1959
President McAleese speaks at Brdo Castle, Lubljana, Slovenia during the state visit, 2001.
President McAleese speaks to students at St. Joseph's Junior National School, 2000.